Edward Plunkett, 18ú Barún Dhún Samhnaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdward Plunkett, 18ú Barún Dhún Samhnaí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Edward John Moreton Drax Plunkett
24 Iúil 1878
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Deireadh Fómhair 1957
79 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Aipindicíteas)
Áit adhlacthaSt Peter and St Paul's Churchyard (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eton
Coláiste Míleata Ríoga, Sandhurst
Cheam School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, imreoir fichille, úrscéalaí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, polaiteoir, drámadóir, file, uasal Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1890í –  1957
SeánraFicsean coiriúlachta, ardfhantaisíocht, litríocht uafáis, ficsean eolaíochta agus weird fiction (en) Aistrigh
Ainm cleiteLord Dunsany Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda, Dara Cogadh na mBórach agus An Dara Cogadh Domhanda
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalBarún Dhún Samhnaí (1899–) Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAn Bhantiarna Beatrice Child-Villiers (1904–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRandal Plunkett, 19ú Barún Dhún Samhnaí Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Plunkett, 17ú Barún Dhún Samhnaí  agus Ernle Elizabeth Louisa Maria Grosvenor Burton
Duine muintearthaVictor Child Villiers, 7ú hIarla Gheirsí (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindunsany.net… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0243004 Allocine: 241999 Allmovie: p309123 IBDB: 95450
Musicbrainz: dd496176-fd65-426a-8b98-5f768570b406 Discogs: 2604207 Find a Grave: 9867 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir scéalta fantaisíochta a bhí in Edward John Moreton Drax Plunkett, ochtú barún déag Dhún Samhnaí, nó, Lord Dunsany, mar is aithin do lucht léite a chuid leabhar é. Is féidir a ainm a aistriú go Gaeilge mar Éamann Pluincéid. Saolaíodh ar an 24 Iúil 1878 i Londain é, agus fuair sé bás le haipindicíteas i mBaile Átha Cliath ar an 25 Deireadh Fómhair 1957. D'fhoilsigh sé breis agus ceithre scór leabhar, idir ghearrscéalta (na céadta acu), dhrámaí, úrscéalta agus aistí.

Bhí cónaí air i gCaisleán Dhún Samhnaí i gContae na Mí, agus bhí aithne aige ar mhaithe agus ar mhóruaisle an chultúir Éireannaigh, ar nós Augusta Gregory agus Liam Buitléarach de Gheata. Bhronn Coláiste na Tríonóide dochtúireacht oinigh air. Fear mór taistil agus sealgaireachta a bhí ann, agus rug sé craobh na hÉireann leis sa lámhach piostail agus san fhicheall araon. Bhí suim mhór aige ina lán cineálacha lúthchleasaíochta eile.

Fear míleata a bhí ann chomh maith, agus é dílis do Shasana. Ar dtús, chuaigh sé sna saighdiúirí le páirt a ghlacadh i gCogadh na mBórach, agus sa Chéad Chogadh Domhanda, chuidigh sé le hOifig Chogaidh na Ríochta Aontaithe ag tabhairt oiliúna do na hearcaigh agus ag scríbhneoireacht thar cionn na hOifige Cogaidh. Sa Dara Cogadh Domhanda, liostáil sé sna fórsaí cosanta áitiúla in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon, agus bhí sé gníomhach i Shoreham, Kent, ach go háirithe.

Bhí sé mór leis na scríbhneoirí móra Éireannacha agus Sasanacha araon: idir Phádraic Colum agus Rudyard Kipling. D'fhág sé a chaisleán ag a mhac le socrú síos i Shoreham, cóngarach dá sheanchara Kipling. Is léir go raibh suim aige i ngach sórt dea-litríochta, beag beann ar an bpolaitíocht.

Is é an cineál scéalta a scríobhadh sé féin ná fantaisíocht, agus bhí an-tionchar aige ar scríbhneoirí an tseánra seo ó Lovecraft go hUrsula Le Guin. Mar sin féin, is iomaí craiceann a chuir sé de i rith a ghairmréime liteartha ó thaobh na stíle de. Ba é The Gods of Pegana an chéad leabhar fantaisíochta a d'fhoilsigh sé, thiar sa bhliain 1905.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]