Cináed mac Írgalaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCináed mac Írgalaig
Beathaisnéis
Breith7 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás728 (Féilire Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
724 – 728
← Fógartach mac NéillFlaithbertach mac Loingsig → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIrgalach mac Conaing

Rí Bhreá agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Cainneach mac Iorghalaigh[1] (Sean-Ghaeilge Cináed mac Írgalaig) (bás 728), ar a glaodh Cainneach Caoch (Cináed Cáech) air.

Tosca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iorghalach mac Conaing (bás 702), iar-rí Bhreá, ba ea athair Cináed, agus Muireann (bás 748) a mháthair.[2] Ba bhall é d'Uí Chonaing as Cnóbha, de chuid Síol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt.

De réir an tsean-nóis, rugadh Cináed agus é leathchaoch, tar éis dó Naomh Adomnán maidir a chuir ar shliochtaigh a athar, or gur mharaigh sé Niall mac Cearnaigh Sotal (bás 701), ball de mhuintir a chéile comhraic, Uí Chear lomnaigh de Bhreá Theas. Bhí Muireann trom ar Chináed ag an am, agus d'impigh sí ar an naomh géilleadh. Insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann go ndúirt an naomh:[3]

’Búdh rí go demhin,’ ar sé, ‘an ghen fail id bhroinn, & as briste a leathshuil anossa tré easguine a athar.’
’Beidh sé rí, go deimhin,’ ar sé, ’an leanbh id' bhroinn, ach leathshúil aige briste de bharr eascaine a athar.’

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Cináed i gcoróin i mBreá Thuaidh ón mbliain 718, b'fhéidir tar éis bhás Amhalaidh mac Congalaigh, agus i Breá iomlán ó 724 go 728. Bhain sé ríogacht Breá agus an ard-ríogacht amach, agus Fógartach mac Néill d'Uí Chearnaigh ag Cath Cheann Deilgean (Cill Dealga b'fhéidir).[4]

Faightear imeachtaí dá réimeas i nAnnála Tiarnaigh, inar asserted a cheannas ar fud na tíre, imeachtaí nach tuairiscítear i mAnnála Uladh. Sa bhliain 725, ghabh sé na hUlaid, agus sa bhliain 726, chloígh sé na Laigin ag Cath Mhaíne.[5]

Insítear i nAnnála Uladh gur aistríodh corp Naomh Adhamhnán go hÉirinn, agus gur cuireadh Cáin Adomnáin i bhfeidhm an athuair, sa bhliain 727.[6]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 728, cloíodh agus maraíodh é le linn Chath Dhroim Corcainn (nó Druim Ciaráin, ní aithnítear an áit) ag Flaithbheartach mac Loingsigh de Chineál Chonaill,[7] a chruthaigh féin mar Ard-Rí.

Molann an staraí T.M. Charles-Edwards gur tharla concas Chiannachta Bhreá le linn réimeas Cináeda; idir an Bóinn agus an Dealbhna ag Uí Chonaing, agus idir an Delvin agus an Life ag Uí Chearnaigh.[8] Seachas Congalach Cnóbha sa 10ú haois, Ard-Rí deireanach na hÉireann den Síol Aodha Sláine ba ea é. Maraíodh a mhac, Domhnall (bás 749) ag Cath Ard Ciannachta.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. iorghalach Lit., trodach, ar teanglann.ie FGB
  2. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  3. Annála Easpacha na hÉireann, FA 150
  4. AU 724.3
  5. AT 725.5, 726.8
  6. AU 727.5
  7. AU 728.1
  8. Charles-Edwards, lch. 550-552
  9. AU 749.5