Edgar Allan Poe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdgar Allan Poe

(1849) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Eanáir 1809
Bostún (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Bás7 Deireadh Fómhair 1849
40 bliana d'aois
Baltimore, Maryland (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Siocair bháisluach anaithnid
Áit adhlacthaWestminster Hall and Burying Ground (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomheagarthóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Virginia
Acadamh Míleata na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Gníomhaíocht
Gairmfile, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1827 –  1849
SeánraFicsean bleachtaireachta, litríocht Ghotach, dark romanticism (en) Aistrigh, filíocht agus fantastique (en) Aistrigh
GluaiseachtRómánsachas
Ainm cleiteEdgar A. Perry Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileVirginia Eliza Clemm Poe Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDavid Poe, Jr.  agus Eliza Poe
SiblínWilliam Henry Leonard Poe agus Rosalie Poe
Síniú

IMDB: nm0000590 Allocine: 36902 Allmovie: p313943 TCM: 358455 Metacritic: person/edgar-allan-poe TV.com: people/edgar-allan-poe IBDB: 5209 AFI: 43798
Facebook: EdgarAllanPoeAuthor Spotify: 6pcPyOpEwaoP9q7wOjqHx0 iTunes: 2066399 Musicbrainz: f72fcfda-b560-4f16-95e1-8c25acf60288 Discogs: 436717 IMSLP: Category:Poe,_Edgar_Allan Allmusic: mn0001585029 Find a Grave: 822 Deezer: 357570 Cuir in eagar ar Wikidata

Duine de scríbhneoirí móra Béarla na Stát Aontaithe is ea Edgar Allan Poe, a rugadh ar an 19 Eanáir 1809 i mBostún agus a fuair bás ar an 7 Deireadh Fómhair 1849 i mBaltimore. Bhí Poe ina fhile, ina ghearrscéalaí, ina léirmheastóir litríochta agus ina eagarthóir. Áirítear ar fhir mhóra an Rómánsachais é i stair na litríochta Meiriceánaí.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na scéalta uafáis is mó a thabhaigh a chlú dó, is dócha, ach thairis sin, bhain sé triail as na scéalta bleachtaireachta, agus is féidir a rá gur duine de cheannródaithe an fhicsin eolaíochta a bhí ann chomh maith. Chuaigh sé leis an scríbhneoireacht mar shlí bheatha roimh aon duine eile féin i stair na litríochta Meiriceánaí, ach dá dheasca sin, bhí saol an-deacair aige.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh a seanathair, David Poe, in aice le Cill an Seanrátha i gContae an Chabháin. Chuaigh David go Meiriceá i 1750.

Cailleadh tuismitheoirí Poe nuair a bhí sé óg. Is é an t-ainm baiste a fuair sé ná Edgar Poe.

Ba iad John agus Frances Allan a ghlac leis mar mhac altrama ina dhiaidh sin, cé nár uchtaigh siad go foirmeálta riamh é. Uathu siúd a fuair Poe an t-ainm Allan. Bhí cónaí orthu i Richmond, Virginia.

D'fhág Poe slán ag muintir Allan tar éis dó seal a chaitheamh in Ollscoil Virginia agus seal eile sna saighdiúirí.

Virginia Poe, col ceathrar leis agus a bhean chéile

Is é an chéad leabhar a tháinig i gcló ó pheann Phoe ná Tamerlane and Other Poems sa bhliain 1827, faoin ainm cleite A Bostonian.

Ina dhiaidh sin, thosaigh Poe ag scríobh aistí léirmheastóireachta do na hirisí liteartha, agus a stíl phearsanta féin aige san obair seo. Chaithfeadh sé cuid mhaith taistil a dhéanamh idir Baltimore, Philadelphia, agus Cathair Nua-Eabhrac le freastal ar riachtanais a oibre.

Sa bhliain 1835, phós sé Virginia Clemm, a chol ceathrar féin, nach raibh ach trí bliana déag d'aois san am.

I Mí Eanáir 1845, d'fhoilsigh Poe an dán úd The Raven ("An Fiach Dubh"), a bhí i mbéal an phobail ar an toirt. Dán gan a leithéid eile atá ann a bhfuil a mheadaracht féin aige.

Dán, 1900

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair a bhean chéile bás. Bhí an lánúin an-doirte dá chéile riamh, agus chuaigh an bhris seo go mór mór i bhfeidhm ar Phoe, rud atá le haithint ar a chuid scríbhneoireachta.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Poe ag pleanáil a irise liteartha féin. The Penn a thug sé uirthi ar dtús, agus ina dhiaidh sin, The Stylus. Ní raibh sé i ndán dó an iris a lainseáil riamh, nó fuair sé bás faoi imthoscaí doiléire i mBaltimore ar an 7 Deireadh Fómhair, agus é dhá scór bliain d'aois san am. Níltear cinnte cad é ba thrúig bháis dó, ach luadh alcólachas, calar, confadh, féinmharú agus a lán cúiseanna eile leis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]