Immram Brain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scéal Gaelach na luath-meánaoise é Iomramh Bhrain (mhic Fheabhail) (Sean-Ghaeilge Immram Brain (maic Febail)), a insíonn a thurais go dtí oileán an Alltair.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Bran mac Feabhail (Branda litriú Bran mac Febail) ar eachtra go dtí an t-Alltar (Magh MeallTír na nÓg).

Lá amháin amuigh ag siúl, chuala Bran ceol álainn a mheall ina chodladh é. Ina dhúiseacht arís, chonaic sé craobh airgid os a chomhair amach. D'fhill sé ansin chuig a ríthigh, áit a nocht bean an alltair í féin. Chan sí dán faoi thír na craoibhe agus faoin alltar. Dúirt sí gur de chrann úill in Eamhain an chraobh. San alltar, dar léi, bhíodh an samhradh ann i gcónaí, agus ní bhíodh easpa ní bia ní uisce, agus ní fhulaingíodh na sárdaoine ní tinneas ní éadóchas ní mí-áthas, agus ní chloiseadh guth géar garbh. Dúirt sí le Bran dul ar turas thar lear go Tír na mBan, agus ar an lá dár gcionn, bhailigh sé buíon naonúr fear i dteannta lena deartháireacha altrama (gach i gceannas grúpa triúir) agus d'imigh leo.

Tar éis dhá lá, chonaic Bran fear ar charbad ag teacht ina threo. Manannán mac Lir an ea an fear, agus dúirt sé le Bran nach raibh sé ag seoladh ar muir, ach i ndáiríre ar mhaigh bláthach. Chuir sé in iúl do chinn maith go raibh scata fear dofheicthe ann ag taisteal i gcarabaid. Thug sé tuar dó Bhran go mbéarfaí mac dó in Éirinn, agus go bhfásfadh sé ina ghaiscíoch mór, á mhúineadh ag Manannán féin.

D'fhág Bran slán le Manannán, agus tháinig sé go hInis Subha. Bhí daoine na hinse ag gáire agus ag stánadh air, agus ní fhreagróidís a ghlaoch. Chuir Bran fear i dtír chun go bhfeice céard a bhí i gceist acu, ach thosaigh sé ag gáire agus ag stánadh maraon. D'fhág Bran ann é agus sheol sé ar aghaidh.

Shroich sé ansin Tír na mBan, ach bhí leisce air dul i dtír. Chaith ceannaire na mban ceirtlín traochta dó, a rug greim ar a láimh, agus tharraing sí an bád i dtír. Chuaigh gach fear le bean, Bran leis an gceannaire.

Ar feadh bliain amháin, mar a bheadh, ach i ndáiríre i bhfad níos mó, chaith na fir fleá go sona sásta i dTír na mBan, go dtí gur tháinig cumha ar Nechtan Mac Collbran. Bhí drogall ar an gceannaire iad a ligint abhaile, agus thug sí rabhadh dóibh gan cos a leagan ar chladaigh na hÉireann, agus an fear fágtha ar Inis Subha a tharrtháil.

Sheol Bran agus a bhruíon ar ais go hÉirinn. Níor aithin na daoine a ainm ach óna seanscéalta. Léim Nechtan Mac Collbran trína chéile ar an trá agus ar an dtoirt, d'athraigh sé go luaithreach.

D'inis Bran a chuid scéil dosna Gaeil, agus ansin sheolfar trasna na mara, agus ní fhacthas go deo iad.

Nótaí stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann ábhar an scéil le Miotaseolaíocht na nGael, ach scríobhadh an scéal go déanach sa 7ú haois nó go luath san 8ú. De réir roinnt scéal-liostaí, is Echtra é an 'Immram seo. Ó thaobh struchtúr de, faightear idir fhilíocht agus phrós ann, dánta gearra breactha le prós níos faide ar a dtugtar Clúdaigh Scéil.

Bhí smaoineamh an iomraimh go forleathan ag an am sin. Cé gur Gaelach iad an tsraith seo, is féidir iad a chur le taobh na foinsí clasaicigh, amhail is An Odaisé agus an Aeneid, roinnt scéalta Lochlannaigh, chomh maith le scéalta Briotainice, go háirithe iad caomhnaithe ón Bhreatain Bheag agus ón Bhriotáin (ina measc Y Mabinogion agus Tristan agus Isolde). Scríobh leagan ón bhéaloideaa síos ag Séamas Mac Mathúna.

Faightear sa dán ábhair agus téamaí atá cosúil le hiomartha Gaelacha eile, amhail is Iomramh Naoimh Bhreandáin agus Iomramh Maoil Dhúin scríofa san 8ú haois. Mar shampla, tagann Bran, Breandán agus Maol ar oileán naofa ar a bhfuil beathaí ciúine, séanmhara ag cách ann. Deirtear le Bran go bhfuil crann ann le héin naofa a chanann le chéile Bran is told of a tree with holy birds that all sing at the same time, cosúil le heachtra Breandáin. I ngach scéal, fágtar sine den bhruíon ar oileán nó díbrítear é, nó dá dheoin féin nó mar phionós as peaca.

Tá cosúlachtaí ar leith idir Immram Brain agus Immram Máel Dúin:[1] [2]

  • in alt 61, tugann Bran agus a bhruíon cuairt ar Inis Shubha. Cuireann Bran fear i dtír chun fiosrú, ach ní labhróidh sé leo agus é ann, ach amháin ag gate gáire maraon le daoine an oileáin. Fágtar an fear ar an oileán. Ar an gcuma chéanna, i gcaibidil 31 de Immram Máel Dúin, cuirtear fear de bhruíon Mhaoil chun fiosrú, ní féidir stopadh ag gáire, ná a mhuintir a aithint, agus fágtar ina dhiaidh.
  • In alt 62, baineann Bran agus a bhruíon Oileán na mBan amach. Cuirtear fáilte rompu ag na mná, cothaítear go maith, agus caitheann bean dóibh ceirtlín chuig Bran chun é a bhreith. I gcaibidil 28 den Immram Máel Dúin, baineann an criú inis amach ar a bhfuil seachtar ban déag ina gcónaí a thugann fáilte rompu. Agus iad ag iarraidh dul, caitheann bréan éigin ceirtlín a bheireann greim draíochta ar láimh Dhiuráin.
  • In alt 65, tar éis na gcéadta bliain ar muir, léimeann duine be bhruíon Bhrain as an gcurrach. Lena chois ar an talamh, déantar luaithreach de láithreach. I gcaibidil 11 den Immram Máel Dúin, déanann deartháir altrama iarracht muince a ghoid, agus dóitear go luaithreach é ag cat draíochta.

Is féidir Immram Brain a chuir í gcomparáid le téacs na Breataine Bige, Branwen Daughter of Llŷr ón Mabinogi, go háirithe ó thaobh na n-ainmneacha de. Mar a thugann Patrick K. Ford[3] faoi dheara, faightear an fhréamh "bran" san ainmneacha Branwen agus a deartháir Bendigeidfran. Is clann Llŷr (Gaeilge lear) iad, Branwen agus Bendigeidfran.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lámhscríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mac Mathúna, Séamus (eag. agus aistr.). Bran's Journey to the Land of Women. Tübingen: Niemeyer, 1985. Eagrán le faill ar CELT.
  • Murphy, Gerard (eag.). "Manannán, God of the Sea, Describes his Kingdom to Bran and Predicts the Birth of Mongán." In Early Irish lyrics, eighth to twelfth century, eag. Gerard Murphy. Oxford: Clarendon Press, 1956. Ll. 92–100. Caomhnaítear an dán "Caíni amra laisin m-Bran" as in MS 23 N 10. Eagrán le fáil ar CELT.
  • Hamel, A.G. van (eag.). Immrama. Mediaeval and Modern Irish 10. Baile Átha Cliath, 1941.
  • Meyer, Kuno agus Alfred Nutt (eag. agus aistr.). The Voyage of Bran son of Febal to the land of the living. 2 iml. Londain, 1895–1897. PDF le fáil ar Internet Archive.

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Carey, John. "Bran son of Febal and Brân son of Llyr." In Ireland and Wales in the Middle Ages, eag. Karen Jankulak agus Jonathan M. Wooding. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2007, ll. 168-79.
  • Carney, James. "The earliest Bran material." In Latin Script and Letters AD 400–900. Festschrift presented to Ludwig Bieler on the occasion of his 70th birthday, eag. J.J. O'Meara abhus Bernd Naumann. Leiden, 1976, ll. 174-93. Athchló in The otherworld voyage in early Irish literature. An anthology of criticism, eag. Jonathan M. Wooding. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2000, ll. 73–90.
  • Hull, Vernam E. "A passage in Imram Brain." ZCP 28 (1960–61), ll. 256–7.
  • Hull, Vernam E. "An incomplete version of the Imram Brain and four stories concerning Mongan." ZCP 18 (1930), ll. 409–19.
  • Mac Cana, Proinsias. "The sinless otherworld of Immram Brain." In The otherworld voyage in early Irish literature. An anthology of criticism, eag. Jonathan M. Wooding. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2000, ll. 52–72.
  • Mac Cana, Proinsias. "On the 'prehistory' of Immram Brain." Ériu 26 (1975), ll. 33–52.
  • Mac Cana, Proinsias. "Mongán Mac Fiachna and Immram Brain." Ériu 23 (1972), ll. 104–42.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Oskamp, H. P. A. (1970). "The Voyage of Máel Dúin": 101-179. Groningen: Wolters-Noordhoff Publishing. 
  2. Mac Mathúna, Séamus (1985). "Immram Brain - Bran's Journey into the Land of the Women". Tübingen: Max Niemeyer Verlag. 
  3. Ford, Patrick K. (eag. agus aistr.). "Branwen Daughter of Llŷr." The Mabinogi and Other Medieval Welsh Tales. Berkeley: University of California Press, 2008, ll. 57–59.