Loch Dearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Dearg
Loughdergdonegal.jpg
CineálLoch
Logainm.ie111239
Suíomh
Tíortha abhantraíÉire
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall
Map
 54°36′50″N 7°52′20″W / 54.613888888889°N 7.8722222222222°W / 54.613888888889; -7.8722222222222Comhordanáidí: 54°36′50″N 7°52′20″W / 54.613888888889°N 7.8722222222222°W / 54.613888888889; -7.8722222222222
Tréithe
Airde143 m
Doimhneacht uasta3 m

Is loch beag í Loch DeargLoch Geirg (Béarla: Lough Derg) atá suite i gContae Dhún na nGall timpeall 7 gciliméadar ó thuaidh de bhaile beag Paiteagó. De réir traidisiúin, ba é Fionnloch ainm la háite anallód.

Tá achar de 890 heachtáir (2200 acra) inti agus tá sí éadomhan go leor. I lár na locha tá oileán beag ar a ghlaoitear Purgadóir Naomh Phádraig. Tá tóir ar an áit seo mar ionad oilithreachta leis na cianta. Tá an chéad tagairt díreach don traidisiún seo i Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii, leabhar a scríobhadh sa dara haois déag agus a bhain cáil amach ar fud na hEorpa sa mheánaois.[1]

De réir laoi na 1600í, ar a dtugtar Seilg Locha Deirg, bhí ollphéist sa loch fadó a d'itheadh oiread mór beithíoch gach lá.[2] Sa laoi seo, téann na Fianna i gcomhrac léi agus slogtar cuid mhór acu. Agus Fionn mac Cumhaill ag iomrascáil leis an ollphéist, léimeann a mhac Dáire isteach i mbéal na péiste agus gearrann bealach amach dá chomhghlacaithe trína hascaill. Is ar an ár seo a rinneadh athbhaisteadh ar an loch:

Fionnloch dobh ainm don loch
ar tús a chor a chléireach
do an Loch Dearg air ré a bheó
ó ár na Féine a n-énló
Trí lá & mí & blíaghain
do bhí Loch Dearg fa dhíamhair
ó lá marbhtha Fíana Finn
go deimhin duit a Thailghinn[3]

Is ar struchtúr Agallaimh na Seanórach atá an laoi seo agus laoithe eile, mar a bhfuil Caoilte ag eachtrú imeachtaí na bhFiann do Naomh Pádraig. Tá cur síos sa téacs sin ar an 'smirdris' i Loch Lurgan agus péist eile i nGleann Dá Loch.[4] I dtéacsanna eile, m.sh. Me Guidhir Fhearmanach ó thús na 1700, is é Naomh Pádraig féin a chloíonn an ollphéist. Dar le hÓ hÓgáin, is é sin an leagan is sine den scéal, bunaithe ar scéal Mhaois ag iompú abhann go fuil.[5]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 93. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  2. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  3. Aodh Ó Dochartaigh (1626-1627). Gerard Murphy:"Seilg Locha Deirg". CELT lch 235-238. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-31. Dáta rochtana: 09/02/2020.
  4. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 89. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  5. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 94-5. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.