Immram
Scéal áirithe Gaelach maidir le laoch ar turas go hAlltar (mar shampla Tír na nÓg, Mag Mell) is ea iomramh (Sean-Ghaeilge immram). Scríofa sa luath-ré Chríostaí agus tá siad ar bun Chríostaí ó thaobh ábhar de, ach faightear ann in ainneoin sin ábhair pháganacha.
Bunúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faightear Iomramha chomh luath is an 7ú haois, scríofa ag manaigh agus scoláirí, a theith as an Eoraip roimh ionróirí barbaracha den 5ú haois. Meastar go bhfuil mar bhunús iontu trí fhoinse a bhí ann cheana: miotais Ghaelacha, genre Críostaí, agus Scéalta Clasaiceacha.
Rinne Heinrich Zimmerman, ar dhuine desna chéad Cheiltígh, iarracht Iomramha a nascadh leis an Aeinéid agus an Odaisé. Rinne sé comparáid idir na mná síoraí a bhronn neamhbhásmhaireacht ar a leannáin, agus na caoirigh mhóra ar oileáin.[1] Bréagnaíodh ámh na samhlacha seo ag William Flint Thrall.[2]
Is fíorGhaelach é an t-alltar in Iomramh Bhrain. Tá ggg, the concept of the Irish alltar and Christian párthas, though closely related, differ in their treatment of peaca agus gnéas. Mar shampla, cuireann an t-alt le fear agus bean ag súgradh gan locht faoi thom [3] in iúl an iarracht Chríostaí um párthas gan pheaca gan ghnéas a chruthú.
Ghlac na hIomramha tréithe ó genres Críostaí amhail is an naomhsheanchas, an oilithreacht, agus na scéalta físe.[4] Chomh luath is an 5ú haois, rachadh manaigh Éireannacha ar oilithreacht, ag seoladh ó inis go hinis chun machnamh a dhéanamh agus a gcuid peacaí a ghlanadh.[4] Tionchar Críostaí eile ba ea é b'fhéidir gur ligeadh daoine le sruth faoi bhreithiúnas Dé as ucht a gcoireanna.[5] Is í b'fhéidir an fhianaise is tábhachtaí gur saothair Chríostaí iad na hIomramha ná gur sagairt, manaigh agus siúracha ar fánach, nó ar a laghad gaolta leo, iad de ghnáth pearsana na scéalta.
I dteannta lena dtábhacht mhiotasach agus liteartha, moladh é ag roinnt scoláirí gur leaganacha áibhéalach de thurais stairiúla iad na hIomramha. Is léir go ndeachaigh na luath-Éireannacha, go háirithe na manaigh, ar turais fhada, ag dul go dtí Inse Orc, Sealtainn, agus na Scigirí faoi luathdháta, agus fiú an Íoslainn. Deirtear go bhfuil gaol idir roinnt rudaí agus áiteanna luaite sna hIomramha agus fior-rudaí agus fíor-oileáin. Mar shampla, moladh é gur chnoc oighir é gallán criostail Bhreandáin.[6]
Saintréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá saintréithe ar leith sna hiomramha chun iad a aithint:
- laoch ar turas ar son eachtra, nó chun a chinniúint a shásamh
- cuardach an alltair, suite ar oileán i bhfad i gcéin thiar ó Éirinn
- teacht i dtír ar oileáin neamhshaolta eile sula sroicheann an ceann scríbe
- tharlódh gurbh féidir nó nárbh fhéidir leis filleadh abhaile.
D'fhéadfadh na hiomramha bheith measctha le genre Gaelach den chineál céanna, an Eachtra.
Eachtra | Iomhramh |
---|---|
Turas ar lorg alltair (trí na sidhe, tír na ndéithe, útóipe, na flaithis) | |
págánach | Chríostaí[7] |
7ú haois | 8ú haois [1] |
áit amháin; d'fhéadfadh teacht gan trácht ar an turas féin | go leor eachtraí ar go leor oileáin[7] |
tuiscint de na déithe agus a dtíortha a fheabhsú | tugann ábhair phágánacha dúshlán do chreideamh an laoich |
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann go minic spéirbhean an alltair chuig an laoch agus canann sí dó faoin tír álainn úd. Tairgeann sí scaití úll dó, nó geallann sí grá mar mhalairt air a chuid cabhrach i gcath. Leanann sé í, agus téann siad ar turas thar lear le chéile agus ní fheictear iad níos mó. Téann sias i mád gloine, i gcarbad, sin nó ar chapall (bean de ghnáth, mar shampla an bandia Niamh Chinn Óir). Uaireanta, tagann an laoch ar ais tar éis tamaill ghear, dar leis, ach a dtagann ar an eolas go bhfuil a chomhrádaí go léir marbh agus go raibh sé le fírinne thar lear ar feadh na gcianta.
I leaganacha eile scaití, téann an laoch ar iomramh, agus titeann ceo draíochta ar a mhullach air. Tharlódh go dtiocfadh sé os comhair páláis ait agus rachadh sé isteach chun gaiscígh nó spéirmhná a chuireann fáilte roimhe. Fand bandia ab ea an bhean, Manannán mac Lir nó Lugh ab ea an gaiscíoch, agus tharlódh go dtiocfadh an laoch abhaile tar éis eachtraí iasachta. Más fíor fiú, ámh, ní mar a bhí is atá, tar éis bheith san alltar.[8]
Scéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí seacht scéal iomhraimh ann sa liosta oifigiúil faighte sna seantéacsanna. Dóibh siúd níl chaomhnaithe ach a trí:
Faightear an scéal Immram Brain san áireamh i seanliostaí na n-eachtraí, cé go bhfuil buntréithe an iomraimh aige.[9] Sa scéal níos deireanaí as Laidin, Voyage of St. Brendan, faightear turas thar muir go hoileáin neamhshaolta.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Liteartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Moltar gur spreag na hiomramha The Voyage of the Dawn Treader le C. S. Lewis, agus an dán Imram le J.R.R. Tolkien.[10]
- Is iomramh den 21ú haois é an úrscéal Navigatio le Patrick Holland, a ath-shamhlaíonn Turas Naomh Breandáin. Baintear le chéile tarluithe athráiteacha agus frithráiteacha, chun cnuasach téacsanna neamhleasaithe na meánaoise a chur i bhfeidhm.
- Rinne Anatole France aoradh ar an ngenre iomraimh ina úrscéal 1908, Oileán na bPiongainí (Francis: L'Île des Pingouins).
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spreagtha ag Navigatio Sancti Brendani Abbatis, chuaigh Tim Severin ar turas le feidhm teicneolaíocht na 5ú haoise, chun a chur in iúl gurbh fhéidir leis na nGael taisteal chomh fada le Meiriceá Thuaidh.[11]
Is uaidh an seánra litríochta seo a thóg an Féile IMRAM a ainm.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- O'Curry, Eugene (1861). "Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, delivered at the Catholic University of Ireland, during the sessions of 1855 and 1856". Baile Átha Cliath: William A. Hinch.
- Thrall, William Flint (Dec 1917). "Vergil's "Aeneid" and the Irish "Imrama:" Zimmer's Theory". Modern Philology 15: 449–474. doi:JSTOR 433138. .
- Byrne, Mary E. (1932). "On the Punishment of Sending Adrift". Ériu 11: 97–102. JSTOR 30008090.
- Dumville, David N. (1976). "Echtrae and Immram: Some Problems of Definition". Ériu 27: 73–94. JSTOR 30007669.
- MacKillop, James (1998). "Dictionary of Celtic Mythology". Oxford.
- "The Otherworld Voyage in Early Irish Literature: An Anthology of Criticism" (2000b). Four Courts Press.
- O'Meara, J. J.. "In the Wake of the Saint: The Brendan Voyage, an Epic Crossing of Atlantic by Leather Boat": 109–112.
- Mac Canna, Proinsiaa. "The Sinless Otherworld of Immram Brain": 52–72.
- Wooding, M. Jonathan.. "Monastic Voyaging and the Nauigatio": 226–245.
- Moylan, Tom (2007). "Irish voyages and visions: pre-figuring, re-configuring Utopia". Utopian Studies 18: 299–323. Irish Utopian. JSTOR 20719879.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Thrall 1917.
- ↑ Wooding 2000b, Introduction.
- ↑ Mac Cana 2000.
- ↑ 4.0 4.1 Moylan 2007.
- ↑ Byrne 1932.
- ↑ Wooding 2000.
- ↑ 7.0 7.1 Dumville 1976.
- ↑ cf. MacKillop
- ↑ Wooding 2000b, Réamhrá.
- ↑ Duriex, Colin (2015). "Bedeviled: Lewis, Tolkien and the Shadow of Evil".
- ↑ "Legends of The Isles: Brendan The Navigator (Documentary)".