Plána (matamaitic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, dromchla a luíonn gach pointe ar an líne ar an dromchla má cheanglaíonn líne dhíreach aon dá phointe air. Is comhthreomhar aon dá phlána, nó buaileann siad le chéile ar feadh líne dírí. Is féidir plána a shainmhíniú go hiomlán le 3 phointe nach bhfuil ar líne dhíreach, nó le pointe amháin sa phlána agus an treo ingearach leis an bplána. Is í cothromóid ghinearálta plána i gcomhordanáidí dronuilleogacha Cairtéiseacha (x, y, z) ná ax + by + cz + d = 0, mar a bhfuil a, b, c is d ina dtairisigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Plána". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 522.