Cearnach mac Fógartaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cernach mac Fogartaig)
Infotaula de personaCearnach mac Fógartaigh
Beathaisnéis
Bás738
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairFógartach mac Néill

Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Cearnach mac Fógartaigh (Sean-Ghaeilge Cernach mac Fogartaig) (bás 738). An tArdrí, Fógartach mac Néill (died 724), ba ea a athair.[1] Feictear é mar cheannaire Uí Chearnaigh sna blianta 737-738.

Bhíodh achrann cathartha idir na clanna Uí Chearnaigh agus Uí Chonaing as Cnóbha i dtuaisceart Bhreá ó dhúnmharú sheanathair Chearnaigh, Niall mac Cearnaigh Sotal (bás 701) ag Iorghalaigh mac Conaing (bás 702).[2] Sa bhliain 737, chloígh rí Uí Chonaing Bhreá, Conaing mac Amhalaí (bás 742), Cearnach agus a ghaol, Cathal mac Aodha ag Cath Lia Ailbe ar Mhaigh nAilbe, agus maraíodh Cathal.[3]

Is amhlaidh go raibh droch-cháil ag Cearnach agus insítear i nAnnála Uladh ina thásc don bhliain 738:[4]

Cernach filius Foghartaigh a suis sceleratis sociis dolose iugulatur, quem uaccarum uituli & infimi orbis mulieres tediose fleuerunt.
Maraítear go fealltach Cearnach mac Fógartaigh ag a lucht leanúna coirpeach féin, agus caoineann fada laonna na mbó agus mná an domhain ísil.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 701.11
  3. AU 737.4
  4. AU 738.3