Máine Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáine Mór
Teaghlach
PáisteBreasal mac Maine Mhóir Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaitheoir ríocht Uí Mhaine ba ea Máine Mór mac Eochadha (beo 4ú haois).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

De shliocht Colla dá Chríoch as Oirialla ba ea Máine Mór. I dteannta lena athair, Eochaidh Ferdaghiall agus a bheirt mac Breasal agus Amhlaibh, chuaigh ​sé chuig cúige Chonnacht ag lorg tailte nua. Rinne siad ruathar ar an rí áitiúil, Cian d'Fhearaibh Bolg, rí na bhFear Bolg (féach Soghain agus Senchineoil agus miondreamanna eile). Le cuidiú ó Naomh Greallan, chloígh siad a naimhde agus lonnaigh siad sna tailte. D'éirigh Greallan ina naomhphátrún Uí Mhaine.

Bhí Máine Mór i gcoróin le cúig bliain. Is sinsear é desna clanna a leanas: Uí Lallaigh, Uí Mhadadháin, Uí Cheallaigh, Uí Fhallamháin, Uí Neachtain, Mhic Thréanfhir, i measc eile.

Tháinig a mhac Breasal i gcomharbacht air, agus bhí seisean i réim le tríocha bliain.

Sliochtaigh suntasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Uí Maine le Denis Walsh
  • Annála Uladh ar CELT: Corpus of Electronic Texts
  • Annála Tiarnaigh ar CELT: Corpus of Electronic Texts
  • Sioncronachtaí Mhic Cárthaigh Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
  • Irish Kings and High-Kings, Francis John Byrne, Dublin (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • History of the O'Maddens of Hy-Many, Gerard Madden, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, Joseph Mannion, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • The Tribes and Customs of Hy-Many ar CELT: Corpus of Electronic Texts

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réamhtheachtaí
as nua
rí Uí Mhaine
c. 357?– c. 407?
Comharba
Breasal mac Maine Mhóir