Dealbhaodh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Delbáeth)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDealbhaodh
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathamonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíFiacha mac Delbaíth agus Elatha Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid demiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata

I miotaseolaíocht na nGael, ba rí é Dealbhaodh (Sean-Ghaeilge DelbáethDelbáed), le brí "riocht tine".[1][2][3] Ba é AonghasOghma na dTuath Dé Danann a athair, agus ba í Eithne na bhFomhórach a mháthair. Tháinig sé i gcomharbacht ar a gharmhac Eochaid Ollathair (Daghda) mar Ard-Rí na hÉireann. Bhí sé i gceannas ar na Tuatha Dé Danann agus Fomhóraigh aontaithe ar feadh deich mbliana, sular mharaigh a mhac Fiacha é.

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí triúr iníonacha ag Dealbaodh lena bhean chéile Earnmas, agus iad ná an triúr bandéithe eapainmneacha Ghaelacha Ériu, Banbha agus Fódhla.

De réir cuid de Leabhar Gabhála na hÉireann, bhí triúr mac ag Dealbaoth, agus iad ná Brian, Iuchar agus Iucharba. Deirtear chomh maith go raibh Tuirill Biccreo mar ainm aige.[4]

Mhaígh an dream ársa darbh ainm Delbna gurbh iad a mhuintir iad.

Comhainmneacha agus leaganacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh go bhfuil Dealbaodh ar chomhphearsa le dia na toirní, Tuireann, os rud é go n-aithnítear é mar Tuirill Biccreo, athair Bhriain, Iuchair, agus Iucharba.[4]

Tugadh an t-ainm Dealbaodh do Lugaid mac Tail, tar éis dó tine draíochta a lasadh, a tháinig cúig tsruthán aisti.[5]

Sa mhír chéanna de Leabhar Gabhála na hÉireann, aithnítear Dealbaodh eile – Delbáeth Mac Neit – mar shin-sean-athair Tuirill Biccreo.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Delbáeth ar eDIL
  2. Delb ar eDIL; dealbh.
  3. Áed ar eDIL
  4. 4.0 4.1 4.2 , R. A. Stewart. (1941). Lebor Gabála Érenn. Part IV. Irish Texts Society, Bhaile Átha Cliath. § VII, Chéad athleagan.
  5. The Metrical Dindshenchas ar CELT
Réamhtheachtaí
Daghdha
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1750–1740 BC
FFE 1337–1327 BC
Comharba
Fiacha