Cathal mac Finguine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cathal mac Finguine
rí na Mumhan

713 - 742
Cormac mac Ailello - Cathussach mac Eterscélai
Saol
Bás 742
Muintir
Athair Finguine mac Cathail
Páistí
Treibh Eoghanacht Ghleanndamhnach
Gairm
Gairm

Rí na Mumhan agus Ard-Rí na hÉireann dáiríre ba ea Cathal mac Finghin (Sean-Ghaeilge Cathal mac Finguine[1]) (bás 742). Ba bhall é d'Eoghanacht Ghleanndamhnach, clann Eoghanacht a bhí i gceannas sa Mhumhain ón 7ú go dtí an 10ú haois. Ríthe ag Caiseal roimhe ba ea a athair, uncail, sheanathair agus shin-seanathair, mar aon le Mac agus gharmhac leis.

Tuairiscítear go mion sna hannála Éireann an choimhlint idir Cathal agus ríthe Uí Néill, Fearghal Mac Maoil Dúin, Flaithbheartach mac Loingsigh agus Aodh Allán mac Fearghail Mac Maoil Dúin. Ní hionann leaganacha an tuaiscirt agus an deiscirt. Feictear Cathal freisin mar phearsa, ní i gcónaí ar bhealach tuisceanach, i scéalta amhail is Aislinge Meic Con Glinne, ina raibh diabhal craois istigh ann, chomh maith le roinnt scéalta Meán-Ghaeilge próis agus filíochta eile.

Meastar go forleathan gurb é Cathal an rí Éireann is cumhachtaí den chéad leath den 8ú haois, agus an rí stairiúil na Mumhan is láidre roimh Brian Bóramha.[2] Creidtear gurb é an rí deireanach luaite sa ríliosta, Buile Choinn.[3] Ba é Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh (bás 639) rí stairiúil na nEoghanacht is leathnaithí roimh Chathal.

Tosca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Learscáil le mórcheantair agus ríochtaí na hÉireann luathChríostaí.[4]

Bunaíodh ríogacht na nEoghanacht, agus a príomhchathair ag Caiseal agus príomheaglais ag Imleach, i lár na 5ú haoise ag muintir Chonaill Choirc agus Aimend, "ciorcal istigh" na nEoghanacht, a tháinig i gceannas ar Corca Laidhe sa Mhumhain.

Agus na hEoghanachta i gceannas sa deisceart, bhí géaga éagsúla Uí Néill agus Connachta i gceannas sa tuaisceart. Cé go raibh an ard-ríogacht ársa ní i bhfad roimhe sin i gceannas na Laigean agus na nUlad, agus níos faide fós na nDáirine agus na nÉarann, ag an am seo bhí clann Uí Néill ag iarraidh bheith ina n-aonar mar ríthe na Teamhrach. Dáiltí an chomharbacht de ghnáth idir géaga Uí Néill an Tuaiscirt agus Deiscirt.[5][6][7] Moladh ámh ag luath-fhoinsí na Mumhan, m.s. an Uraicecht Becc,[8] gurbh é ríogacht Chaisil an ceann is cumhachtaí i nÉirinn.

Le cead bliain agus ceathrú go dtí bás Chathail, bhí Eoghanacht Chaisil agus Eoghanacht Ghleanndamhnach i gceannas ar ríogacht Chaisil.[9][10] Bhí críocha na nGleanndamhnach suite siar ó dheas de Chaiseal, i lár ghleann na Dubhabhann.[11] Ríthe na Mumhan uile ba ea athair Chathail, Finguine mac Cathail (bás 696), a uncail, Ailill mac Cathail (bás 701), a sheanathair, Cathal Cú-cen-máthair (bás 665/666) agus a shín-seanathair, Cathal mac Áedo (bás 628).[9]

Is dóigh gurbh é comharba díreach Chathail ná Cormac mac Ailello d'Eoghanacht Chaisil, a maraíodh le linn catha in éadan na nDéise sa bhliain 713.[12] Cé ná nach fuair an t-iar-rí, Eterscél mac Máele Umai, bás go dtí an bhliain 721,[13] is dóigh gur éirigh sé as a choróin i bhfad níos luaite, agus mar sin, go raibh Cathal ina rí Chaisil ón mbliain 713 ar aghaidh.[14]

Cé go raibh clanna Uí Néill agus Eoghanacht na rítheaghlaigh is tábhachtaí i nÉirinn, ríogacht ar suntasacha ba ea ríthe na Laighean agus ríthe na gConnacht. Bheadh tionchar ar leith ag an gcoimhlint ar son na Laighean, le linn réimeas Chathail, agus i rith na gcéadta ina dhiaidh, ar chaidreamh idir na hEoghanachta agus Uí Néill. Bhí chomhghaol maíte ag na Connachta i leith Uí Néill, agus de ghnáth fabhrach leo. Maidir leis an ríogacht eile, ríocht na nUladh, ní raibh ach achar i bhfad níos lú faoina ceannas, teoranta don chuid is mó do thailte taobh thoir de Loch nEathach agus den Bhanna, agus de ghnáth naimhdeach le muintir Uí Néill.[15] Mar bhuille scoir, i gcúige mór fairsing na Mumhan féin, bhí roinnt rítheaghlach imeallach, amhail is Uí Liatháin, a bhí gaol sách éiginnte agus i bhfad amach acu leis na hEoghanachta.

Luath-réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Don bhliain 715 is ea a fheictear an chéad tagairt do Chathal, cé nach n-ainmnítear é go follasach him, nuair a rinne Murchad mac Brain Mut of the Uí Dúnlainge, rí na Laigean, a ruathar tionscnaimh ar Chaiseal.[16][17][18] Faightear an chéad imeacht a dhéanann trácht ar Chathal féin don bhliain 721, nuair rinne é féin agus Murchadh ionsaí ar thailte Uí Néill an Deiscirt. Deirtear i nAnnála Uladh:

Uastatio Maighi Breg du Cathal m. Finnguine & do Murchad m. Brain.
Scriosadh Mhaigh Bhreá ag Cathal mac Finguine agus Murchadh mac Brain."[19]

Níos deireanaí sa bhliain úd, bhain Fergal mac Máele Dúin díoltas amach, ní as Cathal agus an Mumhain, ach as Murchadh agus na Laighin. Deir Annála Uladh:

Innred Laighen la Fergal & maidm[20] inna Boraime & naidm n-aggiallne Laghen fri Fergal mc. Maile Duin.
Ionradh Laigean ag Fearghal agus snaidhm[21] bóramha agus snaidhm gialla Laigean le Fearghal mac Maoil Dúin."[19]

Óir go ndearna Fearghal ionsaí ar na Laighean mar chúiteamh as Breá, b'fhéidir é go raibh Cathal, mar a mholadh Irwin, "an páirtí sóisearach".[22]

I nAnnála Inis Faithlinn, chomh claonta ar son an deiscirt mar atá Annála Uladh ar son Uí Néill, tugtar tuairisc éagsúil agus níos lú iontaofa faoina himeachtaí a tharla sa bhliain 721:

Indred Breg la Cathal mc. Finguine, rí Muman; ocus is iar sein dorónsat síd ocus Fergal mc. Maíl Dúin, rí Temrach, & giallais Fergal do Chathul. Ar it h-é .u. ríg ro gabsat[23] h-Erind iar cretim do Mumnechaib, .i. Oengus macc Nad Fruich & a mc., .i. Eochaid, qui Hiberniam rexit .xuii. annis, ocus Cathal mc. Finguine ocus Feidlimmid macc Crimthain ocus Brian mc. Cennetich.
Ionradh Bhreá ag Cathal mac Finguine, rí Mumhan, agus i ndiaidh sin rinneadh síocháin aige agus ag Feargal mac Maoil Dúin, rí na Teamhrach; agus ghéill Feargal do Chathal. Is iad seo na cúig ríthe do fir na Mumhan who ruled i nÉirinn tar éis an chreidimh, .i. Aonghas mac Nadh Fraoigh, agus a mhac, .i. Eochaidh a bhí i réim i nÉirinn le 17 bliain, agus Cathal mac Finguine, agus Feilimí mac Criomhthainn, agus Brian mac Cinnéidigh.[24][25]

Chuaigh Fearghal arísó dheas i gceannas arm an Uí Néill i Laighin isteach sa bhliain 722, ach cloíodh agus maraíodh é an uair úd. Insítear an scéal sa dán Cath Almaine (Cath Alúine),[26] a troideadh ar an 11ú Nollaig 722. Sa réamhrá, tugtar dearcadh déanach an chogaidh:

Baí cocad mór iter Chathal mac Findguine & Fergal mac Maíli-dúin fri ré fota... Docrech Laigniu trá Fergal mac Maíli-dúin ar ulcuib fria Cathal mac Findgaine. Roairg dno Cathal mac Findgani Mag m-Breg uili co n-dernsad síd & comosad[27]
Bhí cogadh mór idir Cathal mac Finguine [rí Leath Mhogha] agus Fearghal mac Maoil Dúin [rí Leath Choinn] le ré fada... Chreach Fearghal mac Maoil Dúin na Laigin chun olc (a dhéanamh) ar Chathal mac Findguine. Scrios Cathal mac Finguine Maigh Bhreá uile go ndearna siad síocháin agus fosadh.

Bhris na Laigin an sos cogaidh:

A nn-écmais dno Cathail meic Findgaine rofhersad[28] Laigin in cath-sa Almaine, & rob olc ria Cathal in cath do cur ina aémais fén, & ad-cualadar Laigin grúg Cathail do beith riu, conad h-í comairli do-rónsad. Ceann Fergail do breith co Cathal da commaídeam[29] in gníma
In éagmais Chathail mhic Fhinguine thug na Laigin an cath seo Alúine, agus b'olc do Chathal an cath do chur ina éagmais féin, agus chuala na Laigin grúg[30] Chathail ina n-éadan, seo an chomhairle a shocraigh siad, Ceann Fhearghail do bhreith go Cathal mar chaithréim an ghnímh.

Cathal agus Uí Néill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bhás Fhearghail, tháinig Fógartach mac Néill de Shíol Aodha Sláine as Deisceart Bhreá, i gcomharbacht ar ríogacht na Teamhrach. Tháinig a réimeas chun críche sa bhliain 724 nuair a maraíodh é ag troid in éadan a ghaoil, Cináed mac Írgalaid as Tuaisceart Bhreá, a rinneadh rí ruireach Uí Néill de.[31]

Ní raibh Cináed ina rí ruireach ach le ceithre bliana, nuair a maraíodh é ag Cath Dhroim Corcain in éadan rí Cineál Chonaill, Flaithbheartach mac Loingsigh, a tháinig ansin i gcomharbacht air.[32] Ní raibh Flaithbheartach féin i réim ach le cúpla bliain sular thug Aodh Allán mac Fearghail mhic Mhaoil Dúin de Chineál Eoghain a dhúshlán é le haghaidh cheannas Uí Néill. Throid siad roinnt cathanna ón mbliain 732 ar aghaidh, go dtí gur ghéill Flaithbertach agus chuaigh sé i mainistir isteach sa bhliain 734.[33][34]

Agus ríthe Uí Néill, Fógartach, Cináed agus Flaithbheartach, ag troid eatarthu féin, rinne Cathal iarracht a cheannas a bhrú ar na Laigin. Sa scéal Cath Almaine, insítear gur tharla achrann toisc gur maraíodh Fearghal mac Maoil Dúin in ainneoin sos cogaidh déanta le Cathal.

Cloíodh Cathal ag Aodh mac Colgain Uí Chinnsealaigh, rí ansin na Laighean Leinster, sa bhliain 731,[35] agus cloíodh go tóin arís é sa bhliain 735:

Bellum inter Mumain & Laigniu ubi multi di Laignibh & pene innumerabiles de Mume perierunt, in quo Ceallach m. Faelchair, rex Osraighi, cecidit, sed Cathal filius Finnguine, rex Muman, euassit.
Cath idir Mumhain agus Laigin, inar maraíodh go leor na Laigean agus fir na Mumhan gan áireamh; thit Ceallach mac Faolchair, rí Osraí, ach d'éalaigh Cathal mac Finguine, rí Mumhan.[36]

Sa bhliain 733, rinne Cathal creach ar thailte Uí Néill an Deiscirt, ach cloíodh é agus cuireadh an ruaig air as Tailte ag Domhnall Mí de Clann Cholmáin. D'éirigh le Cathal ámh ag Tlachtga in éadan Chlann Cholmáin Bhig, i gceannas Fhallomain mhic Con Congalt. Sa bhliain 734, chloígh Cathal na Laigin ag Bealach Eile.[37]

Cathal agus Aodh Allán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 737, bhuail Aodh Allán le Cathal ag Tír Dhá Ghlas, is dócha ar thalamh neodrach don bheirt. Deir Byrne nach dócha é gur aithin Cathal údarás Aodha — ba bheag an tionchar a bhí ag Uí Néill sa deisceart — ach dá mbeadh Cathal ag súil le leas éigin ón gcruinniú, bheadh díomá air.

Is amhlaidh ámh go raibh cléirigh Ard Mhacha rí-shásta, óir go n-insítear i nAnnála Uladh, san iontráil i ndiaidh tuairisc an chruinniú, go raibh Cáin Phádraig i bhfeidhm i nÉirinn. Is dócha dá bharr gur shocraigh siad áit speisialta i gcaitheamh na heaglaise, a cuid tailte agus tionóntaí, mar atá ordaithe sa Cháin.

Mór Mumhan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seanscéal fós ar marthain a deir gur bhandia flaithis í Mór Mumhan.

Cuireadh Mór faoi dhraíocht agus chaill sí a chuimhne. Chuaigh sé ar fána that ar Éirinn le dhá bhliain siar tháinig sí go cut abb rí, Finghin, i gCaiseal. Luigh Finghin léi faoi dheireadh, agus tháinig a chuimhne ar ais. Ar maidin, thug Fingen fallaing agus dealg na banríona di, agus thóg sé í féin mar bhanríon in ionad a chéile reatha, iníon rí na nDéise, óir gur de phór níos uaisle í.

Insítear sa Dinnseanchas Aoí faoi Fingen agus Mór:

Is ferr d'andrib Inse Fáil
Mór, ingen Aéda Bennáin.
Ferr Fíngen inná cech fer
immarédi dar Femen.
Is fearr de mhná Inis Fáil
Mór iníon Aodha Bheannáin.
Níos fearr Fingen ná gach fear
a théann thar Femen.[38]

Nuair a fuair Finghin bás, phós Mór Mumhan 'Cathal mac Finguine', de réir an scéil. Seo botún le bailitheoir an scéil, a thóg Cathal in amhlachas a sheanathar, Cathal mac Aodha Fhlainn. D'fhéadfadh é gur phós eisean Mór; is cinnte é nár phós Cathal mac Finguine í.[39]

Teaghlach agus clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Finguine mac Cathail ba ea a athair, Ailill mac Cathail a uncail, Cathal Cú-cen-máthair a sheanathair, agus Cathal mac Áedo sin-seanathair leis. Artrí na ea mac leis, agus Tnúthgal mac Artrach garmhac. Seachas a gharmhac, déantar tagairtí iontaofa ar cách úd sna hannála mar ríthe Caisil.

Is amhlaidh gur de mhuintir Uí Liatháin, comharsana ó dheas na nEoghanacht Gleanndamhnach, ba ea a mháthair, Gormgel.[40]. Cailleach, beanfhlaith mór le rá Uí Liatháin (ach de ghéag eile ná a mháthair), ba ea bean stairiúil Chathail.[41][42]

Is iad an chlann Uí Chaoimh as Contae Chorcaí a shleachta díreacha inniu, trí Art Caomh, fionnó Artrach mhic Cathail. Tá sleachta fós ar mharthain sa 21d aoisfreisin ag a iníon daughter, Taileflaith.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ETYMOLOGY OF THK PRINCIPAL GAELIC NATIONAL NAMES PERSONAL NAMES AND SURNAMES, MacBain
  2. Mac Shamhráin 2005
  3. Mac Shamhráin agus Byrne 2005, ll. 210–12
  4. Duffy, lch. 17, agus Byrne, ll. 172–173.
  5. Forbairt na nEoghanacht agus Uí Néill: Duffy, ll. 18–19
  6. Ríliostaí agus ginealaigh Uí Néill: féach Byrne, ll. 275–277 & 280–284
  7. Charles-Edwards, cuid 12 & ll. 600–608.
  8. D. A. Binchy, "The Date and Provenance of Uraicecht Becc", in Ériu 18 (1958): ll. 44–54.
  9. 9.0 9.1 Ríliostaí agus ginealaigh na nEoghanacht: féach Byrne, ll. 277–279 & 291–296
  10. Charles-Edwards, ll. 612–617.
  11. Byrne, ll. 172–173.
  12. Cath Cam Feradaig, Annála Inis Faithlinn, 713; Annála Uladh, 713
  13. Annála Inis Faithlinn, 721.
  14. Irwin.
  15. Byrne, ll. 126–129.
  16. Irwin
  17. AU 715.4: Sloghadh Murchada m. Brain du Chaissil. Nós seanbhunaithe i saol na nGael ba ea ruathar tionscnaimh rí nua-insealbhaithe
  18. Ó Cróinín, lch. 99.
  19. 19.0 19.1 AU 721.6
  20. Léigh maidhm, ar eDIL
  21. snaidhm, conradh, socrú, ar teanglann.ie FGB
  22. Irwin.
  23. gaibid II (e), bheith i gceannas, ar eDIL
  24. Annála Inis Faithlinn, 721.2
  25. Tugann Irwin faoi ndeara gur iontráil den 11ú haois é seo agus "an artificial promotion of a favoured character".
  26. Cath Almaine, Recension 3, Cath Almaine and-so Yellow Book of Lecan, ar CELT
  27. com-fhosad, ≤com-fossad, fosadh, sos cogaidh, ar eDIL
  28. feraid, bronn, soláthraigh, '(cath) a thabhairt', ar eDIL
  29. commaídem, >com-maidhm, caithréim, corn, ar eDIL
  30. grúg Lit., fearg, míshástacht, ar teanglann.ie FGB
  31. Annála Uladh, AU 724.
  32. AU 728.
  33. AU 732, 733, 734
  34. Byrne, lch. 114.
  35. AU 731.
  36. AU 735.3, ach de réir Annála Inis Faithlinn 735, bhuaigh Cathal. Molann Irwin an cúr síos san AU.
  37. Annála na gCeithre Máistrí 730.
  38. Dinnseanchas Aoi, imleabhar 3, lch. 203.
  39. Byrne, ll. 204–207.
  40. Connon, lch. 319
  41. Connon, lch. 320
  42. Mac Shamhráin, lch. 69