Jump to content

Cuan na Gaillimhe

(Athsheolta ó Loch Lurgan)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCuan na Gaillimhe
Íomhá
Cineál Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165961 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire agus Contae an Chláir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 10′ 43″ N, 9° 16′ 17″ O / 53.1787°N,9.27147°W / 53.1787; -9.27147
Craobh-abhainn

Cuan leathan domhain in iarthar na hÉireann atá i gCuan na Gaillimhe. Is í Gaillimh í féin an príomhchalafort ann. Ar a imeall thuaidh tá Cois Fharraige agus Conamara i gContae na Gaillimhe, agus ó dheas tá Contae an Chláir. Tá Oileáin Árann amuigh sa chuan, agus siar uathu sin, tá an tAigéan Atlantach.

Cuid de Chuan na Gaillimhe mar a bhí sé le feiceáil ón Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta

Ar na bailte agus na sráidbhailte eile atá ar chósta an Chuain tá an Spidéal, Bearna, Óran Mór agus Cinn Mhara i gCo. na Gaillimhe, agus Baile Uí Bheacháin i gCo. an Chláir.

Dhá theach solais atá ar chósta an Chuain - ag Ceann Boirne ar an gcósta theas agus ar Inis Caorach, amach ó Chathair na Gaillimhe. Loch Lurgan a thugtaí ar an gCuan sa tseanaimsir.

Tá an cuan laistigh ina Limistéar Cosanta Speisialta[1] agus Limistéar Caomhantais Speisialta[2] araon, comhshuite a bheag nó a mhór.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]