Jump to content

Ollphéist

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarOllphéist
Eile
Cuid demiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Pictiúr d'arracht mar a bheadh nathair 50 troigh ar fad, ag snámh san fharraige in aice le long, agus báidín ag faire air
Ollphéist nó nathair mhara

Is mar ollphéist a dhéantar tagairt do ghrúpa arrachta i bhfinscéalta agus i mbéaloideas na nGael. 'Ollphiasta' a thugtar orthu ó dheas. Is mar nathracha a dhéantar cur síos orthu go minic, agus iad millteach mór. Uaireanta bíonn sainchumhachtaí acu m.sh. bua na heitilte nó na cainte. I lochanna is mó a bhíonn siad ag cur fúthu agus, ní is annaimhe, in aibhneacha nó amuigh san aigéin mór.[1]

De réir tagairtí áirithe, bíonn siad chomh mór sin go shughadh an ollphiast chúiche agus shéideadh uaithi crainn na coille trí n-a cuid sranntaraighe.[2] Sa scéal is ársa, b'fhéidir, faoi laoch Gaelach ag cloí ollphéiste, .i. Eachtra Fhearghasa mhic Léite, deirtear go mbíonn an phéist uisce (nó 'mirdris') á méadú agus á laghdú féin ar nós bhoilg ghabha.[3]

I leagan déanach de scéal Loch Dearg, ní hamháin go bhfuil an ollphéist (ar a bhaistiú "an Chaol" san insint seo) in ann loch iomlán a chur trí chéile lena himeacht, agus in ann eitilt go hárd sa spéir,[4] ach is féidir léi méid mór d'ábhar éigin a theilgean as a béal amach mar chith gainnmhidhe cloichshneachta freisin.[5] Sa leagan seo, luaitear an Chaol mar 'phéist', mar 'fheithide', mar 'iolphéist', agus mar 'nathair neimhe'.

Uaireanta, is mar 'phéist' a dhéantar cur síos ar onchoin.[6] Mar sin, tá seans nach mbíodh de dhifir idir onchú agus ollphéist ach a dtomhas.

Is iomaí scéal mar a bhíonn Fionn mac Cumhaill nó laoch nó naomh eile i gcomhrac le hollphéist. Sampla tábhachtach is ea an laoi Seilg Sléibhe Truim, mar a bhfuil liosta fada de lochanna, aibhneacha agus gleannta a bhí torathar á áitreamh.[7]

Dar le Dáithí Ó hÓgáin, b'ionann fadó ainsprideanna, plánna agus péisteanna ó thaobh feidhme de, sa chiall is gur dhualgas do laochra iad a chur faoi chos. Bhí sé den tuairim gur ó scéal a dhíothaithe na nollphéisteanna a tháinig an scéal níos déanaí gurb é Naobh Pádraig a dhíbir na nathracha ó Éirinn.[8]

Radharc ar loch mín dorcha
Loch Dearg, a bhí dath na fola air ar feadh trí lá ⁊ mí ⁊ bliain i ndiaidh do na Fianna ollphéist a mharú ann

Ollphéisteanna Mór le Rá

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní liosta críochnúil é seo a leanas.

Scata daoine ag ligint a scíth ar thaobh locha ar lá breá
Turasóirí sna Gaibhlte

Bhí an oiread fhaitís ag daoine roimh na harrachtaí seo, nuair a bhí scéim uisce a bhí beartaithe do Bhaile Thiobraid Árainn sa naoú haois déag a bhainfeadh uisce d'Ard-Loch, áit a bhí ollphéist in ainm is a bheith ann, gur chuir daoine i gcoinne an scéim ar eagla go dtiocfadh an ollphéist isteach sna píobaí.[10]

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
  2. ↑ Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe": Lch 3586, s.v. 'sughaim'.
  3. ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 90. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
  4. ↑ tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaibh tascacha; agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte ionnas nár bh'fhéidir d'aon [a fhaicsin] cár ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir.<\q> (lúibíní sa téacs clóite)
    An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge.
  5. ↑ Annsoin do oscuil a craosbheol agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith gainnmhidhe [nó] cloichshneachta agus go formhórach fa shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste; (lúibíní sa téacs clóite)
    An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24-25. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge.
  6. ↑ N. J. A. Williams (1989). "Of Beasts and Banners the Origin of the Heraldic Enfield" (as Béarla). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 119: Lch 73-5. Royal Society of Antiquaries of Ireland.
  7. ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87-88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
  8. ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 93-6. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
  9. ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
  10. ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 97. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.