Fíonsneachta Fleách mac Dúnchadha
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois Éire |
Bás | 695 (Féilire Ghréagóra) Éire |
Ardrí na hÉireann | |
675 – 695 ← Ceann Faoladh mac Blathmaic – Loingseach mac Aonghasa → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Síol Aodha Sláine |
Athair | Dúnchad (?) |
Ard-Rí na hÉireann ba ea Fíonsneachta Fleách mac Dúnchadha (Sean-Ghaeilge Fínsnechta Fledach mac Dúnchada) (d’éag 695). Bhain Fínsnechta le Síl nÁedo Sláine, an Cenél theas d’Uí Néill, agus ba Rí Mhagh Breá é freisin. Ba gharmhac le hÁed Sláine é.[1] Fuair a athair Dúnchad bás i 659.[2][3] Ciallaíonn a leasainm "Fledach", fleách,[4] flaithiúil nó fial.
Ard-Rí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh rí Bhreá agus Ard-Rí de sa bhliain 675, tar éis dó a réamhtheachtaí agus col ceathrar, Ceann Faoladh, a mharú i mbun chatha ag Aircheltra.[5] De réir i nAnnála Easpacha na hÉireann, bhronn Ceann Faoladh maoirseacht air, ach bhí sé míshásta léi. Spreagtha ag a chara, rí Fhir Rois, thug sé a dhúshlán Ceann Faoladh agus bhuaigh.[6]. Insítear fosta sna hannála úd conas a mheall Fíonsneachta tacaíocht as ucht a chuid flaithiúlachta, ina measc rí idir rí Fir Rois agus Naomh Adhamhnán.
Is amhlaidh gur chuir na Laigin ina aghaidh, agus throid siad Cath Loch Gabor sa bhliain 677.[7] Rinneadh ár ar gach taobh, ach bhain Fíonsneachta am lámh in uachtar amach. Sa bhliain 680, rinne Fíonsneachta rí Laighean, Fiannamail mac Máele Tuile, a dhúnmharú.[8]
Sa tuaisceart, scrios Fíonsneachta lárionad Cineál Eoghain Aileach, sa bhliain 676.[9] Throid sé in éadan Bhéic Bhairrche mhic Bhlathmaic (bás 718), ríthe na nUladh, sa bhliain 679 ag Cath Thailte.[10]
Le linn mhí Mheithimh 684, chuir Ecgfrith, the rí Northumbria, arm go hÉirinn, a scrios maigh Bhreá, croílár ríocht Fhíonsneachta.[11] Ní fios go cruinn an chúis a bhí leis an ionsaí. Tugadh ar ais na gialla gafa le linn an ionsaí, le cabhair ó Adhamhnán sa bhliain 687.[12]
Sa scéal Bóramha de chuid Scéalaíocht na Ríthe, it insítear gur Fíonsneachta undertook an expedition in éadan na Laigean nuair a dhiúltaigh siad an bhóramha a íoc. Chuir rí na Laigean Bran Mut mac Conaill (bás 693) Naomh Mo-Ling (bás 697), ab Fearna, chun idirbheartaíocht a dhéanamh le Fíonsneachta. D'imir Mo-Ling cleas air sa cháin a loghadh. De bharr sin, d'éirigh Naomh Adhamhnán fearg leis agus chuir sé mallacht air, ag rá nach mbeadh clú nó cáil ag a muintir. Rinne Fíonsneachta aithrí ina pheaca agus tugadh maithiúnas dó.[13]
Éirí sealadach as agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 688, thug Fíonsneachta suas a choróin agus d'éirigh sé ina mhanach, ach an bhliain dár gcionn, tháinig sé ar ais ina rí. D'fhéadfadh gur tháinig sé bharr chogadh cathartha idir Síol Aodha Sláine, nuair a chloígh Niall mac Cernaig Sotal (bás 701) d'Uí Chearnaigh as deisceart Bhreá Congalach mac Conaing Cuirre (bás 696) as tuaisceart Breá, ag Cath Imlech Pich sa bhliain 688. I dteannta sin, mharaigh Áed mac Dlúthaig (bás 701) de Shíol Dlúthaigh Diarmait Dian mac Airmetaig Cáech, rí Uisnigh de Chlann Cholmáin sa bhliain 689.[14]
Maraíodh Fíonsneachta agus a mhac Bresal ag a ghaoil Aodh mac Dlúthaigh agus Congalach mac Conaing Coirre ag Greallaigh Dollaith. De réir Annála Tiarnaigh, tharla seo i mbun catha, ach insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann gur mharaigh Congalach é i bpobal.[15] Tháinig Congalach i gcomharbacht ar mar rí Bhreá, agus Loingseach mac Aonghasa de [[Cineál Chonaill|Uí Néill mar Ard-Rí.
Ní fheictear a mhuintir, Clann Fhíonsneachta, go suntasach tar éis a bháis. D'fhág Fíonsneachta ina dhiaidh mac darb ainm Ailill, a maraíodh sa bhliain 718.
Is amhlaidh gur tiomsaíodh an ríliosta is luaite, Buile Choinn, le linn réimeas Fhíonsneachta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "The Annals of Ulster, volume 1".
- Annals of Tigernach at CELT: Corpus of Electronic Texts at University College Cork
- Fragmentary Annals of Ireland at CELT: Corpus of Electronic Texts at University College Cork
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, London, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Wiley, Dan, Cycles of the Kings, Bóroma
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ T.M. Charles-Edwards, ‘‘ Early Christian Ireland ’’, Aguisín II
- ↑ Annála Uladh, AU 659.1
- ↑ Annála an Tíogair, AT 655.5, 658.1
- ↑ fleách1, cuideachtúil, ar teanglann.ie FGB
- ↑ I nUí Mhaine, de réir Annála na gCeithre Máistrí
- ↑ Annála Easpacha na hÉireann, FA 67
- ↑ Annála Uladh, AU 677.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 680.3
- ↑ AU 676.4
- ↑ AT 679.3
- ↑ Bede. Historia ecclesiastica gentis Anglorum.
- ↑ AU 685.2, 687.5
- ↑ Bóroma, "Cycles of the Kings le Dan Wiley". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 6 Meán Fómhair 2020.
- ↑ Annála Uladh, AU 688.3, 688.4, 689.2, 689.3
- ↑ AT 695.1; FA 124