Conmhaicne
Dream in Éirinn ná meánaoise ba ea an Conmhaicne (Sean-Ghaeilge: Conmaicne), b'fhéidir gaolta leis na Laigin, a lonnaigh i gcúige Chonnacht agus i gContae an Longfoirt. Ní chreidtear go forleathan anois moladh Thomáis Uí Rathile nár Ghaeil iad.[1]

Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard atá san ainm Conmhaicne ná Cú/Con-mac-ne.[2][3]
Dúradh go raibh an t-ainm fréamhaithe ó shinsear miotasach, Conmac, de shliocht Fhearghasa mhic Róigh agus Méabha na gConnachta. Dúirt Breathnach ámh gur bréagstair é seo.[4]
Clanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lonnaigh clanna Conmhaicne i láithreacha éagsúla:
Conmaicne na Gaillimhe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conmhaicne Mara, iarthair Chontae na Gaillimhe, litrithe Conamara inniu.
- Conmhaicne Dhúin Mhóir (Conmaicne Dúna Móir) nó Conmaicne Cenél Dubáin, ag Dún Mór.
Conmhaicne Mhaigh Eo
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conmhaicne Coille, Cill Mheáin, Contae Mhaigh Eo
- Conmhaicne Ceara, Ceara
- Conmhaicne Mhic Oirbsean Mhóir (Conmaicne Meic Oirbsen Máir), gar do Loch Coirib/Oirbsean
Conmhaicne Ros Comáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conmhaicne Shliabh Formhaile (Conmhaicne Sléibe Formaile), gar do Bhaile an Locha, iarthair Chontae Ros Comáin.
Conmhaicne Réin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conmhaicne Réin (Conmaicne Réin) (Bréifne), deisceart Chontae Liatroma agus i gContae an Longfoirt isteach.
- Conmhaicne Maigh Rein, Maothail, Barúntacht an lae inniu.
- Cluain Chonmhaicne, An Chluain, sa bharúntachtaí Carraig Álainn agus Maothail.
- Conmhaicne Cineál Luacháin, paróistí Uachtar Achaidh agus Droim Oiríolaigh i gCarraig Álainn
- Conmaicne Maigh Nissi, taobh leis an Sionainn, barúntacht Liatroma.
- Conmhaicne Anaíle (Conmhaicne Anghaile), An Anaíle/Anghaile, An Longfort.
Deoise Ardach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Deoise Ardach in oirthear Chonnacht sa bhliain 1111. Ceithre bliana déag níos deireanaí ag Sionad Cheannanis-na Mainistreach Móire, laghdaíodh a limistéar go críocha Chonmhaicne Réin agus Conmhaicne Anghaile.[5] Thugtaí go forleathan "Deoise Chonmhaicne" uirthi.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Nollaig Ó Muraíle, Some Connacht Population-Groups, in Seanchas:Studies in Early and Medieval Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne, ll. 176–76, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2000
- Paul Mac Cotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 134–135. ISBN 978-1-84682-098-4
- MacKillop, James (2004). "Conmaicne. Oxford Reference.". Oxford University Press.
- Walsh, Paul (1940). "Connacht in the Book of Rights". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society XIX, Nos. i & ii, 19 (1/2): 1–15. Galway Archaeological & Historical Society. JSTOR 25535199.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ MacKillop 2004.
- ↑ Conamara ar logainm.ie
- ↑ -ne, Irish Clan Names, O'Hart, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- ↑ Walsh 1940, p. 6.
- ↑ P Galloway, The Cathedrals of Ireland, Belfast, 1992
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |