Jump to content

Soghain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream ársa na hÉireann ba ea na Soghain.

Dúirt Dubhaltach Mac Firbhisigh gur bhall desna Cruithne ba ea iad, agus "i measc Cruithne Éireann tá Dál Araí, seacht Loígis na Laighean, seacht Soghain na hÉireann, agus gach Conaille Muirtheimne in Éirinn".

Luath-dhreamanna agus ríochtaí na hÉireann, c. 800

Seo a leanas ceithre fán seacht Soghain:

  1. Géag i gcríocha Fernmag (barúntacht Fhearnaí, Contae Mhuineacháin).
  2. I nDealbhna, Contae na hIarmhí, ina raibh treibh na Soghan ina gcónaí le géag na Delbna i gceantar darbh ainm Tríocha céad na Delbhna Móire agus na Soghan.
  3. An Corca Shoghan, who were subject to the Benntraige under the Eoghanachta. Feictear ar chloch Oghaim aimsithe gar d'Eaglais i mbarúntacht Múscraí, an inscríbhinn MUCOI SOGINI, le brí is amhlaidh '(na) Corca Soghan.'
  4. Bhí Soghain na gConnacht suite i lár-oirthear Contae na Gaillimhe, i ríocht darbh ainm Tír Shoghain.

Bhíodh Soghain na gConnacht ina gcónaí i dTír Sogháin, críocha suite i lár-oirthear Contae na Gaillimhe, agus thart orthu An tSuca ar an taobh thoir; Abhainn an Chláir ar an taobh thiar; Abhainn na Gráinsí agus An tSimhin ó thuaidh; agus An Dúghiortach agus Abhainn Bhaile an Iúir ó dheas. Tá dán i Leabhar Uí Mhaine, Cruas Connacht clanna Sogain, a leagann teorainneacha úd na ríochta amach:

From Áth an Ibar west
to Glais Uair Arnaigh
was the extent of Sodhan
that sword-guarded land.
From Béal na Róbe in Maenmagh
to the clear, soft-reeded Simin
was the breath of the plain
which bore no ignominy.

Na Senchineoil (Nua-Ghaeilge Seanchineál) ab ainm don iardhream réamh-Ghaelach sa cheantar. Caomhnaítear ach fíorbheagán eolais fúthu.

Déantar cur síos ar na Soghain i ndán le Seán Mór Ó Dubhagáin, Triallam timcheall na Fodla, in deir sé:

Meán-Ghaeilge[1] Nua-Ghaeilge[2]

Na sé Sodhain ná seachnam
A ríogha gan ro seachmall

Maith sluagh na bfoghadh ffoghlach
Dan dual Sodhan sleagh armach

Na sé Soghain ná seachnaímis
A rí gan seachmall[3]

Maith slua na bhfoghanna foghlacha
Don dual Soghain sleá-armach.

Tugtar liosta le séghéag i Leabhar Mór Leacáin, mar atá Cinel Rechta, Cinel Trena, Cinel Luchta, Cinel Fergna, Cinel Domaingen agus Cinel Deigill.

Tugtar ginealach Naoimh Chairill mar:

Caireall mac Curnain mac Treana mac Fionnchada mac Nair mac Earca mac Tiobraide mac Sodhain Salbhuidhe mac Fiacha Araidhe.

Sinsear eapainmneach an Chineáil Threana ab ea Treana mac Fionnchada. Bhí siadsan ina gcónaí gar do Chnoc Meadha, i dTír Mhic Threana, ar theorainn iarthair de ríocht Shoghain na gConnacht.

I measc luath-soiscéalaí Críostaí na Soghan, tá Conainne, Meeting Connall agus Caireall. I measc a gcomharbaí, tá Naomhéid, Cuana Chill Chuanna, Dubhán, Felig, Íbar, Íomar Soghain, Laisren of Cloonkerrill, Maol Chosna, Modiúit, Menott agus Molua.

Seo a leanas paróistí a bhfuil a fhois gurbh i dTír Sogháin iad:

Tógadh Tír Sogháin faoi cheannas Uí Mhaine am éigin i rith na chéad mílaoise.

Faightear sliocht na Soghan fós go forleathan i gContae na Gaillimhe, le sloinnte sábháil is Ó Mainnín, Mac an Bhaird, Gill/Gillane, Ó Scurra, Ó Dubhagáin, Mac Annaidh, Ó Máirtín agus Ó Cassáin.[4]

Tagairtí sna hannála

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • 811. Irghalach mac Maelumha, tiarna Chorca Soghan

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • The Book of Uí Maine, otherwise called 'The book of the O'Kellys' (Leabhar Uí Mhaine) R.A.S. Mac Alister (eag.), Baile Átha Cliath, 1942.
  • Punann arsa cuid i, Martin Finnerty, Gaillimh, 1951.
  • The parish of Ballinasloe, Rev. Patrick K. Egan, Baile Átha Cliath agus Londain, 1960. Athchló macasamhala, Gaillimh, 1994.
  • Ballymacward:The story of an east Galway parish, John S. Flynn, 1991.
  • The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, Joseph Mannion, 2004. 0 954798 1 3
  • The true identity of Saint Kerrill of Clonkeenkerrill, Joseph Mannion, in Making shapes with slates and marla:A Gurteen anthology, John agus Margaret Corbett (tiomsaitheoirí), Gaillimh, 2004.
  • The Senchineoil and the Soghain: Differentiating between the pre-Celtic and early Celtic Tribes of Central East Galway, Joseph Mannion, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, Imleabhar 58, ll. 165–170, 2006.
  1. The topographical poems of John O'Dubhagain, Acadamh Ríoga na hÉireann, lch. 49, sa Leabhar Laighneach ar CELT
  2. Aistrithe sách focal ar fhocal ón Meán-Ghaeilge
  3. léig
  4. Féach m/s Burke's East Galway