Jump to content

Blathmac mac Aodha Sláine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBlathmac mac Aodha Sláine
Beathaisnéis
Breith7 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás665

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPlá
Ardrí na hÉireann
658 – 665
← Conall mac Maoil Chobha, Ceallach mac Maoil ChobhaSeachnassach mac Blathmaic →
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSeachnassach mac Blathmaic, Ceann Faoladh mac Blathmaic Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh Sláine
SiblínCongal mac Áedo Sláine

Ard-Rí na hÉireann ba ea Blathmac mac Aodha Sláine (Sean-Ghaeilge Blathmac mac Áeda Sláine) (bás 665), de réir annála Éireann. Aodh Sláine ba ea a athair.

Muintir Aodha Sláine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dreamanna agus ríochtaí i luathstair na hÉireann.

Seanathair Bhlathmaic ba ea Diarmaid mac Cearbhaill, bunsinsear Uí Néill an Deiscirt, a bhí i gceannas in Éirinn ó dheireadh na 6ú haoise go dtí teacht chun cinn Bhriain Bhóramha sa 11ú haois. Glaoitear Síol Aodha Sláine ar mhuintir athair Dhiarmada. Ríthe Bhreá ba ea an Síol, agus bhí Cnoc Teamhrach, áit a insealbhaíodh Ard-Ríthe Éireann, suite laistigh dá gcuid tailte. Seachas b'fhéidir Aonghas mac Colmáin, ba bhall de Shíol Aodha Sláine iad gach rí Uí Néill de shliocht from Diarmaid mac Cearbhaill, go dtí bás Cináed mac Írgalaig sa bhliain 728.

I measc dreamanna eile síolraithe ó Dhiarmaid, tá Clann Cholmáin, nó níos cruinne, Clann Cholmáin Mór, a tháinig chun cinn in ionad Síol Aodha Sláine ó lár na 8ú haoise, agus Caílle Follamain nó Clann Cholmáin Bhig, níos lú tábhachtach.

Deirtear go raibh Aodh Sláine féin ina Ard-Rí, i gcomhréim le Colmán Ríomhaí de Chineál Eoghain, tar éis bhás Aodha mhic Ainmhirigh. Fuair Aodha Sláine bás c. 604, rud a deirtear gur thug Naomh Colm Cille tuar faoi. Deirtear go raibh roinnt mac ag Aodh, san áireamh Blathmac féin, Diarmaid (bás 665), Congal (bás 634), Ailill (bás 634), and Dúnchadh (bás 659). Ar duine desna mic níos óige ba ea Blathmac.

Domhnall agus Congal[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na ríliostaí, bhí Congal agus ansin Ailill ina ríthe Bhreá, ach maraíodh an bheirt ag Conall Guthbhinn mac Suibhne de Chlann Cholmáin sa bhliain 634. I ndiaidh sin, rinneadh chomh-ríthe de Bhlathmac agus a dheartháir, Diarmaid. Mharaigh Diarmaid Conall Guthbinn "i dtigh mac Nadh Fraoigh", de réir Annála Uladh, sa bhliain 635. Sa bhliain chéanna, chloígh Diarmaid Clann Cholmáin Bhig i mbun chatha ag Cúil Caoláin, áit a maraíodh Maol Uma mac Aonghasa mhic Colmáin.

Le linn an ama seo, bhí coimhlint idir Domhnall mac Aodha de Chineál Conaill agus rí na gCruithne, Congal Caoch, le taobh na hArd-Ríogacht. Sa chomhrac casta seo, bhí Blathmac agus Diarmaid i gcomhaontas Domhnall. Throid siad i dteannta a chéile ag Cath Mhaigh Rath, áit a maraíodh Congal.

Ard-Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh nach raibh fhios go cruinn ag tiomsaitheoirí na n-annál Éireann cé a tháinig i gcomharbacht ar Dhomhnall mac Aodha i ndiaidh a bháis sa bhliain 642. Deirtear i nAnnála Uladh don bhliain 643:

Hic dubitatur quis regnauit post Domhnall. Dicunt alii historiagraphi regnasse .iiii. reges, .i. Cellach & Conall Cael & duo filii Aedho Slane mc. Diarmada mc. Fergusa Cerrbheoil mc. Conaill Cremthainde mc. Neill Naoighiallaig, .i. Diarmait & Blathmac, per commixta regna.[1]
Tá amhras ann cé a bhí i réim i ndiaidh Domhnaill. Deir roinnt staraithe gur rialaigh ceathrar ríthe, .i. Ceallach agus Conall Caol agus beirt mhac Aodha Sláine..., .i. Diarmaid agus Blathmac, i gcomhréimis a chéile.

De réir Buile Choinn, ríliosta den 7ú haois, tháinig Diarmaid agus Blathmac i gcomharbacht ar Domhnall. Fágadh ar lár roinnt ríthe, Aodha Sláine san áireamh, as Buile Choinn, cumtha le linn réimeas nia Dhiarmada, Fíonsneachta Fleách mac Dhúnchadha. Is dóigh gur botúin chóipeálacha iad roinnt acu, ach is amhlaidh gur d'aon ghnó iad cuid eile acu. Mar shaothar bolscaireachta, is é a chuspóir ná a mhaíomh gurb iad Síol Aodha Sláine i ndáiríre ina nArd-Ríthe dlisteanacha. Cé gur foinsí comhaimseartha é, ní féidir dul ina muinín.

Ba é Diarmaid an té is gníomhaí, más féidir na n-annál Éireann a chreidiúint. Tuairiscítear sách beag faoi Bhlathmac. Le linn a shaoil, insítear gan sonraí tásc Eochach sa bhliain 660, ach tá rannta gnómacha in éineacht le tásca Dhúnchadha agus Chonaill sa bhliain 651. De réir na n-annál, ba é Máelodrán, fir Laighneach, a mharaigh iad. Insítear leagan desna himeachtaí seo sa scéal Orgguin Trí Mac Díarmata mic Cerbaill, a cumadh b'fhéidir i ré na Sean-Ghaeilge. Sa leagan seo, is mic Diarmada mhic Cearbhaill iad Dúnchad, Conall agus fosta Máelodor, agus a marfóir laoch Dhál Messin Corb, Máelodrán mac Dímma Chróin. Teiteann mic Diarmada sons flee ó Mháelodrán agus téann i bhfolach i muileann, áit a bhasctar iad.

Tháinig plá go hÉirinn sa bhliain 664, ar a glaodh buide Chonaill uirthi. Insítear sna hannála gur éag Diarmaid agus a dheartháir Blathmac den ghalar an bhliain dár gcionn. De réir n-annál, tháinig siad i gcumhacht ar Sheachnassach mac Blathmaic, i gcomhréim b'fhéidir le Ceann Faoladh mac Blathmaic.

Sleachta agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Dúnchadh, Conall agus Eochaidh bás roimh a n-athair, ach mhair Seschnassach agus Ceann Faoladh ina dhiaidh. Ní raibh aon duine dá sliochtaigh ina phearsa mhír.

Ré Órga a bhí ann i stair na nGael le linn réimeas Dhiarmada agus Bhlathmaic, mar a shamhlaigh scríbhneoirí agus eagarthóirí Meán-Ghaeilge an scéal. Faightear saothair amhail Cath Cairnd Chonaill agus Scéla Cano meic Gartnáin san áireamh atá suite san aimsir úd.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 643.7