Stephen King

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaStephen King

(2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Stephen Edwin King
21 Meán Fómhair 1947
76 bliana d'aois
Portland, Maine, Maine Cuir in eagar ar Wikidata
Floruit1971
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Maine - Béarla (1966–1971)
Hampden Academy (en) Aistrigh
Ardscoil Lisbon (–1966)
Lisbon Falls High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePortland, Maine
Bangor
Fort Wayne, Indiana
Stratford
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmléiritheoir teilifíse, stiúrthóir, múinteoir, úrscéalaí, scríbhneoir, iriseoir, colúnaí, scríbhneoir scripte, scríbhneoir ficsean eolaíochta, aisteoir, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1959 –
FostóirHampden Academy (en) Aistrigh (1971–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraLitríocht uafáis, fantaisíocht, ficsean eolaíochta, drámaíocht, ficsean eipistileach, litríocht Ghotach, ficsean iar-apacailipteach, scéinséir agus ficsean bleachtaireachta
Faoi thionchar
Ainm cleiteRichard Bachman Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileTabitha King (1971–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJoe Hill, Owen King, Naomi King Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonald Edwin King  agus Nellie Pillsbury
Croineolaíocht
19 Meitheamh 1999timpiste gluaisteáin (Maine State Route 5 (en) Aistrigh, Lovell (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinstephenking.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0000175 Allocine: 37782 Allmovie: p97473 0 TV.com: people/stephen-king IBDB: 78759
Facebook: OfficialStephenKing Twitter: StephenKing Instagram: stephenking Musicbrainz: a4ac255f-9775-4c16-8642-7f51502e45dd Songkick: 94765 Discogs: 1481074 Allmusic: mn0000024991 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir Meiriceánach é Stephen Edwin King (a rugadh ar an 21 Meán Fómhair 1947). Ba iad a chuid úrscéalta uafáis ba mhó a thabhaigh a chlú dó, agus ráchairt ar a shaothar ar fud an domhain. Chuaigh cuid mhaith acu ar an scáileán freisin.

D'fhoilsigh King leathchéad d'úrscéalta, agus tháinig cuid acu i gcló an chéad uair faoin ainm cleite Richard Bachman, chomh maith le cúig leabhar neamhfhicsin.

Scríobh sé beagnach dhá chéad gearrscéal, agus an chuid is mó acu conlaithe i naoi ndíolaim gearrfhicsin. Cuid mhór dá chuid scéalta tá a n-imeachtaí suite i stát Maine, arb as dó ó dhúchas.

2006

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh athair Stephen, Donald Edwin King, timpeall na bliana 1913 i bPeru, Indiana, agus mairnéalach a bhí ann. I Scarborough, Maine, a tháinig máthair an bhuachalla chun saoil, agus is é an t-ainm a bhí uirthi ná Nellie Ruth Pillsbury. Saolaíodh ar an 13 Márta 1913 í, agus d'éag sí ar an 28 Mí na Nollag 1973. Pósadh an lánúin ar an 23 Iúil i gcontae Cumberland, Maine.

Rugadh an mac, Stephen Edwin King, ar an 21 Meán Fómhair i bPortland, Maine. Ní raibh sé ach dhá bhliain d'aois, nuair a thréig a athair an teaghlach. Dúirt sé go raibh sé "ag dul ag ceannach toitíní", agus chuaigh ceal ann ansin, nó níor fhill sé choíche. B'éigean dá mháthair eisean agus a dheartháir David, arbh uchtleanbh é, a thabhairt suas ina haonar, agus ba mhinic a bhíodh sí beo bocht ar fad. D'aistrigh an teaghlach go De Pere, Wisconsin; ina dhiaidh sin, go Fort Wayne, Indiana; agus ina dhiaidh sin, arís, go Stratford, Connecticut. Nuair a bhí Stephen King aon bhliain déag d'aois, d'fhill an teaghlach go Durham i stát Maine, áit ar shocraigh Ruth King síos le haire a thabhairt dá tuismitheoirí féin, go dtí go bhfuair siad bás. Ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag obair i dteach téarnaimh áitiúil do dhaoine lagintinneacha.

Tógadh Stephen King leis an gcreideamh Modhach (Meitidisteach).

2011

D'fhreastail King ar bhunscoil Durham, agus ansin bhain sé amach a ardteastas ó Ardscoil Lisbon Falls i Lisbon Falls, Maine. Bhí spéis aige sa litríocht scanraitheach go luath ina shaol, agus dúil nimhe aige i gcoimicí sceimhle EC, ar nós Tales from the Crypt. Ní ba déanaí scríobh sé script don scannán úd Creepshow ag insint scéalta i stíl na ngreannán sin. Thosaigh sé ag scríobh nuair nach raibh ann ach dalta scoile, agus é ag cumadh scéalta le haghaidh na hirise miméagrafáilte a bhí a dheartháir Dave a fhoilsiú, Dave's Rag. Ní ba mhó, dhíoladh sé lena chuid cairde scéalta uafáis a bhí bunaithe ar na scannáin a chonaic sé, ach nuair a fuair na múinteoirí amach faoin ngnó seo, b'éigean dó an t-airgead a thabhairt ar ais. An chéad scéal leis a chuaigh i gló i gceart, is é an teideal a bhí air ná I was a Teenage Grave Robber, a foilsíodh ina sraith trí eipeasóid ar an iris amaitéarach úd Comics Review, ach fágadh an tríú cuid den scéal gan fhoilsiú, chomh maith leis an eagrán sin den iris féin. Foilsíodh leagan leasaithe den scéal faoin teideal In a Half-World of Terror an bhliain dár gcionn ar an iris Stories of Suspense, arbh é Marv Wolfman a eagarthóir.

Teach King, Bangor Maine

Sa bhliain 1966 thosaigh King ag staidéar Béarla in Ollscoil Maine, agus sa bhliain 1970 bhain sé amach céim an Bhaitsiléara Ealaíon sa Bhéarla. Saolaíodh an chéad iníon, Naomi Rachel, dó sa bhliain chéanna. Scríobhadh sé colún do nuachtán na mac léinn, The Maine Campus, faoin teideal Steve King's Garbage Truck. Bhí sé páirteach i gceardlann scríbhneoireachta a bhí á reáchtáil ag an Ollamh Burton Hatlen, agus ní ba deireanaí dúirt sé "gurbh é Burt an múinteoir Béarla ab fhearr dá raibh agam riamh".

Spreagadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach King, Bangor Maine

Tá an chuma ar an scéal go bhfaca King, agus é ina pháiste, an dóigh ar bhuail traein cara leis, ionas gur fáisceadh an t-anam as. Deir sé féin áfach nach cuimhin leis a dhath. D'inis a mhuintir dó gur imigh King leis an mbuachaill eile le bheith ag súgradh, ach nuair a d'fhill sé, bhí sé ina aonar, agus ba léir go bhfuair sé turraing de chineál éigin, ó nach raibh caint ar bith fágtha aige. Ní bhfuair an teaghlach amach faoi bhás a chara ach tamall maith i ndiaidh na n-imeachtaí. Tá tráchtairí áirithe den tuairim gur spreag an timpiste seo King chun a chuid saothar duairc a scríobh. Ach ní luann King féin an taisme ar aon nós ina chuid cuimhní cinn, On Writing.

Stephen King, 2013

D'inis King sa leabhar neamhfhicsin Danse Macabre sa bhliain 1981, conas a fuair sé an chéad inspioráid le scéalta uafáis a chumadh. Sa chaibidil faoin teideal An Annoying Autobiographical Pause, tugann King cur síos ar an dóigh ar éirigh lena uncail teacht ar uisce agus é ag collóireacht le craobh chrainn úll, agus é á chur i gcomparáid leis an dóigh ar tháinig sé féin ar ghairm a bheatha. Bhí seisean agus a dheartháir díreach ag siortáil seomra dín, nuair a fuair King radharc ar dhíolaim ghearrscéalta le H. P. Lovecraft, The Lurker in the Shadows. Leabhar faoi chlúdach bhog a bhí ann, agus ba lena athair é tráth. Chuaigh pictiúr an chlúdaigh i bhfeidhm ar Stephen ar bhealach ar leith, agus dúirt sé gurbh ansin a tuigeadh dó cén cineál scéalta a bhí sé ag dul a scríobh.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Stephen King féin, is é an cnuasach ocht leabhar faoi The Dark Tower a magnum opus. Leabhair iad a dhéanann gnéithe de sheánraí na mbuachaillí bó, na fantaisíochta agus an ficsean eolaíochta a chniotáil le chéile. Ní haon iontas gur thóg sé breis agus deich mbliana fís an Rí a thabhairt chuig an scáileán mór.[1]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh a lán duaiseanna ar King as a chuid saothar: Duais Bram Stoker, Duais World Fantasy, Duais Chumann Fantaisíochta na Breataine Móire, mar shampla.

Bhí a nóibhille The Way Station ar an ngearrliosta do Dhuais Mionúrscéalaíochta Nebula (is iad Duaiseanna Nebula na duaiseanna a bhronntar ar rogha na saothar fantaisíochtaficsin eolaíochta go bliantúil sna Stáit Aontaithe, agus is é Cumann Scríbhneoirí Ficsin Eolaíochta agus Fantaisíochta Mheiriceá a bhronnann iad).

Thuill a ghearrscéal The Man in the Black Suit Duais Cuimhneacháin O. Henry dó. Sa bhliain 2003, fuair sé bonn Fhondúireacht Leabhair Mheiriceá (American Book Foundation) as an "obair dhearscnaitheach a rinne sé ar mhaithe le litríocht Mheiriceá" (Distinguished Contribution to American Letters).

Bronnadh duaiseanna eile air fós as saothar a shaoil go léir, ar nós "Duais Dhomhanda na Fantaisíochta as Éacht a Shaoil" (World Fantasy Award for Life Achievement) sa bhliain 2004, "Duais Éacht a Shaoil" (Lifetime Achievement Award) ó Chumann Díoltóirí Leabhar Cheanada (Canadian Booksellers Association) sa bhliain 2007, agus "Duais an Ard-Mháistir" (Grand Master Award) ó Scríbhneoirí Bleachtaireachta Mheiriceá (Mystery Writers of America).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Breandán M Mac Gearailt (2017). "Ag tochailt linn sa dorchadas in The Dark Tower" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-21.