Finghin mac Aodha Dhuibh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fíngen mac Áedo Duib)
Infotaula de personaFinghin mac Aodha Dhuibh
Beathaisnéis
Bás618
Rí na Mumhan
601 – 618
← Amalgaid mac Éndai, Garbán mac ÉndaiCathal mac Áedo → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMór Mhumhan Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMáenach mac Fíngin Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínFailbhe Flann mac Aodha Dhuibh

Rí na Mumhan den Eoghanacht Chaisil ba ea Finghin mac Aodha Dhuibh (Sean-Ghaeilge Fíngen mac Áedo Duib), a fuair bás sa bhliain 618.[1] Fionnó an iar-rí, Féilimí mac Aonghasa ba ea é.[2] Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Amhalaidh mac Éanna sa bhliain 601.

Níltear ar aon ghuth sna hannála maidir lena réimse agus réim Aodha Bheannáin mhic Criomhthainn (bás 618) den Eoghanacht Locha Léin. Tugtar an teideal Rí na Mumhan dóibh beirt i nAnnála Tiarnaigh, ach deirtear gur tháinig Finghin i gcoróin i ndiaidh Amhalghaí sa bhliain 601.[3] I nAnnála Inis Faithlinn, ní raibh ach ag Aodh an teideal úd.[4]

Bhí réimse rathúil ag Finghin:[5]

Mumha in aimsir Finghin mhic Aodha, lán ba ea a stórais, torthúil ba ea a fearainn.

De réir an seanscéal Mór Mumhan agus Anbhás Chuana mhic Ailchine, bhí sé pósta ar dtús le bean na nDéise ach níos déanaí phós sé Mór Mumhan (bás 636), iníon Aodha Bheannáin. Dúradh gurbh í an bhean is áille in Éirinn í Mór Muman. Phós sise in am trátha comharba Fhinghin, Cathal mac Aodha (bás 627).[6]

Bhí mealladh na mban i bhFighin, mar is léir sa sliocht a leanas ón Saltair Caisil:

Fíngen, fiachmhar, beo,
Ráscánta, calma trí istríd,
Caoin agus séimh i leith ban,
Faraoir! i snaidhm grá feistithe.

Bhí beirt mhac aige le Mór, mar a bhí Seachnassach agus Maonach (Rí Mhumhan, bás 661).[7] Sliochtach i bhfad ba ea Feilimí mac Criomhthainn (bás 847).

Cineál Finghin (Cenél Fíngin) a glaodh ar a mhuintir díreach, agus deirtear go bhfuil ina mheasc clann Uí Shúilleabháin agus a bhfo-chlann Mhic Giolla Chuda.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • CELT: Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Sioncronachtaí Mhic Cártaigh, eagrán athbhreithnithe Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
  • Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, Ginealaigh Eoghanachta

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. gach dáta de réir The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 12
  3. Annála Tiarnaigh, AT 601.5, 618.3, 618.4
  4. Annals of Innisfallen AI 619.1,620.2
  5. Byrne, lch. 206
  6. Byrne, ll. 204-205
  7. Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, Eoghanacht Genealogies Excerpt From The Book of Munster, [1] via archive.org