S. Albert Kivinen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaS. Albert Kivinen
Beathaisnéis
Breith19 Deireadh Fómhair 1933
Bás2021
87/88 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfealsamh, docent Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 02b776a1-5b54-4981-b1c3-da7455d66cba Discogs: 430551 Cuir in eagar ar Wikidata

Fealsamh agus scríbhneoir Fionlannach is ea Seppo Albert Kivinen. Rugadh in Ikaalinen sa bhliain 1933, ar 19ú lá de mhí Dheireadh Fómhair, é. Bhain sé amach dochtúireacht na fealsúnachta teoiriciúla in Ollscoil Heilsincí, áit a raibh sé ina léachtóir ina dhiaidh sin. Rinne sé taighde ar cheisteanna na honteolaíochta, go háirithe ar fhadhb na n-uilithe. Tá cáil air freisin mar shaineolaí ar stair an diamhrachais agus na hasarlaíochta, agus é ina bhall ghníomhach de ghluaiseacht an sceipteachais san Fhionlainn.

Bíonn sé ag scríobh gearrscéalta i stíl H. P. Lovecraft, agus thiar sna hochtóidí, b'eisean, thar aon duine, a chuir saothar Lovecraft in aithne do na léitheoirí Fionlannacha. Tá imeachtaí a chuid scéalta suite san Fhionlainn, agus greann deas ciúin ag baint leo nach bhfeicfeá a leithéid i scéalta Lovecraft féin. Sa bhliain 1988, bronnadh Duais Atorox air as an ngearrscéal úd Keskiyön Mato Ikaalisissa ("Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen"), inar shuigh Kivinen arrachtach de chuid Lovecraft i dtimpeallacht a chéad óige féin.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]