Máel Dúin mac Áedó
- do mhac Aodha Alláin, féach Máel Dúin mac Áedo Alláin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 786 |
Rí na Mumhan | |
769 – 786 ← Cathussach mac Eterscélai – Ólchobar mac Duib-Indrecht → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Locha Léin |
Rí na Mumhan b'fhéidir d'Eoghanacht Locha Léin ba ea Maol Dúin mac Aodha (Sean-Ghaeilge Máel Dúin mac Áedo) (bás 786). Aodh Beannán mac Conaing (Áed Bennán mac Conaing) (bás 733), rí Iarmhumhan ba ea a athair, agus Aodh Beannán mac Criomhthainn (bás 618), a bhí b'fhéidir ina rí na Mumhan, a shin-sin-seanathair.[1]
Iarmumhain ba ea áit dúchais Eoghanacht Locha Léin, leath-neamhspleách ar an gciorcal istigh ag Caiseal. Tháinig Máel Dúin i gcoróin san Iarmumhain b'fhéidir sa bhliain 747, nuair a maraíodh Cairbre mac Con Dínisc ag Cath Carn Ailche idir fir na Mumhan.[2]
Bhris a theacht i réim an dáileadh cumhachta i measc ciorcal istigh na nEóganacht. Cuireadh cor sna taifeadaí san 8ú tar éis réimeas an rí cumhachtaigh, Cathal mac Finguine (bás 742). Ní fheictear comharba Chathail, Cathussach mac Eterscélai, ach sna ríliostaí. I Sioncronachtaí Laud, tugtar réimeas 27 bliain dó, agus más fíor, bheadh deireadh a réim sa bhliain 769. Sna hannála, Feictear Maol Dúin agus gníomhach rinne seo, ach ní fheictear é sna ríliostaí.
Feictear Maol Dúin ar dtús in 757 i nAnnála Tiarnaigh don bhliain 757, nuair a tuaiscirt gur mharaigh sé Camascach, Rí na Uí Fhailí sa Laigean, agus tugtar an teideal rí Muman dó.[3] Tá Annála Inis Faithlinn (foinsí ar son na Mumhan) agus Annála Uladh (príomhfhoinse) ina dtost maidir leis an scéal seo.
Feictear Maol Dúin arís i 'Annála Inis Faithlinn don bhliain 766. Chloígh sé fir Uí Fiodhghinte agus Ara Cliach as Contae Luimnigh ag Cath Énboth Breg.[4] Ní thugtar teideal dó san iontráil seo. Is é a thásc sa bhliain 786 an lua deireanach faoi. I nAnnála Uladh, ní thugtar dó ach an teideal rí Iarluachrach (rex Irlochre), cé go tugtar rí Muman dó i nAnnála Inis Faithlinn.[5]
I rith a réimis, rinne an tArdrí Donnchadh Mí de Chlann Cholmáin feachtas sa Mhumhain isteach sa bhliain 775, ag déanamh léirscriosta agus ag marú go leor fir na Mumhan. Rinne an tArdrí feachtas eile an bhliain dár gcionn le tacaíocht ó chomhluadar mhainistir Dharú. Tharla cath riarta inar maraíodh go leor fir Mhumhan.[6]
Sa bhliain 779, tharla cogadh cathartha sa Mumhain inar mharaigh Breisléan Bhéirre (i gcríocha Chorca Laidhe) Fearghal mac Éaladaigh, rí Eoghanacht Raithlinn.[7] Ní dhéantar tagairt do Mhaol Dúin ámh maidir leis na heachtraí seo.
Tháinig Cú Chongelt mac Cairpri (bás 791) i gcomharbacht air mar rí Iarmhumham. Rinneadh rí Loch Léin dá mhac, Cobthach mac Máele Dúin (bás 833).
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Tábla 15
- ↑ Annála Uladh, AU 747.8
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 757.6
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 766.2
- ↑ AU 786.1, AI 786.1
- ↑ AU 775.5, 776.11
- ↑ AU 779.11