Jump to content

Conghalach mac Conaing Choirre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConghalach mac Conaing Choirre
Beathaisnéis
Bás696
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAmalgaid mac Congalaig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConaing Cuirre
SiblínIrgalach mac Conaing

Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conghalach mac Conaing Coirre (Sean-Ghaeilge Congalach mac Conaing Cuirre (bás 696). Conaing Coirre mac Conghaile (bás 662), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ina cheantar dúchais, Cnobha) nó Tuaisceart Bhreá ón mbliain 662 go dtí 696, agus rí Bhreá féin ó 695 go 696.

Bhí Síol Aodha Sláine i gceannas i lár na tíre le linn na tréimhse seo, ach bhíodh achrann cathartha idir na codanna éagsúla. Feictear Conghalach don chéad uair sna hannála nuair a cloíodh é sa bhliain 688 i gCath Imligh Pich ag Niall mac Cearnaigh Sotal (bás 701) de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair i ndeisceart Bhreá.[2][3] Tháinig Conghalach slán as an gcath, ach maraíodh a chomhghuaillithe, Dub dá Inber, rí Ard Chiannachta, agus Uarchride Ua Oissíne as Conaille Muirtheimhne. Dar le hAnnála Easpacha na hÉireann, tháinig na Ciannachta mar thoradh faoi riail eachtrannach.[4]

Sa bhliain 695, mharaigh Conghalach agus a ghaol Aodh mac Dlúthaigh (bás 701) de Shíol Dlúthaigh an tArdrí, Fíonsneachta Fleách, agus a mhac, Breasal, at Greallaigh Dollaith.[5][6] Dar le hAnnála Tiarnaigh, tharla seo le linn catha, ach insítear i nAnnála Easpacha gur maraíodh Fíonsneachta ina phobal. Rinne rí Bhreá ansin de Chonghalach.[7]

Tá fianaise ann i nAnnála Uladh go raibh Conghalach ina iarrthóir ar an ard-ríogacht, in iomaíocht le Loingseach mac Aonghasa de Chinéal Chonaill. Ní insítear tús réimeas Loingsigh go dtí bás Conghalaigh, bunaithe is dócha ar chur síos i gcroinic a scríobhadh ar Oileán Í.[8][9]

Rí Bhreá fosta ba ea mac Conghalaigh Amalghaidh (bás 718). Mac eile leis ba ea Fearghal (bás 718). Maraíodh iad beirt i gCath Cheanannais ag fir Uí Chearnaigh.[10][11] Maraíodh mac eile Suibhne (bás 722) i gCath Alúine, inár chloígh gur Laighean fir Uí Néill.[12]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II.
  2. Annála Uladh, AU 688.4
  3. Annála Tiarnaigh, AT 688.4.
  4. Annála Easpacha na hÉireann, AE 98.
  5. AU 695.1
  6. AT 695.1.
  7. AE 124.
  8. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 506
  9. AU 695.1, 696.6 & 696.7.
  10. AU 718.3
  11. AT 718.3.
  12. AE 178