Croinic na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

An t-ainm nua-aimseartha de chnusacacht mholta annál is ea Croinic na hÉireann (Béarla The Chronicle of Ireland), ag taifead imeachtaí i nEirinn idir AD 432 agus 911.[1]

An iontráil don bhliain AD 432 i nAnnála na gCeiltre Máistrí, saothar i measc eile fréamhaithe ó Chroinic na hÉireann.

Tugadh faoi ndeara go raibh na himeachtaí ceannann céanna ag roint annál ar marthainn, ó thaobh oird and foclíóchta de, go dtí an bhliain 911, nuair a scarann siad óna chéile. San áireamh, tá Annála Inis Faithlinn, Annála Uladh, Chronicon Scotorum, Annála Chluain Mhic Nóis (aistriúchán Béarla), Annála Tiarnaigh, Annála Ros Cré, Annála Mhainistir na Búille, agus Annála Easpacha na hÉireann. Go hachomair, is réiteach scoláireacht é "The Chronicle of Ireland" d'fhadhb shionoptach Ghaelach.[2]

Formáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear imeachtaí liostaithe faoi iontrála ar leith do bhliain éigin. Níl ach abairt nó dhó sna hiontrála den chuid is mó, agus níl ann ach iontráil nó dhó le haghaidh roinnt blianta. Tuairiscítear an ruathar Lochlannach i Mhainistir Í sa bhliain 806, nuair a maraíodh an pobal go léir inti, le gontacht thipiciúil:

Muintir hIe do marbadh o gentibh .i. .lxuiii.[3]

Údair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl fianaise dhíreach ar bith ann chun údair chomharbasacha na croinice a chur in iúl, ach molann scoláirí gur scríobhadh i n-eaglaisí agus mainistreacha, le haghaidh pobail eaglasta. Tá luathfhianaise an a mholadh go raibh údar éigin i nÍ Cholm Cille am éigin tar éis 563 go dtí tuairim is 642. Tuairim is an bhliain 639, tosaíodh croinic eile in am agus áit éiginnte, agus cumascadh é le croinic Mhainistir Í sa dara leath den seachtú haois. Leanadh obair na croinice go dtí tuairim is 740.

Ó 740 go dtí 911, bhí croiniceoirí an saothair ag obair i lár na tíre, is dócha i ríocht Breá, ach b'fhéidir sa mhainistir ag Cluain Ard. Creideann roinnt scoláirí gur éirigh Ard Mhacha ina ionad na hoibre ag tús na 9ú haoise, ach pléitear an smaoineamh seo fós.

I ndiaidh na bliana 911, scar an chroinic ina dá phríomhghéag: ceann beag in Ard Mhacha, a tugadh i nAnnála Uladh isteach; agus ceann mór faoin teideal "grúpa Chluain Mhic Nóis", san áireamh The Annals of Clonmacnoise, Annála Tiarnaigh (bearnach), Chronicum Scotorum agus Annála na gCeithre Máistrí.

Abháir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairiscí báis is iad an-chuid d'iontrála na croinice. Ba mhaith leis na scríobhaithe cúis agus cáilíocht spioradálta an bháis a thuiscint chun a bhaint as an dtiocfaí go neamh nó go hifreann.

I ndiaidh 800, feictear a lán iontráil maidir le ruathair Lochlannacha. I measc iontrála eile, faightear imeachtaí réalteolaíochta, samhail is urú gréine a tharla ar an 29ú Meitheamh 512. Feictear fosta sa chroinic imeachtaí eachtrannacha. Le haghaidh roinnt tréimhsí i rith na n-ochtú agus naoú haoiseanna, is níos cruinne iad a chuid iontráil maidir le Sasanna ná an Anglo-Saxon Chronicle féin.

Modheolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a deir Dan Mc Carthy, is éard an scéim a fhaightear sa Chroinic ná "kalend (Kl), agus ina dhiaidh, go dtí lár na seachtú haoise ar a laghad, an dáta feria 1ú Eanáir". Bunaithe ar chroinic Rufinus Aquileia, a bhí ag scríobh sa luath-5ú haois, atá an scéim seo, maraon le han-chuid de chuir síos na Croinice ar stair an domhain roimh an mbliain 400.[4]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Roy Flechner, '"The Chronicle of Ireland: Then and Now" Early Medieval Europe v.21:4(2013)422-54 Article
  2. "The Historicity of the Early Irish Annals".
  3. Chronicon Scotorum, Annal CS806.
  4. Dan Mc Carthy, '"The Chronology and Sources of the Early Irish Annals", Early Medieval Europe v.10:3(2001), ll. 323-41, Achoimriú)