Cúán mac Amalgado

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCúán mac Amalgado
Beathaisnéis
Bás641
Rí na Mumhan
639 – 641
← Failbhe Flann mac Aodha DhuibhMáenach mac Fíngin → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairAmalgaid mac Éndai

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Áine ba ea Cúán mac Amhalaí (Sean-Ghaeilge Cúán mac Amalgado) (bás 641[1]). Amhalaidh mac Éanna (bás 601), iar-rí, ba ea a athair.[2] Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar succeeded Fhailbhe Flann mac Aodha Dhuibh sa bhliain 639.

Ní tuairiscítear eachtra ar bith dá réimeas, cé go bhfuil lua ann do rí Muman leis an ainm Cúán mac Éndai. Insítear gur maraíodh é ag Cath Charn Chonaill, ina comhghuaillí Ghuaire Aidne mhic Colmáin (bás 663) na gConnacht, clóite ag Diarmaid mac Aodha Sláine as Breá. Tharla an cath sa bhliain 649, rud a théann in aghaidh dáta a bháis, agus diúltaíonn Oll. Byrne an scéal dá bharr. Insíonn Seathrún Céitinn an scéal seo, le hainm ceart an rí, agus tugann sé réimeas deich mbliana dó.[3]

Bhí mac amháin aige a bhfuil aithne air, Maol Umha (Máel Umae), athair Eidirscéil (bás 721), rí Mumhan.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 13
  3. Tugtar réimeas 10 mbliana do i Sioncronachtaí Laud fosta


Réamhtheachtaí
{{{roimh}}}
{{{teideal}}} Comharba
{{{tar éis}}}