Maonach mac Finghin
Cuma
(Athsheolta ó Máenach mac Fíngin)
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 661 |
Rí na Mumhan | |
641 – 661 ← Cúán mac Amalgado – Cathal Cú-cen-máthair → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Athair | Finghin mac Aodha Dhuibh |
Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Maonach mac Finghin (Sean-Ghaeilge Máenach mac Fíngin) (bás 661[1]). Finghin mac Aodha Dhuibh (bás 618), iar-rí, ba ea a athair,[2] agus Mór Mumhan (bás 636), iníon Aodha Bheannáin mhic Criomhthainn d'Eoghanacht Locha Léin, a mháthair.[3] Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Chúán mac Amhalghadha sa bhliain 641.[4] Níl tuairisc ar bith faoi le fáil sna hannála. Athair rí Mumhan níos deireanaí, Cormac mac Ailealla (bás 713), ba ea a mac, Aillil.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála Inis Faithlinn
- An Leabhar Muimhneach, Rev. Eugene O'Keeffe
- Sioncronachtaí Laud
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings
- The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
- ↑ Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 12
- ↑ An Leabhar Muimhneach, Rev.Eugene O'Keeffe, a deir fosta gur rí é a dheartháir Seachnasach, cé nach bhfeictear é i bhfoinsí eile
- ↑ Tugtar réimeas ach aon bhliain déag dó i Sioncronachtaí Laud.