Eterscél mac Máele Umai
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 721 (Féilire Ghréagóra) |
Rí na Mumhan | |
696 – 702 ← Finguine mac Cathail – Cormac mac Ailello → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Áine |
Páiste | Cathussach mac Eterscélai |
Rí na Mumhan d'Eoghanacht Áine ba ea Eidirscéal mac Maoil Umha (Sean-Ghaeilge Eterscél mac Máele Umai (bás 721[1]). Cúán mac Amalgado (bás 641), iar-rí, ba ea a sheanathair.[2]
Tá mearbhall ann sna hannála maidir leis féin agus Ailill mac Cathail Con-gan-mháthair (bás 701). Feictear iad beirt mar ríthe sa seanscéal Seanchas Fála Chaisil,[3] ach níl ach Eidirscéal luaite i Sioncronachtaí Laud agus an Leabhar Laighneach. Faightear fianaise le réimeas Ailealla and sna hannála. Feictear Eidirscéal mar rí na Mumhan ina shínitheoir Cháin Adhamhnán ag Biorra sa bhliain 697.[4]
De réir an Leabhair Mhuimhnigh, bhí Uisneach, deartháir Eidirscéil, ina rídhamhna na Mumhain. Mharaigh Eidirscéal é de ghráin agus éad, agus tháinig seisean ina rí in ionad Uisnigh.[5]
D'éirigh sé as a choróin timpeall na bliana 702[6] tar éis réimis sé bliana.[7] Bhí a mhac, Cathussach, níos deireanaí ina rí na Mumhan ón mbliain 742.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, LS folio 150a, Fland cecinit.
- An Leabhar Muimhneach, Rev.Eugene O'Keeffe
- Sioncronachtaí Laud
- The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
- T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings
- Cáin Adomnáin, eag. & aistr. Kuno Meyer, Oxford: Clarendon Press, 1905
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ dátaí as The Chronology of the Irish Annalsle Daniel P. McCarthy
- ↑ Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 13
- ↑ Byrne, lch. 188
- ↑ Cáin Adomnáin, eag. & aistr. Kuno Meyer, Oxford: Clarendon Press, 1905
- ↑ An Leabhar Muimhneach, Rev. Eugene O'Keefe - Eoghanacht Genealogies
- ↑ Byrne
- ↑ Sioncronachtaí Laud