Uí Mhaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rocht mhór ársa i gcúige Chonnacht ba ea Uí Mháine.

Chuimsíodh an ríocht timpeall 1000 mi2, suite in oirthear Chontae na Gaillimhe, deisceart Chontae Ros Comáin agus at one stage had apparently subjugated land on the east bank of the Shannon, Lusmhaigh i gContae Uíbh Fhailí san áireamh.

Uí Cheallaigh Uí Chonchúir
Léarscáil Éireann c. 800

Deirtear gur bhunaigh Máine Mór an ríocht timpeall na bliana ba AD 357. Bhí sé i réim le caoga bliain. Roimh a theachtsa, bhí na Fir Bholg lonnaithe sa cheantar, faoi cheannas Cian d'Fhearaibh Bolg.

Bhí dhá mhórghéag Uí Mhaine ann, mar a bhí, Uí Mhaine Tethbae soir agus Uí Mháine Chonnacht siar, agus an tSionainn eatarthu. I measc na dtuath dá gcuid, bhí a leanas: Soghain, Corca Mhogha, Dealbhna Nuad, Síol Anmchadha agus Máenmaige. Idir sliocht Uí Mhaine agus aitheachthuatha a bhí ann.

Tá muintir Uí Mháine aitheanta fosta i measc Cinn na Fine, ag Ó Ceallaigh de Ghallach agus Tycooly (Tír Chúil Aodha?), tiarna Uí Mháine agus Cunta Impireacht Naofa Rómhánach. Is dócha go bhfuil An Sionnach (Ó Cearnaigh) ina ionadaí Uí Mháine as Tethbae.

Chreidtí de shean-nós gur de shliocht Cholla dá Chrioch, duine desna Trí Colla, ba ea muintir Uí Mhaine. Bhí tuath dúchais na dTrí Colla suite i nOirialla. Molann tástáil ADN ar sliochtaigh Uilliam Buidhe Ó Cellaigh, ámh, nach bhfuil muintir Uí Mhaine le fírinne síolraithe óna Trí Colla.[1]

Luathcheannairí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm Blianta
i réim
Bás
Máine Mór 50 le hadhairt
Breasal mac Maine Mór 30 le hadhairt
Fiachra Finn mac Breasail 17 maraithe ag deartháir
Connall Cas Ciabhach mac Breasail 22 maraithe
Dallán mac Breasal 11 gointa agus báite
Duach mac Dalláin 16 maraithe ag by Maine Macamh
Lughaidh mac Dalláin 14 le hadhairt
Feradach mac Lughach 24 maraithe ag comharba
Marcán 15 maraithe le claíomh

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le téacs de chuid na luath-15ú haoise, Nósanna Uí Mhaine,[2] tugadh duaiseanna agus taiscí do mhuintir Uí Mhaine amhail is:

  • chuid de gach dún agus calafort sa chúige
  • cuid de gach raic na mara, san áireamh:
    • fíon nó earraí a tháinig i dtír ó longa briste,
    • míolta móra agus éisc, ar a glaodh "éisc ríoga" a tugadh ach do ríthe agus banríonacha
  • taisce fo-thalamh, mianaigh airgid, óir agus miotal eile
  • trian gach cáin de rí na gConnacht nó aon chúige eile ina raibh éagóir déanta
    • bhíodh éiric ollmhór ann, mar a bhí "168 bó"

Bhíodh cearta fosta ag clanna a throideadh r son Uí Maine:

  • an rogha dul i mbun troda san Earrach nó san Fhómhar.
  • cead filleadh abhaile tar éis 6 sheachtain troda san Ulaid nó sa Laigin.

Nósanna breithe agus báis:

  • Bhíodh Uí Mhaine le baisteadh ag Comharbaí Naomh Bhríd. Dá mbeadh cónaí ar an teaghlach rófhad i gcéin b'éigean dóibh pingin a íoc
  • Bhíodh sgreaball ongtha[3] le híoc dosna Comharba

Príomhchlanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas na príomhchlanna atá dírithe ó mhuintir Uí Mhaine:[4]

Pearsana Uí Mhaine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Dan.McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath, (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Ui Maine

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. DNA of the Three Collas
  2. The Tribes and Customs of Hy-Many, commonly called O'Kelly's Country, Nósa Ua Maine, cuid 1, CELT
  3. screpul(l), scripul(l), scrupall, 3 phingin; ungadh; ar eDIL
  4. O'Donovan, John. "The Hy Many": 143–144. 


Teimpléad:Connachta