Giolla Chríost Ó Maoil Eoin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1127 |
Ab | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí, medieval historian (en) |
Teangacha | An Ghaeilge |
Staraí agus abb Chluain Mhic Nóis Giolla Chríost Ó Maoil Eoin (Gilla Críst Ua Máele Eóin).
Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh bréag-ghaol le clann Uí Bhriúin do mhuintir Uí Mhaoil Eoin, bunaithe ar:
- Maoilaíosa [mac Toirdhealbhaigh Uí Chonchúir], easpag Ros Comáin, a raibh mac aige Maol Eoin ... a quo Uí Mhaoil Eoin.
Tá an chlann níos sine ná Toirdhealbhach, ámh, ach is sean-nós atá ann ar a laghad. Dar le Pádraig Malone, cuireann an t-ainm caidreamh nó comhaontas polaitiúil in úil ag am baiste.
Abb Giolla Críost
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Giolla Chríost an duine is luaite sa chlann a bhfuil nasc aige le Cluain Mhic Nóis. B'fhéidir é gur bhfuil sé ina shinsear de gach Ó Maoil Eoin eile agus nasc acu ann.
Bhí nasc aige le Toirdhealbhach Ua Conchobhair, mar shampla sa bhliain 1124: [1]
- An cloictech mór Cluana M Nois d'fhorbudh la Gilla Crist H. Maoileóin et la Toirdealbach h. Concupair.
Trí bliana i ndiaidh sin:[2]
- Giolla Crist h. Maoileóin abb Cluana M Nois topar ecna & deirce, cenn soma & saidbriusa na hErenn, quieuit
- Giolla Chríost Ó Maoil Eoin, abb Chluain Mhic Nóis, tobair eagna agus déirce, ceann somhaoine agus saibhris na hÉireann, quieuit (d'éag).
Chronicon Scotorum
[cuir in eagar | athraigh foinse]Críochnaíonn Chronicon Scotorum faoin mbliain 1150. Meastar gur thiomsaitheoir an tsaothair é Giolla Chríost,[3] ach más fíor, is léir gur cuireadh leis am éigin tar éis a bháis.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Chronicon Scotorum, CS 1124:
- ↑ CS 1127
- ↑ George Thomas Stokes, Ireland and the Anglo-Norman Church. (1889), lch. 360