Cruithne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dream i nÉirinn ná meánaoise ab ea na Cruithne (Meán-Ghaeilge CruithnigCruithni, Sean-Ghaeilge Cruthin).

Bhíodh lár a dtailte suite i gcúige Uladh, agus d'fhaigheadh cuid díobh i gContaetha Aontroma, an Dúin agus Doire an lae inniu. Deirtear go raibh cónaí orthu i gcúige Laighean agus cúige Chonnacht.

Bhíodh roinnt túath ag na Cruithne, san áireamh an Dál nAraidi as Aontroim agus muintir Uí Eachach Cobha as an Dún. I luathfhoinsí, faightear idirdhealú idir na Cruithne agus na hUlaid.[1] Maítear i luathghinealaigh gur Cruithne iad dís na Loígis, a bhfuil Contae Laoise ainmnithe as, agus na Soghain as cúigí Laighean agus Connacht.[2]

Is ionann a n-ainm agus Priteni, ainm ársa ar Cheiltigh na Breataine, agus a luaití scaití dosna Cruithnigh.[3] Níltear ar aon intinn i measc scoláirí, ámh, cén gaill i ndáiríre a bhí ann idir na Cruithne, na Briotanaigh agus na Cruithnigh.

Faoin bhliain AD 773, faightear sna hannála an t-ainm Dál nAraidi de rogha ar 'Cruithne'.[3]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear leaganacha éagsúla don ainm i scríbhneoireachtaí meánaoiseacha Gaelacha: Cruthin, Cruithin, Cruthini, Cruthni, CruithniCruithini. Creidtear go bhfuil sé gaolmhar le cruth, agus fréamhaithe ón nGaeilis/Q-Ceiltis *Qritani, leagan den Briotainic/P-Ceiltis *Pritani.[4] Luaigh Pytheas an seanainm P-Ceiltis 'Pretannia', a aistríodh go Laidin mar Britanni, an t-ainm Rómhánach do Cheiltigh na Breataine.[5][4]

Moltar nár ghlaoigh an dream úd Cruithne orthu féin, ach gur ghlaoigh a gcomharsana amhlaidh orthu.[6]

Caomhnaítear an t-ainm Cruithne sna logainmneacha Dún Cruithean[7][8] agus Droim Cruithean[9] i gContae Dhoire,[10] agus Bealach Cruithean,[11][12] agus Áth Cruithean[13] i gContae an Dúin. Creidtear gur ar imeall críocha na gCruithne is ea na háiteanna úd.[14]

Gaol leis na Cruithnigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir go bhfuil gaol ann idir 'Cruithne' agus 'Cruithneach' na hAlban.[5] as Gaeilge na hAlban fosta: CruithenCruithneach, agus Cruithentúath dá dtír.[15] Moladh mar sin gurb ionann ina dís, nó ar a laghad go bhfuil nasc éigin eatarthu.[1] Scríobh an tOllamh T. F. O'Rahilly gurbh iad na Qritani/Pritani "na lonnaitheoirí is luaithe sna hoileáin seo arn féidir ainm a thabhairt dóibh".[16] Moladh fosta gur Chruithne iad cách sa Bhreatain nár chloígh na Rómhánaigh iad, taobh ó thuaidh de Bhalla Haidrian.

Ní aontaíonn scoláirí eile, ag tabhairt le fios gur aistríodh Picti go Gaeilge le Cruthin, ach níor aistríodh Picti go Laidin leis an bhfocal úd.[17] De réir an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín, "is mícheart é a rá gur 'Cruithnigh Ghaelach' iad na Cruithne, nó go raibh dlúth nasc eatarthu",[3] fad a dúirt an tOllamh Kenneth H. Jackson Cruthin "nár Chruithnigh iad na Cruithne, ní raibh nasc eatarthu, ó thaobh teanga de nó eile, agus níor glaoigh riamh scríbhneoirí Gaelacha Picti orthu".[18] Ó thaobh seandálaíochta de, is ionann iad na Cruithne agus a gcomharsana Gaelacha, agus tá duaise ar bith ann ar sin nasc leis na Cruithnigh.[19] De réir na nAnnála, bhí ainmneacha Gaeilge ag na Cruithne, labhraídís Gaeilge agus ghlacadaís an córas Gaelach oidhreachta, derbfine, in ionad an córas [[máthairlíneachas|máthairlíneach] luaite scaití leis na Cruithnigh.[17]

Gaol leis an Dál Riada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dream agus ríocht ab ea an Dál Riada lonnaithe in iarthar na hAlban agus oirthuaisceart na hÉireann. I lár tailte na gCruithne ab ea an chuid Éireannach den ríocht. Mhol an staraí Alex Woolf gur de bhall an Dáil Riada ab ea na Céitinn, agus gur de shliocht na hEpidii iad.[6]

Tagairtí annál gaelach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi thús an ré stairiúil i nÉirinn sa 6ú haois, bhí ríocht na nUladh teoranta go formhór ar thaobh thoir na Banna.[20] Bhí tailte fós ag na Cruithne siar ón Bhanna i gContae Dhoire.[20]

Deirtear gur mharaigh Dubsloit éigin mac Ard Rí na hÉireann, Diarmait mac Cerbaill, sa bhliain 555 nó 558. Maraíodh Diarmait féin ag rí Cruithne na nUladh, Áed Dub mac Suibni, sa bhliain 565.[21]

Sa bhliain 563, de réir Annála Uladh, de bharr achrann intíre i measc na gCruithne, rinne Báetán mac Cinn socrú le hUí Néill an tuaiscirt, á ngeallúint tailte Ard Eólairg (Aird Mhic Giollagáin) agus an Lee, taobh thiar den Bhanna Bhanna i nDoire.[20] Tharla cath Móin Daire Lothair (Muine Mór, Doire, inniu) eatarthu uile inár cloíodh na Cruithne go millteach.[20] Ina dhiaidh, lonnaigh na hUí Néill a gcomhghuaillí Oirialla i dtuath Cruithne Eilne, suite idir an Bhanna agus an Bhuais.[20] Tar éis sin, d'aontaigh na Cruithne le rítheaghlach an Dáil Araide.[20]

Ba é Fiachnae mac Báetáin, Rí na nUladh agus Ard-Rí na hÉireann i ndáiríre, rí stairiúil na gCruithne is cumhachtaí. Sa bhliain 629, chloígh na hUí Néill ag Dún Cethirnn[22] iad agus iad faoi cheannas a rí Connal Claon, cé gur tháinig Connal slán. Sa bhliain chéanna, chloígh rí na gCruithne Mael Caích Connad Cerr an Dáil Riada ag Fid Eóin, ach sa bhliain 637, cloíodh comhaontas idir Connal Cláen agus Domhnall Breac an Dáil Riada. Maraíodh Congal ámh ag Maigh Rath, An Dún, ag Domhnall mac Aodha Uí Néill, agus dá bharr ag cur túis le hardcheannas muintir Uí Neill sa tuaisceart. Sa bhliain 681, maraíodh Dúngal Eilni, rí an Dáil Araide, atá a chomhghuaillí ag na hUí Néill, mar a deir na hannála, "dó ná ríthe ag Dún Ceithirn".

Faoin am seo, bhí an téarma eitneach "Cruthin" ag géilleadh don ainm ríoraíoch ”Dál nAraidi". Faightear sna hannála tagairt ar chath idir na Cruithne agus na hUlaid ag Béal Feirste sa bhliain 668, agus is é sa bhliain 773 a fheictear an sampla deireanach den ainm, nuair a thugtar teacht ar bhás Flathruae mhic Fiachraigh, "rex Cruithne".[1] Faoin 12ú haois, ligeadh é i léig mar eatnainm, agus cuimhníodh é ach mar ainm eile don Dál nAraide.[23]

Sa Pictish Chronicle, ainmnítear chéad rí na gCruithneach mar go heapainmneach "Cruidne filius Cinge".[24]

Cultúr an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

San lá atá inniu ann, tá sé mollta ag roinnt scríobhneoirí Aontachtais i dTuaisceart Éireann — go háirithe Ian Adamson — Cruithne as an ancient reflection of their own northern separatism and affinity with An Bhreatain. Ina leabhar 1974, Cruthin: The Ancient Kindred, molann Adamson gur lonnaigh na Cruithne i nÉirinn roimh na Gaeil; go raibh cogaidh Idir an dís le roinnt haoiseanna, mar a n-inseofaí sa Rúraíocht; agus gur cuireadh an ruaig ar na Cruithne as Eirinn go tar éis dóíbh a clíodh i gCath Moira (637), ach gut thaning a sliocht ar ais i bPlandáil na nUladh san 17ú haois. Ní aontaíonn staraithe leis an léiriú seo, ámh, agus cuireann roinnt díobh i leith air go bhfuil scéal seicteacha cruthaithe aige, ina bhfuil réamhcheart ar Éirinn ag Protastúnaigh na nUladh. Séanann Adamson é seo, ag maíomh go bhfuil ar intinn aige "an dóchas go n-aontófaí faoi dheireadh pobal na nUladh".[25][26]

Ainmníodh an t-astaróideach 3753 Cruithne as an dream.[27]

Glaodh "chief of the Cruithni Picts" ar an laoch garrfhicsin Bran Mak Morn le Robert E. Howard.[28]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis J. Irish Kings and High Kings. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001 (2a eagrán; chéad eagrán 1973.
  • Chadwick, Hector Munro. Early Scotland: the Picts, the Scots & the Welsh of southern Scotland. CUP Archive, 1949, ll. 66-80.
  • "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169-1534" (2008). Oxford University Press. 
  • Gallagher, Carolyn. After the Peace: Loyalist Paramilitaries in Post-Accord Northern Ireland. Cornell University, 2007
  • Jackson, Kenneth H. "The Pictish language." In The problem of the Picts, eag. F.T Wainwright. Dún Éadain, 1956, ll. 122–166.
  • Maier, Bernhard. Dictionary of Celtic religion and culture. Boydell & Brewer, 1997, lch. 230.
  • Nic Craith, Máiréad. Plural Identities, Singular Narratives: The Case of Northern Ireland, Berghahn Books, 2002
  • Ó Cróinín, Dáibhí. Early Medieval Ireland 400-1200, Longman, 1995
  • Ó Cróinín, Dáibhí. "Ireland, 400-800". In A New History of Ireland, eeag. Dáibhí Ó Cróinín. Vol 1. 2005, ll. 182–234.
  • O'Rahilly, T.F. Early Irish History and Mythology. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946.
  • Skene, William F. Chronicles of the Picts and Scots, Dún Éadain, 1867.
  • Smyth, Alfred P. Warlords and Holy Men. Dún Éadain: Edinburgh University Press, 1989.
  • Warner, Richard. "The Lisburn Area in the Early Christian Period Part 2: Some People and Places." Lisburn Historical Society Journals, Iml. 8, 1991

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Ó Cróinín 2005, ll. 182-234.
  2. Byrne 2001, ll. 39, 236.
  3. 3.0 3.1 3.2 Ó Cróinín 1995, lch. 48
  4. 4.0 4.1 Chadwick, Hector Munro. Early Scotland: the Picts, the Scots & the Welsh of southern Scotland. CUP Archive, 1949, ll. 66-80.
  5. 5.0 5.1 Ó Cróinín, Dáibhí. A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland. Oxford University Press, 2008 ll. 213.
  6. 6.0 6.1 Woolf, Alex. Ancient Kindred? Dál Riata and the Cruthin. 2012.
  7. Duncrun ar Place Names NI]
  8. Duncrun, Ainm Gaeilge le deimhniú, ar logainm.ie
  9. Droim Cruithean, ar logainm.ie
  10. Drumcroon ar Place Names NI]
  11. Ballycrune, Ainm Gaeilge le deimhniú, ar logainm.ie
  12. Ballycrune ar Place Names NI
  13. Crown Mound ar Place Names NI
  14. Féach Corcreeny ar Place Names NI
  15. Pict and related words at In Dúin Bélrai
  16. O'Rahilly 1946, ll. 15-16 341-342
  17. 17.0 17.1 Byrne 2001, lch. 8, 108.
  18. Jackson 1956, ll. 122-166
  19. Warner 1991
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 20.4 20.5 A New History of Ireland, lch. 212.
  21. Byrne 2001, ll. 94-95.
  22. idir Léim an Mhadaidh agus Cúil Raithin, Smyth 1989, lch. 101
  23. O'Rahilly 1946, lxh. 345
  24. Skene 1867, lch. 5
  25. Gallagher 2007, ll. 96-97
  26. Nic Craith 2002, ll. 93-113
  27. Cruithne: Asteroid 3753, ([https://web.archive.org/web/20110410230954/http://www.wwu.edu/depts/skywise/a101_cruithne.html aircív). Western Washington University Planetarium. Faighte 27ú Mí Eanáir, 2011.
  28. Howard, Robert E. (2005-05-31). Bran Mak Morn: The Last King (Kindle Locations 3037-3039). Random House Publishing Group. Kindle Edition.


Teimpléad:Dál nAraidi