Cathussach mac Eterscélai

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathussach mac Eterscélai
Beathaisnéis
Bás769
Rí na Mumhan
742 – 769
← Cathal mac FinguineMáel Dúin mac Áedo → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairEterscél mac Máele Umai

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Áine Cathasach mac Eidirscéil (Sean-Ghaeilge Cathussach mac Eterscélai) (bás c. 769). Eidirscéal mac Maoil Umha (bás 721), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí a mhuintir suite in oirdheisceart Chontae Luimnigh, ag Cnoc Áine gar de mhainistir Imligh i gContae Thiobraid Árann.

Sna seachtú agus ochtú haoiseanna, dáileadh ríogacht na Mumhan i measc na rítheaghlach de chiorcal istigh na nEoghanacht.

Ní thuairiscítear nó a réimeas nó a thásc sna hannála Éireann. Dar le Sioncronachtaí Laud, tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht Cathal mac Finghin (bás 742) d'Eoghanacht Ghleanndamhnach sa bhliain 742, agus bhí sé i réim le 27 bliain.

Ní dhéantar tagairt do Chathasach agus eachtraí a tharla le linn a réimis á thaifeadadh. Sa cheantar Chlíu (oirthear Chontae Luimnigh agus cuid de Chontae Thiobraid Árann), tharla cath sa bhliain 744 inar maraíodh Chonchúr, rí Uí Fiodhghinte as Luimnigh.[2] Cé go raibh muintir Cathasaigh ina gcónaí ar theorainn Chliú, ní fios ar throid seisean sa chath, nó b'fhéidir miondreamanna an cheantair ag cúr i gcoinne smachtú Uí Fiodhghinte. Sa Tuadhmhumhain i gContae an Chláir, scrios na Déise an Chorca Mrua sa bhliain 744, agus tharla cath idir Uí Fiodhghinte in éadan na Corca Mrua agus na Corca Baiscinn sa bhliain 763.[3] Ba é folús cumhachta a fágadh de bharr meath Uí Fiachrach Aidhne na gConnacht a bhí faoi bhun coimhlint pholaitiúil an cheantair.

Sa bhliain 747, tharla Cath Charn Ailche idir fir na Mumhan, inar maraíodh Cairbre mac Con Díonaisc, ball d'Eoghanacht Locha Léin leath-neamhspleách.[4] Tharla Cath Cheann Fabrat (gar de Chnoc Suí Finn, Contae Luimnigh), arís idir fir na Mumhan, sa bhliain 757, inar maraíodh Bobdgal, uachtarán Mhungairit (mainistir gar de Chathair Luimnigh).[5] Ní fios cé a bhuaigh, agus is deacair é mar thoradh coimhlint cumhachta na linne seo a thuiscint. Tá a fhios againn áfach, gur briseadh monaplacht an chiorcail istigh ag an gcéad comharbacht eile, nuair a tháinig Maol Dúin mac Aodha i réim.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh
  • Sioncronachtaí Laud
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 13
  2. Annála Uladh, AU 744.4
  3. AU 744.8, 763.9
  4. AU 747.8
  5. AU 757.5