Jump to content

Annála Tiarnaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAnnála Tiarnaigh
CineálAnnála na hÉireann agus saothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Laidin, an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsithe iOxford, Bodleian Library, MS Rawlinson B. 488 (en) Aistrigh
Rawlinson B 502 Cuir in eagar ar Wikidata

Croinic nó leabhar oiris is ea Annála Tiarnaigh (giorrúchán AT), is dócha tosaithe i gCluain Mhic Nóis i nÉirinn. Scríobhadh iad as Laidin, agus Sean- agus Meán-Ghaeilge.

Is é Rawlinson B 502, saothar den 12ú haois, foinse go leor iontráil réamhstairiúil.[1] Is í tábhacht na hannála ámh ná na tréimhsí 489-766, 973–1003 agus 1018–1178.[1] Caomhnaítear trí bhlúirín i lámhscríbhinn den 14ú haois, Rawlinson B 488.[1] Tá na hiontráil dosna blianta 766 go 973 caillte, ach ceaptar go bhfuil achoimre dóibh le fáil sa Chronicon Scottorum (CT).[1] Cé gur lochtach é an saothar úd don tréimhse idir 718 agus 804, tá go leor dá ábhair fréamhaithe ón mbunshaothar teoiriciúil Croinic na hÉireann, agus dá bharr tá eolas againn céard a bhí ann.[1]

Tá na hannála ainmnithe as Tigernach Ua Braín, abb Chluain Mhic Nóis, ach ní hionann sin agus gurbh eisean an t-údar. Deir nóta ámh i Rawlinson B 488 don bhliain 1088, bliain a bháis, gur scríobh Tiarnach an téacs go dtí an t-am sin.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Hughes, Early Christian Ireland: Introduction to the Sources, ll. 99-162.
  2. Charles-Edwards, "Ua Braín, Tigernach (d. 1088)"