Síol Anmchadha
Tuath na gConnacht de chuid Uí Mhaine ba ea Síol Anmchadha, ainmnithe a rítheaghlach.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar a mhéid is mó, bhí Síol Anmchadha i gceannas ar bhruach thiar Loch Deirgeirt; na tailte idir an Sionainn agus an tSuca; agus Lusmhaigh, conair talún trasna na Sionainne gar do Bhiorra.
Ghlac an rítheaghlach an sloinne Ó Madadháin. Níos deireanaí sa mheánaois, bhí siad ó am go céile ina bhfo-thuath Iarlaí Uladh agus a gcomharbaí sa cheantar, Clanricarde.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1651, tar éis bhunú Ríocht na hÉireann agus an cheantar tógtha isteach inti, gabhadh tailte Uí Madadháin, Uí Cheallaigh, de Burca agus eile le linn Choncas Chromail, ag na deartháireacha Eyre ach go háirithe. Athainmníodh Dún an Uchta go Eyrecourt astu ag an am.
Tá ainm na tuatha caomhnaithe sa logainm Baile Mór Síol Anmchadha.
Logainmneacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tíne
- Port Omna
- Dún an Uchta (Eyrecourt)
- An Ghráig (Woodford)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ríthe Shíol Anmchadha
- Uí Maine
- Clann Fhergail
- Uí Fiachrach Aidne
- Clann Taidg
- Conmhaicne Mara
- Muintir Murchada
- Trícha Máenmaige
- Uí Díarmata
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gerard Madden, O'Madáin: History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
- Diarmuid Ó Cearbhaill, The Colahans - A Remarkable Galway Family, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, imleabhar 54, 2002, ll. 121–140.
- Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 133–134. ISBN 978-1-84682-098-4
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Tribes and customs of Hy-Many, archive.org