Delbna
Cuma
Fine Ghaelach ba ea na Dealbhna' (Sean-Ghaeilge Delbna), gaolta a maíodh le Dál Chais trí Dhealbhna mac Cais. Ar dtús dream mór amháin, d'imigh siad óna chéile ina ngéaga sna Connachta, i ríocht na Mí agus sa Mhumhain.[1]
De réir na seanscéalta is luaite, tá an Dealbhna ainmnithe as Delbáeth, mac nó Áengus nó Ogma, dia na dTuath Dé Danann a tháinig i gcomharbacht ar an Dagda nó Eochaid Ollathair mar Ardrí na hÉireann, agus a deirtear le haghaidh cúiseanna éagsúla gurb ionann é agus Tuireann. Insítear i scéal níos deireanaí gur de shliocht Suman mhic Lugh Delbáeth mhic Cais, sinsear eapainmneach Dhál Chais, iad an Dealbhna.[2]
Géaga
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bhíodh Dealbhna Tír Dhá Locha, nó Dealbhna Fraoigh (Delbhna Feadha), bunaithe i gContae na Gaillimhe idir Loch Coirib agus Cuan na Gaillimhe. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Mac Con Raoi. Bhídís i gceannas i nGnó Mór, agus a bhfo-chlann, Uí Eanna, i nGnó Beag. Sna hannála ámh, tugtar i gcónaí an teideal Rí nó Tiarna Thír Dá Locha do Mhic Conraoi.[3][4]
- Bhí Delbhna Cuile Fabhair tráth i gceannas Mhaigh Seola, raibh thoir de Loch Coirib, go dtí gur chloígh fir Uí Briuin Seola iad (d'éirigh siad ina Muintir Mhurchadha, agus ansin Uí Fhlaithbheartaigh, a díbríodh cúig Conamara, áit a tugadh an teideal ríthe Iar-Chonnacht). Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Fathairtigh.[5]
- Bhíodh Delbhna Nuadat, nó Dealbhna Uí Mhaine, i gceannas cheantair mhóir gar d'Áth Luain i gContae Ros Comáin, idir An tSuca agus An tSionainn. Ón ré luathstairiúil i leith, bhí suas faoi cheannas Uí Mhaine. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Flannagáin.[6][7][8]
- Bhí Dealbhna hEathra b'fhéidir i ríocht aontaithe le Dealbhna Nuad go dtí gur chloígh Uí Mhaine iad. Faoin cúigiú haois, bhí suas tite faoi cheannas Uí Néill. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Mac Cochluinn, agus bhí a gcuid críoch suite i nGarraí an Chaisleáin, Contae Uíbh Fhailí.[9]
- Bhíodh Delbhna Mór lonnaithe i nDealbhna féin, Contae na hIarmhí. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Fionnalláin. Bhíodh cónaí orthu siad i dteannta le ceann de sheacht ngéag na Soghan.[10]
- Bhíodh Dealbhna Bheag (Delbhna Bec) bunaithe i gCill Bhríde, Contae na hIarmhí. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Maoilchallan.[11]
- Bhíodh Delbhna Sith Neannta i gceannas ar Mhullach na Sí i gContae Ros Comáin. Ghlac a rítheaghlach an sloinne O'Laoghóig.[12]
- Bhíodh Delbhna Teannmhagh, nó Dealbhna Iarthair Mhí, i gceannas ar Ráth Conarta i gContae na hIarmhí. Ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Scolaí.[13][14]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cóiced Ol nEchmacht
- úI Fhiachrach Aidhne
- Clann Fheargaile
- Clann Taidhg
- Seanchineál
- Trícha Máenmaige
- Uí Dhiarmada
- Síol Anmchadha
- Cineál Aodha na hEachtaí
- Conmhaicne
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "History of Ireland, iml. 8, lch. 297" .
- ↑ "Ireland History in Maps".
- ↑ "History of Ireland in Maps".
- ↑ "The Book of Rights, lch. 105" .
- ↑ "Library of Ireland".
- ↑ "The dolmens of Ireland, lch. 1075" .
- ↑ "The Book of Rights, lch. 105" .
- ↑ "Ireland History in Maps".
- ↑ "Ireland History in Maps".
- ↑ "The dolmens of Ireland, lch. 1075" .
- ↑ "Ireland History in Maps".
- ↑ "The history of Ireland, lch. 297" .
- ↑ "Irish pedigrees, page 830" .
- ↑ "The dolmens of Ireland, lch. 1075" .