Éiclips

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Urú na gréine)
Grianghraf d'Urú na Gréine i 1999.
Espoo, An Fhionlainn, 2015

Tarlaíonn urú na gréineéiclips nuair a bhíonn treo na gréine agus na gealaí in aon líne leis an domhan. Mar sin, tagann an ghealach idir an ghrian agus an domhan.

De réir mar a ghluaiseann an Ghrian, an Ghealach is an Domhan tríd an spás, caitheann an Ghealach i Íár báire scáil thar chonair thanaí fhada trasna an Domhain. Bíodh is go bhfuil an ghealach 400 oiread níos lú ná an ghrian, de bhrí go bhfuil sí timpeaIl 400 oiread níos cóngaraí dúinn, is féidir léi an ghrian iomlán a chlúdach agus bac a chur le gach pioc den solas uaithi.[1] Tarlaíonn i réimsí áirithe den domhan ó uair go chéile.

Oregon, 21 Lúnasa 2017
físeán imeacht ama, Capitol Mall, Salem, 21 Lúnasa 2017

Léirmheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní ligeann an ghealach do sholas na gréine an réimse sin den domhan a bhaint amach. Plána Fhithis an Domhain agus plána fithis na gGealaí - is uillinn chlaonta a dhéanann siad le chéile. Dá bharr sin ní hí gach uile mhí a thagann an ghealach idir an domhan agus an ghrian.

Is mó faoi 400 an ghrian ná an ghealach. Is cóngaraí faoi 400 an ghealach don domhan ná don ghrian. Is féidir leis an ngealach radharc na gréine a mhúchadh ar fad orainn, agus bac dá réir sin a chur ar an solas go léir uaithi.

Le linn di a bheith idir an domhan agus an ghrian, caitheann an ghealach lánscáil ar chonair thanaí fhada trasna an domhain. An lánscáil sin, bíonn sí na mílte ciliméadar ar fad, agus timpeall cúpla céad ciliméadar ar leithead. Taobh istigh den lánscáil sin a bhíonn an t-urú iomlán.[1] Díreach timpeall na lánscáile, bíonn réimse níos leithne fós den Domhan mar nach mbíonn an t-urú iomlán, agus bíonn leathscáil ansin.

Minicíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is annamh a tharlaíonn urú na gréine. De bhrí go bhfuil uillinn chlaonta idir plána fhithis an Domhain is plána fhithis na Gealaí, ní théann an Ghealach díreach idir an Domhan is an Ghrian gach mí. Ach tarlaíonn éiclips uair amháin áit éigin ar Domhan timpeall gach bliain go leith.

Bíodh is go mbíonn urú áit éigin ar domhan gach uile bhliain go leith, ní fhilleann urú na gréine ar an áit chéanna ach uair in aghaidh na dtrí chéad bliain.

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caithfear a bheith an-chúramach ag féachaint ar an ngrian mar is féidir leis an ngrian na súile a ghortú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tharla urú na gréine in Éirinn sa bhliain 1999.
  • Tharla urú na gréine 20 Márta 2015 in Éirinn idir 9.00 agus 10.30 ar maidin. Ar an drochuair, bhí an spéir an-scamallach an lá sin.
  • Ní bheidh ceann eile in Éirinn go dtí 2026.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.