Fógartach mac Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Fógartach mac Néill
Ardrí na hÉireann

722 - 724
Fearghal mac Maoil Dúin - Cináed mac Írgalaig
Saol
Eolas breithe Éire, 7 century
Bás Éire, 724
Muintir
Athair Niall mac Cearnaigh Sotal
Páistí
Treibh Síol Aodha Sláine
Gairm
Gairm monarc

Rí Bhreá agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Fógartach mac Néill (bás 724), ar a glaodh air scaití Fógartach Ó Cearnaigh. Ba bhall é de chlann Uí Chearnaigh de Shíol Aodha Sláine d'Uí Néill an Deiscirt. Niall mac Cearnaigh Sotail (bás 701) ba ea a athair, agus Diarmait mac Áedo Sláine (bás 665), Ard-Rí, a shin-seanathair.[1]

Rí Bhreá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gurbh ionann Fógartach agus an té "Focortoch" a shínigh mar ráthóir Cáin Adhamhnáin ag Biorra sa bhliain 697.[2] Feictear é sin chéad uair sna hannála Éireann agus é ag teitheadh ó láthair an chatha ag Claonadh sa bhliain 704, tar éis bua Ceallach Cualann (bás 715), rí na Laigean in éadan roinnt ríthe number Uí Néill an Deiscirt.[3]

Sa bhliain 714, cuireadh Fógartach as a choróin mar rí Bhreá agus d'imigh sé ar deoraíocht chuig an mBreatain.[4] Moladh é go ndearna an tArd-Rí, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722), é seo. Is níos dóichí é ámh gur thoradh é de coimhlint i measc Shíol Aodha Sláine, agus gur chuir a uncail Conall Grant (bás 718) an ruaig air, le cuidiú Mhurchadha na Mí (bás 715) de Chlann Cholmáin. Mharaigh Conall Murchadh an bhliain dár gcionn agus d'fhill Fógartach ar ais sa bhliain 716.[5]

Bhí Fógartach ina chúis achrainn éigin sa bhliain 717 ag Aonach Tailtean, air a mharaigh "mac Ruba agus mac Dubh Sléibhe", ach tá easpa comhthéacs sna hannála chun an scéal a mhíniú.[6] An bhliain dar gcionn, bhuaigh Conall ag Ceanannas in éadan chomhaontas ríthe Uí Néill an Deiscirt, ach mharaigh []Fearghal mac Maoil Dúin]] níos dearanaí sa bhliain úd.[7]

Go luath sna 720idí, bhí tailte Fhógartaigh á n-ionsaí ag ríthe na Laigean agus Cathal mac Finghin, rí na Mumhan.[8] Rinne Fearghal mac Maoil Dúin mar dhíoltas feachtais in éadan na Laigean, ach mharaigh fir na Laighean é ag Cath Alúine, ar an 11ú Nollaig 722.[9][10] Mharaigh a dheartháir Aodh Laigean sa chath seo.[11]

Ard-Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Fógartach i gcomharbacht ar Fhearghal mar Ard-Rí, ach ag Cath Cheann Deilgden, mharaigh a ghaol i bhfad amach uaidh agus a chomharba, Cináed mac Írgalaig d'Uí Chonaing as Breá Thuaidh.[12] Ba shean-aighneas é seo; mharaigh athair Cináeda athair Fógartach sa bhliain 701.[13] Ní luaitear é mar Ard-Rí ina thásc i nAnnála Uladh.

Sliochtaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc a mhac (agus a gharmhac) tá a leanas:

Bhíodh a shliochtaigh (príomhshliocht Uí Chearnaigh lonnaithe ag Loch Gabhar) agus sliochtaigh a uncail Conall Grant (Síol Chonaill Graint lonnaithe ag Calatroim) in achrann a chéile i gcomhair cheannas Bhreá Theas.[19]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín III
  2. Charles-Edwards, lch. 603
  3. Annála Uladh, AU 704.4
  4. AU 714.4
  5. Annála Tiarnaigh, AT 715.3, 716.2
  6. AU 717.6
  7. AU 718.3
  8. AU 721.6
  9. AU 722.8
  10. AT 722.7, 722.8
  11. Maíonn Annála Uladh gurbh Aodh Laigean mac Fithcheallaigh, rí Uí Mhaine é seo; maíonn Annála Tiarnaigh Aodh Laighean Ó Cearnaigh
  12. AU 724.3
  13. AU 701.11
  14. AU 716.7
  15. AU 770.9
  16. AU 738.3
  17. AU 751.2
  18. AU 771.4
  19. Charles-Edwards, lch. 572.