C. S. Lewis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaC. S. Lewis
Beathaisnéis
Breith(en) Clive Staples Lewis
29 Samhain 1898
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Samhain 1963
64 bliana d'aois
Oxford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh duán)
Áit adhlacthaHoly Trinity Church (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile, Oxford (1917–1925)
Coláiste Malvern
Coláiste Campbell
Wynyard School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBéal Feirste
Oxford
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríobh, raidió, diagacht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, litríocht fantaisíochta, filíocht agus eolaíocht liteartha
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, múinteoir ollscoile, diagaire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1919 –
FostóirColáiste Magdalen, Ollscoil Oxford (1925–1954) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraMirabilia (en) Aistrigh, fantaisíocht, ficsean eolaíochta agus díonchruthú
GluaiseachtInklings (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidWilliam T. Kirkpatrick
Faoi thionchar
Ainm cleiteN. W. Clerk
Clive Hamilton Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataSomerset Light Infantry (en) Aistrigh
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJoy Davidman (1954–1960) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDouglas Gresham, leanbh uchtaithe, David Gresham, leanbh uchtaithe Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlbert James Lewis  agus Florence Augusta Hamilton
SiblínWarren Lewis
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0507000 Musicbrainz: fad434cc-5fae-411c-918e-096f1adfa37d Discogs: 999014 Find a Grave: 1455 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir ó Thuaisceart na hÉireann ab ea Clive Staples Lewis. B'eisean a scríobh na húrscéalta faoi Narnia agus an tríológ spáis faoi Malacandra, Perelandra agus Thulcandra, is é sin, Out of the Silent Planet, Perelandra, agus That Hideous Strength.

Rugadh i mBéal Feirste 29 Mí na Samhna 1898 é, agus fuair sé bás 22 Mí na Samhna 1963. Bhí sé ina bhall de na hInklings, club comhchaidrimh do lucht litríochta in Oxford, agus aithne aige ar J. R. R. Tolkien.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Chéad Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Clive Staples Lewis i mBéal Feirste d'Albert James Lewis agus Flora Augusta Hamilton Lewis. Nuair a bhí Clive óg ceithre bliana d'aois, bhuail gluaisteán a mhadra a d'éag sa teagmháil. Jacksie a bhí ar an madra, agus bhí Clive chomh mór sin faoi mhéala is gur éiligh sé ar a thuismitheoirí gan ach Jacksie a thabhairt air feasta. De réir a chéile, rinneadh Jacks nó Jack den leasainm sin, agus is é Jack an t-ainm a thugadh a chuid cairde air, conablach a shaoil.

Bhí deartháir amháin aige, Warnie (Warren Hamilton Lewis) a bhí trí bliana ní ba sine ná eisean. Fuair máthair na beirte buachaillí bás sa bhliain 1908, agus as sin amach, bhí Lewis á mhúineadh ag an gcorr-theagascóir baile a tharla a bheith ann.

Nuair a bhí sé naoi mbliana déag d'aois, cuireadh go dtí Sasana é le léann a fhoghlaim i scoil chónaitheach in éineacht lena dheartháir. Ní raibh mórán ama caite aige sa scoil sin - Scoil Wynyard i Watford i Sír Hertford - nuair a dúnadh í, agus go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh an príomhoide i ngealtlann. Ansin, chaith Lewis cúpla mí i gColáiste an Chaimbéalaigh i mBéal Feirste, ach ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Cherbourg, agus ansin, fuarthas áit dó i gColáiste Malvern i Malvern, Sír Worcester. Faoin mbliain 1913, thug sé droim láimhe dá chreideamh Chríostaí agus d'fhógair sé gurbh aindiachaí é. Nuair a bhí bliain amháin thart aige i Malvern, chrom sé ar staidéar príobháideach, agus seanteagascóir a athara, William T. Kirkpatrick, mar chrann taca aige.

Dealbh i mBéal Feirste

Bhí an-suim ag Lewis i scéalta faoi ainmhithe riamh, agus in éineacht lena dheartháir, cheap sé Boxen, domhan samhlaithe na n-ainmhithe daonchosúla. Bhí siad ag scríobh scéalta agus á n-insint dá chéile faoi eachtraí na n-ainmhithe i mBoxen. Tháinig na smaointí seo as leabhair Beatrix Potter, nó bhí sise ar dhuine de na scríbhneoirí ab ansa le Lewis, nuair a bhí sé óg. Bhí teach a athara lán leabhar, rud a thaitin go mór mór leis, ó bhí sé ina léitheoir craosach. Bhí an-eagla air roimh na feithidí agus na damháin alla, áfach, agus bhí siad ina n-ábhar mór tromluithe aige go minic.

Nuair a bhí sé ina spuraicleach déagóra, thug sé an-taitneamh do shaothar Richard Wagner agus don mhiotaseolaíocht Ghearmánach nó Lochlannach a raibh ceoldrámaí Wagner bunaithe orthu. Faoi thionchar Wagner, mhothaigh Lewis cineál saint nó tnúthán ag borradh ina chroí, mothúchán ar bhaist sé joy, ríméad nó áthas, air. Threisigh Wagner leis an ngrá a bhí aige don dúlra, chomh maith. Thosaigh sé ag éirí ró-aibí le tuilleadh scéalta a scríobh faoi Boxen, chomh maith. Ó bhí a fhantaisíocht ag dul bealach na miotaseolaíochta Nordaí, chuaigh a chuid scríbhneoireachta i dtreo na heipice is an ceoldráma, a bhí níos oiriúnaí le téamaí miotaseolaíochta a láimhseáil. San am céanna, bhí Kirkpatrick ag teagasc Gréigise agus ag cur litríocht chlasaiceach na seanársaíochta in aithne dó, rud a bhí ag cur go maith lena ghrá don eipic mhiotasúil.

Cuimhneacháin, Dundela Avenue, North Road, Béal Feirste

Sa bhliain 1916, bhain Lewis amach scoláireacht a cheadódh dó staidéar a dhéanamh in Oxford. Bhí an chéad chogadh domhanda ar siúl ina thimpeall, áfach. Mar sin, liostáil sé san arm sa chéad bhliain eile. Fuair sé coimisiún oifigigh sa Tríú Cathlán de Chos-Slua Éadrom Somerset. Bhí sé díreach ag slánú naoi mbliana déag d'aois, nuair a bhain sé amach Gleann Somme sa Fhrainc.

Siobhán Uí Mhórdha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí sé ag traenáil in oirchill an fhiannais, d'éirigh sé mór le saighdiúir eile arbh ainm dó Páidín Ó Mórdha (Paddy Moore), agus chuir seisean Lewis in aithne dá mháthair, Siobhán Uí Mhórdha (Jane King Moore). Fuair Páidín bás i machaire an áir, agus ghlac Siobhán leis mar shórt mac altrama in éiric a mic féin. Agus Lewis féin ag éileamh in ospidéal míleata, thagadh Siobhán ar cuairt chuige, agus bhí an caidreamh seo an-tábhachtach dó, ó dhiúltaigh a athair cuairt a thabhairt ar an otharlann.

Na scoláirí a bhfuil saothair scríofa acu faoi shaol Lewis, níl siad ar aon fhocal faoi cén cineál cairdeas a bhí ann. Tá cuid acu ag áitiú go raibh caidreamh collaí ag Lewis le Siobhán. Ní raibh an fear féin sásta an tsreang a bhaint den mhála faoin scéal seo, ach is é an rud a dúirt sé gur chuidigh Siobhán leis a chuid mothúchán a aithint is a admháil. B'é tuairim A. N. Wilson, a scríobh beathaisnéis Lewis, go raibh sé suite siúráilte go raibh a leithéid de chaidreamh acu le chéile nuair a bhí Lewis ag fáil leighis óna chuid cneánna cogaidh, ach is dealraitheach nach bhfuil de bhunús aige leis seo ach cúpla litir nár bhain sé an chiall cheart astu. Maidir le Walter Hooper, ar fhág Lewis a oidhreacht liteartha faoi, b'é a bharúil siúd go raibh a leithéid de chaidreamh incheaptha, ach ní raibh aithne ag Hooper ar Lewis nuair a bhí sé óg. George Sayer, arís, bhí aithne aige ar Lewis sna blianta seo, nó bhí Lewis mar oide agus mar chara aige, agus dhiúltaigh Sayer amach is amach don chineál seo ráflaí. Cibé faoi chúrsaí craicinn, is léir go raibh Lewis agus Siobhán iontach mór le chéile. I Mí na Nollag sa bhliain 1917, chuir Lewis litir chuig Arthur Greeves, a bhí mar chara aige ó bhí sé ina pháiste, inar scríobh sé gurb iad Siobhán agus Greeves féin "an bheirt is measa le mo chroí ar an saol seo".

Bóthar Holywood, Béal Feirste (ó 1998) Lewis, mar Digory Kirke, as Narnia

I ndiaidh an chogaidh, sa bhliain 19181919, bhí Lewis agus Siobhán ina gcónaí in aontíos, cé go raibh seomraí dá chuid féin ag Lewis ina choláiste. Sa bhliain 1930, chuir Siobhán, Lewis agus Warnie, deartháir C. S. Lewis, fúthu i dteach The Kilns i Risinghurst, Headington, in aice le hOxford. D'íoc gach duine den triúr a chuid féin de phraghas an tí. B'é Warren "Warnie" Lewis an duine acu ba deireanaí a fuair bás, sa bhliain 1973. Thit an teach le hiníon Shiobhán Uí Mhórdha ansin.

Is minic a fuarthas locht ar Shiobhán, agus na daoine ag cur ina leith go mbíodh sí ag mursantacht ar Lewis bocht nuair a chónaigh an bheirt acu le chéile. Tá fianaise ann, áfach, gur bean chineálta dhóighiúil a bhí inti, agus go raibh na comharsana an-mhór léi nuair a bhí sí ag cur fúithi sna Kilns. Dúirt Lewis ina dhiaidh sin gurb ó Shiobhán a d'fhoghlaim sé suáilce na flaithiúlachta.

Ag dul anonn sa saol di, thosaigh a cuimhne ag teip ar Shiobhán, agus sa deireadh, cuireadh i dteach altranais í, áit a dtagadh Lewis ar cuairt chuici gach lá, go dtí gur bhásaigh sí sa bhliain 1951.

Saol Éireannach C. S. Lewis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig sé go Sasana an chéad uair, baineadh cineál geit chultúrtha as. Ina leabhar Surprised by Joy, scríobh sé: "Ní féidir le haon Sasanach a thuiscint cad é mar a chuaigh Sasana i bhfeidhm orm i dtús báire. An blas aisteach Béarla a bhí le cloisteáil i mo thimpeall, ba chosúil le caint na ndeamhan é, dar liom. Ach b'é an tírdhreach ba mheasa. Idir an dá linn, rinne mé cairdeas le Sasana arís, ach d'fhág an chéad teagmháil seo goimh orm le Sasana, goimh a bhí i bhfad ag cneasú."

Plaic chuimhneacháin - Beannchar, Contae an Dúin.

Bhí spéis ag Lewis i miotaseolaíocht na nGael agus sa Ghaeilge féin ó bhí sé ina bhrín óg. Bhí sé an-tugtha do shaothar William Butler Yeats, ó bhí Yeats ag tarraingt ar thobar an mhiotais Ghaelaigh ina chuid filíochta. I litir chuig cara, scríobh Lewis: "Anseo, tháinig mé trasna ar scríbhneoir den chineál a bhí riamh ag teastáil uaim, agus tá mé siúráilte go dtaitneodh sé leatsa freisin. Is é sin, W. B. Yeats. Cumann sé drámaí agus dánta faoinár seanmhiotaseolaíocht Éireannach, saothar a bhfuil saoithiúlacht agus áilleacht as an ngnáth ag baint leis."

Díol iontais ab ea do Lewis go raibh lucht a aitheantais i Sasana ar nós cuma liom i leith shaothar Yeats agus athbheochan an chultúir Cheiltigh. Scríobh Lewis: "Is minic a chuireann sé iontas orm a fheiceáil go ndéanann na daoine a casadh orm anseo neamhshuim iomlán de shaothar Yeats. Is dócha nach dtaitníonn sé ach le hÉireannaigh. Más amhlaidh, altaím leis na déithe go léir gurb Éireannach a tharla a bheith ionam." I dtús a chaithréime mar scríbhneoir, bhí Lewis ag dréim lena chuid saothar a chur chuig tithe foilsitheoireachta i mBaile Átha Cliath: "Má chuirim mo chuid stuife chuig aon fhoilsitheoir choíche, sílim go mbainfidh mé triail as muintir Maunsel i mBaile Átha Cliath, i gcruth is go mbeidh baint agam le scoil scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath." Nuair a d'iompaigh sé chun na Críostaíochta, áfach, thréig Lewis an rúndiamhracht Cheilteach de réir a chéile, ar mhaith leis an spioradáltacht Chríostaí.

Teach "Mr. Tumnus", Rotherfield, East Sussex

Agus an chumha a bhí air i ndiaidh na hÉireann, ba nós le Lewis a thabhairt le fios idir shúgradh agus dháiríre go raibh dearcadh frith-Shasanach aige. Seo an cuntas a thug sé ar Éireannach a buaileadh air i Sasana: "Cosúil leis na hÉireannaigh uile go léir a chastar ar a chéile i Sasana, bhí muid, i ndeireadh ár gcomhrá, ag lochtú braschaint agus leadránacht dhosheachanta an chine Angla-Shasanaigh. I ndiaidh an iomláin, a ami, is iad na hÉireannaigh an t-aon phobal amháin atá ann...Is ar éigean a bheinn sásta mo shaol a chaitheamh nó mo bhás a fháil i measc aon chine eile."

The Eagle and Child : teach tábhairne in Oxford Chas J. R. R. Tolkien agus C. S. Lewis anseo.

Ó bhí sé ag obair in ollscoil Oxford, áfach, b'éigean do Lewis a shaol a chaitheamh agus a bhás a fháil i measc cine eile, agus ba mhinic a deireadh sé gur cúis aiféaltais ab ea dó gurbh éigean dó Éire a thréigean. Bhí sé riamh ar lorg chuideachta na nÉireannach, agus thagadh sé go Tuaisceart Éireann go tráthrialta. B'ansin a chaith sé a mhí mheala, fiú. "Mo shaol Éireannach" a thugadh sé air seo.

The Eagle and Child : teach tábhairne in Oxford Chas J. R. R. Tolkien agus C. S. Lewis anseo.

A Iompú leis an gCríostaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go ngnáthaíodh muintir Lewis seirbhísí Eaglais na hÉireann go dílis, chuaigh Lewis leis an aindiachas nuair a bhí sé trí bliana déag, agus ní dheachaigh sé le creideamh arís sula raibh aon bhliain déag is fiche slánaithe aige. Ghlac sé col leis an gCríostaíocht nuair a thosaigh sé ag dearcadh ar na deasghnátha reiligiúnda mar dhualgas trom leadránach. San am céanna, chuir sé spéis san asarlaíocht, ó cheadaigh a chuid staidéir dó tuilleadh a fháil amach faoi rudaí den chineál sin. Ba nós leis focail Lucretius a tharraingt air mar mhíniú cén fáth a raibh sé féin ina aindiachaí:

The Eagle and Child : teach tábhairne in Oxford

Nequaquam nobis divinitus esse paratam

Naturam rerum; tanta stat praedita culpa

"Dá mb'é Dia a chruthaigh an saol, ní bheadh sé chomh sobhriste, agus ní bheadh an oiread sin lochtanna air."

Unicorn Inn, Malvern

Cé gur shíl sé go raibh sé ina aindiachaí san am, dúirt sé ina leabhar Surprised by Joy ina dhiaidh sin go raibh sé, thar aon rud eile, feargach le Dia toisc nach raibh Sé ann, nuair a bhí sé óg.

Faoi thionchar a chara ollscoile Tolkien agus an leabhair úd The Everlasting Man le Chesterton, tháinig sé ar ais chuig an gCríostaíocht de réir a chéile. Bhí sé ag iarraidh cur in aghaidh an athrú comhairle seo go lá a iompaithe. Nuair a bhain mé amach an Chríostaíocht, bhí mé ag scréacharnaigh agus ag ciceáil uaim, a dúirt sé. Seo an cur síos a thug sé ar dheireadh a throda sa leabhar Surprised by Joy:

Samhlaigh duit mé i m'aonar, thuas sa seomra sin i Magdalen, oíche i ndiaidh oíche, agus mé ag mothú, gach soicind a n-ardóinn súile m'intinne de mo chuid oibre, go raibh Sé ag druidim isteach chugam go maorga malltriallach, Sé féin, a bhí mé ar theann mo dhíchill a sheachaint. É féin a chuir an oiread sin eagla orm, tháinig Sé anuas orm sa deireadh thiar. I dTéarma na Tríonóide sa bhliain 1929, ghéill mé Dó, agus d'admhaigh mé gurbh é Dia Dia, agus thit mé síos ar mo ghlúine, le m'urnaí a dhéanamh b'fhéidir, agus mise ar an iompaitheach ba thruamhéilí, ba dhrogallaí amuigh, b'fhéidir.

Béal Feirste

Roimh an iompú, bhí tamall fada caite ag Lewis ag spaisteoireacht agus ag comhrá lena chairde Tolkien agus Hugo Dyson. Nuair a bhí sé iompaithe, chuaigh Lewis in Eaglais Shasana, is é sin, san Eaglais Anglacánach, rud a ghoill ar a chara Tolkien, ós rud é go raibh sé féin ina Chaitliceach, agus é ag dréim go rachadh a chara leis an gcreideamh áirithe sin. Caitliceach ab ea Chesterton freisin, dála an scéil.

Cé go raibh sé ina Anglacánach, bhí Lewis sách cóngarach don Eaglais Chaitliceach ina chreideamh, ní ba chóngaraí, fiú, ná don traidisiún Phrotastúnach. Mar shampla, ghlac sé le foirceadal Caitliceach an pheaca mharfaigh, is é sin, chreid sé gur féidir don Chríostaí peaca chomh tromchúiseach a dhéanamh is go gcaillfidh sé slánú a anama a bhí aige roimhe sin - rud nach bhfuil ag teacht go rómhaith leis an dearcadh atá ag an bProtastúnach ar an saoradh ó chion mar choincheap diagachta.

CS Lewis Reading Room, leabharlann Glucksman

Bhí dáimhe ag Lewis fosta le coincheap Caitliceach na Purgadóra, cé nach bhfuil glacadh leis sa Phrotastúnachas. Sa leabhar deireanach a scríobh sé, mar atá, Letters to Malcolm, bhí sé go mór faoi thionchar John Henry Newman, an diagaire Caitliceach, ó thaobh na Purgadóra de.

Joy Gresham[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Lewis ag dul anonn sna blianta cheana, nuair a tháinig Joy Davidman Gresham go Sasana le cor a chur ina chinniúint. Scríbhneoir Meiriceánach ab ea í, de phór Ghiúdach, a d'iompaigh ón gCumannachas leis an gCríostaíocht. Bhí sí dealaithe óna fear céile, agus beirt mhac aici, mar atá, David agus Douglas Gresham. Ar dtús, is é an meas a bhí ag Lewis uirthi ná gur compánach taithneamhach intleachtúil a bhí inti, agus thoiligh sé conradh saolta pósta a shíniú léi, le go bhféadfadh sí fanacht sa Ríocht Aontaithe.

Ansin, d'iompaigh sé amach go raibh ailse na gcnámh ag luí uirthi, agus tháinig athrú ar an gcaidreamh eatarthu, an oiread is gur chinn siad pósadh Críostaí a fháil. Ó bhí sí i ndiaidh colscaradh a fháil, ní raibh sé furasta toiliú Eaglais na hÉireann a lorg don chleamhnas, ach sa deireadh thiar, phós cara le Lewis, an Ministir Peter Bide, iad cois leaba ospidéil Joy.

Na Beanna Boirche suite i mBarúntacht Mhúrn in iardheisceart Chontae an Dúin: scríobh CS Lewis faoi

Mhaolaigh ar ailse Joy ar feadh tamaill, agus bhí an lánúin ábalta saol ceart tinteáin a chaitheamh in éineacht le Warnie Lewis, go dtí gur tháinig an athiompáil agus an bás. Scríobh Lewis leabhar, A Grief Observed, le cur síos a thabhairt ar an dóigh a ndeachaigh an méala seo i gcion air. Ar dtús, d'fhoilsigh sé an leabhar faoi ainm cleite N. W. Clerk, ó ba leasc leis scéal chomh pearsanta sin a chur os comhair an tsaoil mhóir faoina ainm féin. Nuair a tháinig an crú ar an tairne, bhí Lewis bodhraithe ag na daoine a bhí ag moladh an leabhair dó, agus d'admhaigh Lewis go poiblí gurbh é féin a scríobh í.

Nuair a bhí Joy tar éis bháis, thug Lewis aire don bheirt mhac a d'fhág sí ina diaidh. Inniu, tá Douglas Gresham ina Chríostaí ghníomhach, agus é sáite i gcúrsaí reachtála eastát Lewis. D'fhill an deartháir eile, David, ar an gcreideamh Giúdach, agus níl caidreamh ag an mbeirt le chéile inniu.

Blianta Deireanacha a Shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Holy Trinity, Headington Quarry, Oxfordshire

I dtús Mhí an Mheithimh sa bhliain 1961, thosaigh a shláinte ag teip ar Lewis. Bhí athlasadh na nduán air a chuaigh an oiread chun donais is gur tháinig nimhiú fola air. Agus an galar ag luí air, ní raibh sé ábalta freastal ar a obair i dtéarma fómhair Ollscoil Cambridge, ach bhisigh sé arís sa bhliain 1962, agus chuaigh sé ar ais go dtí an ollscoil in Aibreán na bliana sin. Bhí sé ar a sheanléim arís in Earrach na bliana céanna.

Mar sin féin, buaileadh breoite é arís ar an 15 Iúil, 1963, agus tugadh isteach san ospidéal é. An lá arna mhárach, ag a cúig a chlog iarnóna, thit Lewis i gcóma i ndiaidh taom croí, ach, rud nach rabhthas ag súil leis, tháinig sé chuige féin arís an chéad lá eile ag a dó a chlog iarnóna. Cé nach raibh sé in ann a bheith ag obair a thuilleadh, d'fhill sé abhaile, agus i Mí Lúnasa, d'éirigh sé as a chuid oibre i gCambridge ar chúiseanna slándála. Ní raibh a shláinte ag teacht ar ais, agus i Mí na Samhna, diagnóisíodh go raibh a dhuáin ag teip air go doleigheasta.

Fuair sé bás ar an 22 Samhain, 1963. Bhí seachtain ag teastáil uaidh le cúig bliana is trí scór a shlánú. Adhlacadh i reilig Eaglais na Tríonóide Naofa é in Oxford. De thaisme, d'éag Aldous Huxley agus an tUachtarán John F. Kennedy ar an lá céanna.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]