Cuitiliú
| Cineál | Great Old One (en) |
|---|---|
| Cruthaithe ag | H. P. Lovecraft |
| Comhthéacs | |
| I saothar | An Chuitilíocht |
| Cruinne | An Chuitilíocht |
| Miotaseolaíocht | First United Church of Cthulhu (en) |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Muintir | |
| Athair | Nug |
| Leanaí | Cthylla (en) |

Neach neamhshaolta is é Cuitiliú i scéalta uafáis H. P. Lovecraft. Ceann de na Seanóirí Móra is ea é, paintéón doilbh na scéalta sin. Is sa bhliain 1928 a d'fhoilsigh Lovecraft an chéad scéal a bhain leis: "The Call of Cthulhu" (Gaeilge: Gairm Chuitiliú).[1] Déantar cur síos ar Chuitiliú mar arracht uafar ollmhór a bhíonn cultas gealt á adhradh mar dia scáfar. Amhailt cheart is ea é – meascán d'ochtapas, de dhragan agus de scigdhealbh den chruth daonna.
Is as Cuitiliú a ainmníodh domhan nó miotas scéalta an Lovecraftaigh – an Chuitilíocht. Sliocht as an Necronomicon (leabhar ficseanúil den litríocht sin) atá sna línte seo a leanas, mar dhea, a dhéanann tagairt ar Chuitiliú:
Ní marbh é a fhéadann luighe go bráthach,
a's in imtheacht na ccianta diamhartha is baoghalach fiú múchadh an bháis[nóta 1]
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lovecraft, H. P. (1967). Selected Letters of H. P. Lovecraft IV (1932–1934). Sauk City, Wisconsin: Arkham House. Letter 617. ISBN 0-87054-035-1.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Béarla: That is not dead which can eternal lie,
And with strange æons, even death may die