Iarmhumhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ríocht le linn ré luathChríostaíochta na hÉireann ab ea Iarmhumhain (Sean-Ghaeilge Iarmumu, Iarmuman), aitheanta chomh maith mar Iarluachair. Gaolta le hEoghanachta na Mumhan ab ea a rítheaghlach, faoin ainm Eoghanacht Locha Léin nó Uí Chairbre Luachra.

Bunaíodh an rítheaghlach sa 5ú haois, ag éirí leath-neamhspleách ar Chaiseal sa 6ú haois. Bhí siad i gceannas ar ríochtaí níos lú in iarrtar na Mumhan amhail is Ciarraí Luachra, Corca Dhuibhne agus Corca Laidhe, agus, ag barr a réime, ar achair in iarthar Tuamhan, san áireamh an Chorca Bhaiscinn agus an Chorca Mrua agus b'fhéidir fosta roinnt cheannais ar na hUí Fiodhghinte as Contae Luimnigh agus an Eoghanacht Raithlinn as Contae Chorcaí.

Briseadh a gcumhacht i ndeireadh an 8ú agus go luath sa 9ú haoiseanna, léirithe le haistriú an cheannais ar Chiarraí Luachra go Caiseal le linn réime of Fheilimí mhic Criomhthainn (bás 846). Faightear an teideal Rí Iarmuman don uair dheireanach i nAnnála Inis Faithlinn i n-iontráil don bhliain 791 agus i nAnnála Uladh don bhliain 833. Ina dhiaidh sin, tugadh don rítheaghlach an teideal Rí Locha Léin orthu féin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • CELT: Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Teimpléad:Munster