Paiteagó
Paiteagó | |
---|---|
Léarscáil | |
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
54.549293° N 7.831235° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann H105669 | |
Daonra (2006) | 424 |
Airde: | |
Contae: | Contae Dhún na nGall |
Cúige: | Ulaidh |
Sráidbhaile beag ar an teorainn idir Chontae Dhún na nGall agus Contae Fhear Manach is ea Paiteagó (Pettigo as Béarla). Tá an áit suite trasna na habhann arb í teorainn oifigiúil Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Is é an t-ainm oifigiúil atá ar an leath den tsráidbhaile ar thaobh an Tuaiscirt ná Tullyhommon, is é sin Tulaigh Uí Thiomáin, ach is é an t-ainm atá ag muintir na háite uirthi ná an High Street, is é sin, an tSráid Ard, ós rud é go bhfuil sí suite ar shlios an chnoic, agus radharc maith ansin ar an gcuid eile den tsráidbhaile. An chuid eile den tsráidbhaile, is é sin an tSráid Mhór, Sráid an Mhuilinn, agus Sráid an Stáisiúin, tá siad suite ar thaobh na Poblachta, agus iad ag teacht le chéile ar an Diamant i lár an tsráidbhaile. Tá eastáit nuafhorbartha tithíochta ann chomh maith ar imeall thuaidh na háite.
Ar thaobh na Poblachta, bhí 239 nduine ina gcónaí sa bhliain 2011, laghdú 41 duine (-14.6%) ó 2006. Déantar achoimre ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:[1][2]
Bliain | Daonra | Athrú | Athrú, % |
---|---|---|---|
2006 | 280 | - | - |
2011 | 239 | -41 | -14.6% |
2016 | 239 | 0 | 0% |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ An Phríomh-Oifig Staidrimh (2012). "Census 2011 - Population Classified by Area (ln. 54)" (in Béarla).
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |