H. P. Lovecraft

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaH. P. Lovecraft

(1934) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Howard Phillips Lovecraft
Beathaisnéis
Breith20 Lúnasa 1890
Providence, Rhode Island Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Márta 1937
46 bliana d'aois
Providence, Rhode Island Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse na stéige bige)
Áit adhlacthaSwan Point Cemetery (en) Aistrigh 41°51′14″N 71°22′52″W / 41.854021°N 71.381068°W / 41.854021; -71.381068 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Hope Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicsean uafáis, weird fiction (en) Aistrigh, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, belles-lettres, litríocht fantaisíochta agus litríocht uafáis
Suíomh oibre Providence Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir aistí, iriseoir, file, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1917 –  15 Márta 1937
SeánraFicsean mistéire, fantaisíocht, úrscéal Gotach, ficsean eolaíochta, cosmicism (en) Aistrigh, litríocht uafáis, Lovecraftian horror (en) Aistrigh, litríocht corpuafáis agus weird fiction (en) Aistrigh
Faoi thionchar
Ainm cleiteWard Phillips Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileSonia Greene (1924–1926) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWinfield Scott Lovecraft  agus Sarah Susan Phillips Lovecraft
Duine muintearthaWhipple Van Buren Phillips (seanathair ar thaobh na máthar) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinhplovecraft.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0522454 Allocine: 68311 Rottentomatoes: celebrity/hp_lovecraft Anime News Network: 73967 Allmovie: p217863 0 Metacritic: person/hp-lovecraft TV.com: people/h-p-lovecraft AFI: 64759
Facebook: HPLovecraftAuthor Spotify: 1QUtO0CVLXg2DonM9aCJrV iTunes: 28049719 Last fm: H.+P.+Lovecraft Musicbrainz: 8047a401-5ca7-48dd-9d7c-2d2b822e51e6 Songkick: 59055 Discogs: 439356 Allmusic: mn0001547472 Find a Grave: 1188 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir scéalta uafáis ab ea Howard Phillips Lovecraft (20 Lúnasa, 1890 – 15 Márta, 1937) a raibh an-tionchar aige ar fhorbairt na litríochta uafáis san fhichiú haois. Ba é an sceimhle cosmach an príomhthéama ina chuid scéalta, an scanradh a ghlacann an duine roimh a dhothuigthe agus a dhochuimsithe agus atá an ollchruinne. Cheap sé painteon iomlán de dhéithe cruálacha ar chuma leo faoi leas an chine dhaonna lena shaoldearcadh duairc a chur in iúl. Ba é Cuitiliú (bunleagan: Cthulhu) an dia ba thábhachtaí acu go léir.

A shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Sasana Nua dó, agus pór na huasaicme Protastúnaí ann ó thaobh na dtaobhann. B'as Providence, Rhode Island do mháthair Lovecraft, Sarah Susan Phillips, ach is i mBostún a chuir an lánúin fúthu i ndiaidh a bpósta, agus an bhliain 1889 ag druidim chun deireanais. Tráchtálaí taistil ab ea an t-athair, Winfield Scott Lovecraft. Rugadh Howard Phillips Lovecraft sa bhliain 1890, ach ní raibh sé daite dó a chéad óige a chaitheamh faoi chúram a thuismitheoirí féin. Bhí sé ina thachrán i gcónaí, nuair a buaileadh Winfield Scott Lovecraft breoite le galar intinne, agus i ndiaidh dó cúpla bliain a chaitheamh i dteach na ngealt, fuair sé bás. Tá siad ann a chreideann nach galar intinne a bhí ann ar aon nós, ach an cineál lobhadh a thagann ar an inchinn de dheasca na sifilise atá fágtha gan leigheas i bhfad. Tá an dá b'fhéidir ann, áfach. Bhí galair ghnéis sách coitianta i Meiriceá san am, ach má bhí féin, ní chreideann ach cuid de na húdaráis sa teoiric seo. Ón taobh eile de, ba i dteach na ngealt a shíothlaigh Sarah Susan fosta, chomh maith lena fear céile roimpi. Bheadh sé ina mhíniú mhaith air seo glacadh leis go bhfuair an bhean chéile tolgadh na haicíde óna fear agus gurbh é meath na néaróg a bhaineann leis an tsifilis neamhleigheasta ba chúis leis na hairíonna síciatracha.

Idir an dá linn, áfach, chuaigh sí a chónaí go Providence, tigh a hathar, agus ba ansin a chaith Howard óg an chuid ab fhearr dá chéad óige. Bhí leabharlann mhór mhillteanach sa teach, agus is luath a thug an buachaill óg toil agus taitneamh don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, agus fonn air lámh a chur ina bhás féin, cosúil le go leor buachaillí san aois sin, b'é a saint chun léitheoireachta a shábháil é. Sa deireadh thiar thall ní bhfaigheadh sé an saol seo a thréigean, ó nach raibh a dhóthain leabhar léite aige go fóill.

Lovecraft ina bhuachaill óg (~1900)

Bhí saol sách sámh aige i dteach a athar mhóir go dtí an bhliain 1904, nuair a bhí Lovecraft ceithre bliana déag d'aois. B'ansin a cailleadh an seanfhear, agus ó nárbh acmhainn le Sarah Susan an teach mór a choinneáil, fuair sí riachtanach aistriú go háit ní ba lú. Bhain na himeachtaí seo stangach millteanach as an mbuachaill óg.

Fear féinteagasctha ab ea Lovecraft riamh. Níor cheadaigh a shíorbhreoiteacht dó ardteistiméireacht a bhaint amach ná staidéar a dhéanamh ar an ollscoil, agus caithfidh sé gur ghoill an bhris seo go mór air. Mar sin féin, d'éirigh leis é féin a fhódú ina mhionscríbhneoir, ina bhreacaire páipéir agus ina sclábhaí údair agus é sách óg i gcónaí. An chéad alt a tháinig i gcló óna pheann, b'é an Providence Journal a d'fhoilsigh é, agus bhí saoldearcadh an fhir óig - ní raibh sé ach sé bliana déag san am - múnlaithe go leor cheana féin, nó is é an rud a bhí ann ná ionsaí ar an astralaíocht agus ar na tuismeánna. Is deacair a leithéid a shamhlú le fear a scríobhadh scéalta uafáis faoi arrachtaigh neamhshaolta, ach is amhlaidh gur fear mór réasúnachais, sceipteachais agus ábharachais a bhí ann. Ní thabharfadh sé creidiúint ar bith d'aon sórt piseoga, ná fiú don reiligiún Chríostaí. Ós rud é gur fear de phór uasal a bhí ann a chaith an chuid ba mhó dá shaol i gcruatan - fear den chineál sin a bhí thíos le teacht na nua-aoiseanna - chaill sé an dearcadh dóchasach is dual don pháiste, agus fágadh ina dhuarcán dhúsmánta é nach gceadódh a ábharachas dian dó dul ar lorg an tsóláis sa reiligiún.

Bhí Lovecraft tugtha do litríocht Shasanach na hochtú haoise déag, agus cumha air i ndiaidh na laethanta a bhí agus nach bhfaca sé riamh lena shúile cinn féin. Bhí sé chomh doirte do gach cineál Sasanachais agus go dtiocfadh leat tréas a chur ina leith - tréas ar a thír dhúchais, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Nó bhí sé den bharúil nach raibh i gceist le réabhlóid Mheiriceá agus cogadh fuascailte na tíre, thiar sna blianta 1776-1783, ach ceannairc mhídhílis agus feall ar Rí oirirc na Breataine. Aontachtóir nó fiú Dílseoir a dtabharfaí ar a leathbhreac i dTuaisceart Éireann inniu.

Is dócha nach raibh sa Sasanachas seo ach an cineál saobhmhórtas cine is dual do chlann na n-uasal agus iad i ndiaidh céim síos a fháil ón saol mór. Duine den chineál sin a bhí i Lovecraft, gan aon agó. Ba chuid de seo fosta an ciníochas atá le haithne ar shaothar áirithe le mo dhuine. Bhí eagla air roimh na Giúdaigh, na Gormaigh agus na Fionlannaigh, nó ba dóigh leis go raibh na ciníocha iasachta seo le cultúr a aicme féin a chur de dhroim an domhain ar fad.

De réir a chéile, áfach, thréig an ciníochas é, agus é ag teacht isteach ar an saol mór amuigh. Dealraíonn sé nach raibh ann ach smionagar smaointeachais a thóg sé ó na seanleabhartha a léadh sé. Nuair a fuair sé aithne ar shaol na scríbhneoirí amaitéaracha, agus é ag scríobh na céadta litreacha chuig cairde a casadh air sna ciorcail seo, tháinig maolú ar a chuid réamhbhreithiúnaisí i leith ciníocha éagsúla, agus é in ann a thuiscint go raibh daoine de na ciníocha seo ábalta cultúr den chineál a thaitin leis féin a chruthú.

Giúdach mná a bhí i Sonia Greene, an bhean a phós Lovecraft, agus é cúig bliana déag is fiche d'aois. Fuair siad colscaradh cúig bliana ina dhiaidh sin, ach más amhlaidh féin, níorbh é ciníochas Lovecraft ba chúis leis, ach cúiseanna pearsanta eile ar fad. Ní raibh fear uasal de phór Phrovidence sásta bheith beo ar ioncam a mhná céile, ach ós rud é go raibh Sonia ag saothrú níos mó airgid ina húinéir siopa ná a fear ar a chuid scríbhinní, ní raibh de rogha aige ach seo nó dealú a fháil óna bhean chun an "náire" seo a sheachaint. Phós siad sa bhliain 1924, agus chaith Lovecraft cúpla bliain ina chónaí i mBrooklyn, ach i ndiaidh an cholscartha, d'fhill sé go Providence, nó níor éirigh leis fódú ceart a dhéanamh i Nua-Eabhrac riamh. Ar ais i bProvidence dó, chuaigh sé i mbun pinn arís, agus é ag scríobh go bisiúil blianta deireanacha a shaoil.


Sa bhliain 1936, diagnóisíodh ailse na drólainne air, agus níor mhair sé bliain ina dhiaidh sin. Shíothlaigh sé i bProvidence ar an 15 Márta, 1937. hAdhlacadh é in uaigh a mhuintire, ach sa bhliain 1977, thóg lucht adhartha a chuid scríbhneoireachta cloch chuimhneacháin ar leith dó, agus na focail "Is mise Providence" ("I am Providence") litrithe uirthi. Uaireanta, feictear graifíní scríofa ar an leacht cuimhneacháin - na focail seo a thagann as an ngearrscéal cáiliúil The Call of Cthulhu:

That is dead not what can eternal lie
And with strange aeons even death may die

("An té atá in ann bheith ina shíorluí, níl sé marbh, agus in imeacht na gcianta aisteacha, is féidir leis an mbás féin bás a fháil.")

Lovecraft mar scríbhneoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an scríbhneoireacht mar ghléas beatha ag Lovecraft óna óige i leith, nó ba sclábhaí údair é i mbreis ar a bheith ag foilsiú alt agus scéalta faoina ainm féin. Mar shampla, scríobh sé scéal eachtraíochta do Harry Houdini féin, a bhí thuas faoin am seo ag léiriú a chuid ealaíon ag seangú as na slabhraí ar stáitsí siamsaíochta Mheiriceá. An scéal a chum sé do Houdini, bhí sé inste as peirspictíocht an chéad phearsa - is é sin, bhí Houdini féin in ainm a bheith ag insint an scéil - ach bhí na himeachtaí suite i dtimpeallacht neamhshaolta den chineál a thabhaigh a chlú d'fhíorúdar an scéil. Is dócha gur faoi ainm Houdini a foilsíodh an scéal ar dtús, ach ní bhíonn sé doiligh inniu teacht trasna air i ndíolamaí de scéalta Lovecraft, agus a stíl so-aitheanta ar fad.

Ní hionann is a rá, ar ndóigh, nach bhfuair Lovecraft deacair, ó am go ham, a stíl agus a ghuth féin a fhorbairt mar scríbhneoir. Bhíodh sé féin barúlach go raibh an iomarca tionchair ag an Tiarna Dunsany agus ag Edgar Allan Poe air. Léitear Poe i gcónaí, ach maidir le Dunsany, níl sé mórán as bealach a rá go bhfuil bua beirthe ag Lovecraft ar a dhíol aithrise. B'ó Dhunsany a fuair Lovecraft an radharcra brionglóideach agus an gheograife shamhlaitheach den chineál atá le haithint, ach go háirithe, ar an ngearrúrscéal úd The Dream-Quest of Unknown Kadath.

Inniu, áfach, táimid in ann saintréithe Lovecraft a shonrú agus a léarscáiliú go cuimsitheach. Ós rud é gurb as scríbhneoireacht uafáis an Ghotachais a fáisceadh é, agus tionchar thar na bearta ag máistir na gné, Poe, air, is maith le Lovecraft aidiachtaí móra a tharraingt air, gan aon trácht a dhéanamh ar an ársaíocht teanga. Mar a chonaic muid, tháinig an ársaíocht seo leis go nádúrtha - b'í an teanga liteartha ba dual dó, ó bhí sé chomh doirte sin do litríocht Bhéarla na hochtú haoise déag ina óige - ach má tháinig, níl sé deacair a chreidiúint go bhfuair sé athneartú agus tacú dá chlaonadh chun Barócachais agus chun ársaíochta i scríbhinní leithéidí Phoe.

Cleas níos barrúla, níos úire a bhí ann go dtiocfadh le Lovecraft arrachtach nó neamh-mharbh a chur ag insint an scéil. Murab ionann agus ba ghnách i scéalta den chineál seo roimh lá Lovecraft, ní namhaid le díothú atá ins an neach seo ach, fiú, cineál laoch, agus i ndeireadh na dála, tá sé in ann sult nó sásamh a bhaint as saol seo an mharbháin. Fíor-nuáil a bhí i gceist leis an gcleas seo ag Lovecraft, agus bhí scríbhneoirí eile uafáis sách mall ag déanamh aithrise air. Mar shampla, is dócha gurbh í Anne Rice an chéad scríbhneoir a bhí sásta caitheamh leis na súmairí mar laochra a dtiocfadh leis an léitheoir a chomhionannú a dhéanamh agus bá a ghlacadh leofa.

Más féidir le Lovecraft dlúthpháirtíocht a léiriú leis na harrachtaigh féin, thig leis fosta craiceann inchreidte síceolaíochta a chur ar an gclaochlú ó dhuine go harrachtach: mar dheismireacht, is féidir The Shadow over Innsmouth a lua, scéal ina ndéantar neach neamhshaolta farraige d'fhear inste an scéil, nó taispeánann Lovecraft an dóigh a dtig an draíocht i leaba na heagla ar an duine seo, agus é ag dul i malairt clí i ndiaidh dó tolgadh an chlaochlaithe a thógáil.

Cuid thábhachtach d'ollchruinne Lovecraft iad na leabhartha fosta, ar nós Necronomicon, Unaussprechlichen Kulten, Cultes des Ghoules agus araile. Nuair a bhí Lovecraft ina pháiste, b'iad na leabhartha príomhfhoinse an tsuilt, an tsubhachais, na heachtraíochta agus na n-aislingí ina shaol, agus is féidir a chreidiúint go dtugann sé cineál ómós do chumhacht na litríochta mar rud trína chur in iúl go bhfuil fórsaí millteanacha neamhshaolta i seanleabhartha agus i leabharlanna leathdhearmadta. Ní hamháin go bhfuil an peann ábalta ar an rí a chur as a chathair agus an tíoránach a ruaigeadh - tá Lovecraft ag tabhairt le fios gur féidir an cultúr, an tsibhialtacht agus ordú na hollchruinne féin a chroitheadh as a chéile - ar acht go bhfuil teacht agat ar na leabhartha cuí. Tá an mhóitíf chéanna le haithint, mar shampla, ar úrscéal mór-ratha an Spáinnigh Arturo Pérez-Reverte, El Club Dumas, a scannánaíodh faoin teideal The Ninth Gate ("An Naoú Geata"). B'fhéidir nach miste Hazarski recnik ("Ciclipéid na gCazarach") le Milorad Pavic a ainmniú anseo ach an oiread.

Bhí saint ag Lovecraft i bhfoghlaim agus in eolas d'aon chineál riamh, agus é barúlach fosta go raibh sé riachtanach ag an scríbhneoir uafáis na himeachtaí neamhshaolta a shá isteach i bhfráma an léinn, na heolaíochta is na staire. Mar sin, ina chuid scéalta bhíodh sé ag tagairt d'fhíorphearsana agus d'fhíorimeachtaí staire mar fhoinsí is mar údaráis le lucht léite a chuid scríbhinní a bhréagadh chun creidiúint a thabhairt don scéal.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • FYHR, Mattias: Trygghet i skräcken - H.P. Lovecrafts mytologi ("Sábháilteacht na Sceimhle - Miotaseolaíocht H.P. Lovecraft"). Leathanaigh 7-18 sa leabhar Necronomicon i Sverige ("Necronomicon sa tSualainn"). Rickard Berghorn agus Mattias Fyhr a chuir i dtoll le chéile. Aleph Bokförlag, Stócólm 2002
  • KIVINEN, S. Albert: H.P. Lovecraft ja Cthulhun tarusto ("H.P.Lovecraft agus miotaseolaíocht Chuitiliú"). Leathanaigh 94-109 sa leabhar Merkilliset kirjoitukset ("Na Scríbhinní Suntasacha") le S. Albert Kivinen. Pirkanmaan Kirjapaino ja Lehtikustannus a d'fhoilsigh. Sraith Atlantis, cuid a cúig. Tampere 1990.