Síol Aodha Sláine
Cuma
De shliocht Áed Sláine mhic Dhiarmada mhic Cearbhaill ba ea Síl nÁedo Sláine ríthe Bhreá. Cuid d'Uí Néill an Deiscirt, mhaígh siad go raibh siad síolraithe ó Níall Noígíallach agus a mhac, Conall Cremthainne.
Roimh bás Cináed mac Írgalaig sa bhliain 728, bhí gach rí Uí Néill síolraithe ó Dhiarmaid mac Cearbhaill (ach amháin b'fhéidir Óengus mac Colmáin) ina mbaill de Síl nÁedo Sláine. Tar éis na bliana sin, bhí Clann Cholmáin Mór i gceannas ag Uí Néill an Deiscirt, agus ní raibh ach Congalach Cnogba amháin den tSíl nÁedo Sláine ina Ard-Rí na hÉireann, agus garmhac agus nia Chlann Colmáin ba ea éisean.
Bhí cúigear mhac ag Áedo Sláine.
- Uí Chonaing ba ea sleachta Congal mac Áedo Sláine, ainmnithe as a mhacsa Conaing Cuirre. Bhí an géag seo i gceannas ar Chnóbha, sin é tuaisceart Bhreá. I measc a bhall suntasach, bhí Cináed mac Írgalaig (Ard-Rí; bás 728), Cináed mac Conaing (bás 851) agus Congalach Cnogba (Ard-Rí; bás 956).
- Diarmait mac Áedo Sláine ba ea sinsear an mórghéag eile, a bhí i gceannas ar dheisceart Bhreá óna bpríomhchathair, Loch Gabhair. Thóg siad an sloinne Ó Cearnaigh, ainmnithe as Cearnach mac Diarmada. I measc a bhall suntasach bhí Fogartach mac Néill (Ard-Rí; bás 724) agus Conall Grant (bás 718).
- Bhí beirt mhac ag Blathmac a bheadh ina nArd-Ríthe, agus iad Seachnassach agus Cenn Fáelad.
- De shleachta Dhúnchada, ní raibh ach a mhac, Fínsnechta Fledach, ina phearsa shuntasach.
- Bhí an Síl nDlúthaig ainmnithe as mac Ailealla Chruitire, ach ba miondream, but é seo.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press.
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- O'Brien, Michael A (1962). "Corpus Genealogiarum Hiberniae": 160–1., Genealogies for the Síl nÁedo Sláine of Brega