Conmhaicne Mheánmhaigh
Dream agus tuath i gcúige Chonnacht ba ea Conmhaicne Mheánmhaighe (Sean-Ghaeilge Conmaicne Máenmaige, nó Conmaicne Mhéin, Conmaicne Críche Meic Erca).
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaolta b'fhéidir leis na Laigin ba ea na Conmhaicne, a scaip ar fud na tíre, ag lonnú i gcúige Chonnacht agus an Longfort.[1][2][3]
Glaoitear scaití ar an tuath sna hannála Conmaicne Máenmaige, Máenmag, Machaire Maenmuighe agus Trícha Máenmaige.
Críocha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit a bhíodh an tuath, tá barúntacht Bhaile Locha Riach anois ann. Tá téacs ar marthain ón mbliain 1333 a thugann na paróistí a leanas mar chuid dá críocha: Cill Chon Iarainn, Cill Tulach, Cill Íomair Uí Dhálaigh, An Ghráinseach, Cillín a Díoma, An Leac Dhearg agus Baile Locha Riach, san áireamh sa cheann deireanach na paróistí Cill Chonaicne, Cill tSeiscill agus Cill Chúile. Bhíodh an fós Cill Leáin, An Ballán, Cill Rícill agus Cill Mhian. Agus na hAngla-Normannaigh i réim, cantred a bhí inti.

Taoisigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Conmhaicne Mheánmhaighe faoi cheannas Uí Fhiachrach Fhionn, níos deireanaí Uí Mhaine. Bhí Uí Neachtain agus Uí Mhaolalaidh ina rítheaghlaigh.
Daoine de bhunadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ACM 581.2: Aedh, mac Suibhne, toiseach Maonmuighe, d'écc
- AU 801.8: Cathrannach m. Cathail Moenmhaigi & Nindidh ancorita pausant.
- AU 803.7: Belliolum inter Sogen & Aicme Moenmaighi in quo multi interfecti
Glaodh Cú Chulainn Chonmhaicne ar Neide mac Onchu mac Finnlugh i dtuairisc Chath Ard Raithin, a tharla timpeall na bliana 800.
- AU 825.5: Fergal m. Cathrannaigh, rex Locha Riach, moritur.
- ACM 848.2: Cetadach, abb Cluana Mic Nóis, d'écc. Do Uibh Corbmaic Maenmaighe a chenél.
- ACM 881.8: Corbmac, mac Ceithearnaigh, prioir Tíre Dá Ghlas & Cluana Fearta Brénainn, & an dara tighearna boí an tan-sin for Loch Riach.
Chaith Conchobar Maenmaige Ua Cellaigh, rí Uí Mhaine (bás 1180) agus a mac altrama, Conchobar Maenmaige Ua Conchobair, rí Chonnacht (1186-1189) beirt a gcuid óige i Meánmhaigh.
Ceann na Fine ba ea Seán Ó Maolalaidh (beo 1419–1480) agus taoiseach Uí Mhaolalaidh deiridh a bhí cónaí air sa cheantar.
Tagairtí sna hannála
[cuir in eagar | athraigh foinse]- CS 1132: Creach la Concupur h. mBriain a m-Maonmaigh gur airg c-Cill mBian et go rucc bu imda les.
- ALC 1180: Cath na Conchobar a Connacht, dár mharbhustar Conchobar Moen Mhoighe Conchobar .H. Ceallaig, .i. ri .H. Maine, & Tadhg a mac, & Diarmaid .H. Ceallaig, & maithi .H. Maine uile, a moigh Sruibhe gealáin a g-cínn Daire na g-capall
- ALC 1531: Tuathal, the son of O Domnallain of Machaire Maenmuighe, died.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála na gCeithre Máistrí
- Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 140–141. ISBN 978-1-84682-098-4
- MacKillop, James (2004). "Conmaicne. Oxford Reference.". A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press.
- A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught written A.D. 1684 by Roderic O'Flaherty ESQ with notes and Illustrations by, James Hardiman M.R.I.A., Irish Archaeological Society, 1846.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ MacKillop 2004.
- ↑ AFM, p. 417.
- ↑ Walsh 1940, p. 6.