Niseag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Macasamhail de Niseag i nDruim na Drochaid

Is ollphéist a cheaptar a bheith ina cónaí i Loch Nis, Comhairle na Gàidhealtachd, Albain í Ollphéist Loch Nis (Béarla agus Albainis: Loch Ness Monster; Gaeilge na hAlban: Uilebheist Loch Nis[1]), a dtugtar an leasainm Niseag (Béarla agus Albainis: Nessie) uirthi freisin. Is minic a chuirtear síos uirthi mar ainmhí mór fadmhuineálach dronnach, ach bíonn difríocht mór idir na tuairiscí agus grianghraif éagsúla a thaispeántar mar fhianaise go bhfuil ollphéist ann. Níl ach fianaise starógach ann fós, áfach, agus maíonn eolaithe a bhfuil staidéar déanta acu ar an bhfeiniméan nach bhfuil a leithéid de rud ann agus Ollphéist Loch Nis, ach go bhfuil an scéal bunaithe ar chleasa agus ar dhaoine macánta nach bhfaca ach gnáthrudaí ar nós lomán, bád nó ainmhithe eile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh 1933[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a dhírítear aird ar scéal in Beatha Cholm Cille le hAdhamhnán ina ndíbríonn an naomh arracht in Abhainn Nis (a ritheann isteach i Loch Nis), agus atá suite i 565 AD. Is fiú a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil scéalta faoi arrachtaí uisce fíorchoitianta i mbeathaisnéisí na naomh.

Dar leis an staraí Albanach, David Rose, a sheol litir chuig an Scotsman ar an 20 Deireadh Fómhair 1933, ba é an chéad tagairt eile d’arracht i Loch Nis ná leabhar ón mbliain 1520 inar dúradh go raibh dragan deireanach na hAlban tar éis bháis, ach gur mhair créatúr Loch Nis.

Luaitear scéalta ón 19ú haois faoi "eich uisce" agus "tairbh uisce",[2] nó faoi "iasc mór"[3] agus "salamandar mór"[4] a chonacthas i Loch Nis.

1933 agus 1934[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing scéal Ollphéist Loch Nis aird an domhain den chéad uair i 1933, ar fhoilsiú curtha síos san Inverness Courier ar an 2ú Bealtaine 1933 ar radharc a fuair Mrs Aldie Mackay agus a fear céile ar phéire dronn ar dhath míl mhóir a chonacthas ag teacht aníos as an uisce tar éis clampair "ar nós dhá lachan ag troid" agus ag trasnú an locha i dtreo Ché Allt Dobharaidh. Luann taighdeoirí ar nós Dick Raynor agus Steuart Campbell go mb’fhéidir go bhfaca Mrs Mackay péire rónta, nó tonn sheasta ón long Scott II, ach dúirt Alex Campbell (scríbhneoir an ailt úd sa Courier, agus maor uisce Loch Nis) nach rabhthas cinnte go dtugadh rónta cuairt, fiú, ar an loch, agus dar le Mackay, chas an neach seo timpeall i lár an locha, rud nach ndéanfadh galtán mór. Cibé rud a chonaic na Mackays, sul i bhfad bhí na sluaite ag teacht chuig an loch chun iarracht a dhéanamh Niseag a fheiceáil, agus dá bharr sin is minic a deirtear nach raibh ann ach gimic mhargaíochta.

Tuairiscíodh i nuachtáin na hAlban agus an domhain cúpla mí i ndiaidh chuntas na Mackays go bhfaca lánúin phósta eile, mar atá, Mr George Spicer agus a bhean, as Londain, an ollphéist ag trasnú an bhóthair os cionn an locha agus iad ag tiomáint a gcarr. Chuir an scéal seo go mór le spéis an phobail san ollphéist. Níl ráite ach ag roinnt bheag daoine thar na blianta go bhfaca siad Niseag ar an talamh, ach tá mac léinn tréidliachta darbh ainm Arthur Grant ina measc, a dúirt an méid sin an bhliain dár gcionn.

Ghlac Hugh Gray, fear áitiúil, an chéad phictiúr a maítear go dtaispeánann sé an ollphéist, ar an 12 Samhain 1933. Feictear rud éigin fada dubh ar bharr an uisce, agus rud éigin bán (cáitheadh, b'fhéidir) os a chionn. Maíonn daoine a chreideann go bhfuil Niseag ann go bhfuil a ceann faoin uisce ar chlé, nó thar chraiceann an uisce ar dheis. Dar le sceiptigh, áfach, níl sa phictiúr ach madra agus bata ina bhéal, nó eala agus a ceann faoin uisce, nó madra uisce ag rolladh ar bharr an locha.

'Grianghraf an Mháinlia'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é seo an grianghraf is cáiliúla de Niseag, gan dabht, ach baineann an-chonspóid leis, agus glactar leis go forleathan anois gur cleas atá ann. Foilsíodh sa Daily Mail ar an 21 Aibreán 1934 é, agus dúradh gurb é máinlia Londan Robert K. Wilson a ghlac é. Is é an scéal a chreidtí ag scoláirí ar an ollphéist thar na blianta ná gur thug Wilson agus a chara Maurice Chambers a gcuid grianghraf óna dturas i dtuaisceart na hAlban do phoitigéir in Inbhir Nis lena réaladh, agus go raibh ceann agus muineál na hollphéiste le feiceáil in dhá cheann acu. Níl an 'Dara Grianghraf' chomh soiléir céanna le 'Céad Ghrianghraf an Mháinlia', a díoladh leis an Mail ar £100, agus sa dara ceann taispeántar an ceann ar tí tumadh síos arís, de réir cosúlachta.

Sa bhliain 1999, áfach, foilsíodh an leabhar Nessie – The Surgeon’s Photograph Exposed a raibh alt nuachtáin ó 1975 agus agallamh nua ann, agus admháil sa dá rud ó dhuine darbh ainm Christian Spurling gur rinne sé féin an múnla adhmad plaisteacha a fheictear i nGrianghraf an Mháinlia. Dar le Spurling, bhí a leasathair, Marmaduke Wetherell, ag iarraidh díoltas a bhaint as an Mail mar gur briseadh é as a phost mar shealgaire na hollphéiste don pháipéar sin nuair a rinne sé 'lorg coise' bréige den ollphéist. Mar sin, ceannaíodh fomhuireán bréige agus rinneadh ceann agus muineál bréige, agus ghlac Ian Wetherell, mac le Marmaduke, an grianghraf. Cara leis na Wetherells ba ea Maurice Chambers, agus cara leis-sean ba ea Robert Wilson, a dhíol an pictiúr leis an Mail. Níor míníodh an Dara Grianghraf, áfach.

Le deireadh na bliana 1934, chonacthas Niseag, más fíor, breis is trí chéad uair.

Tuairiscí suntasacha níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannán G. E. Taylor, 1938[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne turasóir as an Afraic Theas darbh ainm GE Taylor taifead daite de rud éigin ar "dhath na tuí" sa loch ar feadh trí nóiméad ar an 28 Bealtaine 1938. Níor cuireadh amach an scannán riamh, ach sheol Taylor é go Maurice Burton thart ar 1960 agus foilsíodh dhá stadán san Illustrated London News agus stadán amháin eile i leabhar Burton The Elusive Monster i 1960; mheas Burton nach raibh ann ach gnáthrud ar snámh.

John McLean, 1938[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chonaic fear áitiúil darbh ainm John McLean an ollphéist agus í ag slogadh rud éigin "mar a dhéanfadh broighill" ar an 28 Meitheamh 1938. Nuair a thum ceann na hollphéiste faoin uisce, chonaic sé dhá chruit agus eireaball "sé troithe ar fad".

Wotherspoon agus Taylor Stark, 1946[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ar thuras i gCeanada i 1957, mhaígh propast Inbhir Nis, Robert Wotherspoon, go bhfaca sé féin agus a bhean, agus an tOirmhinneach John Taylor Stark agus a bheansan, trí dhronn sa loch i 1946, fiche slat amach ón gcladach. Dar leis, dhírigh na dronna ina dhroim fhada leibhéalta tar éis do bhradán a léim suas agus ar ais isteach san uisce os comhair na ndronn– dúirt an propast gur cheap sé gur ith an ollphéist an t-iasc.

Grianghraf Lachlan Stuart, 1951[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dealraimh, nuair a d’éirigh an crochtóir Lachlan Stuart ag 6:30 rn ar an 15 Iúil 1951, chonaic sé an ollphéist sa loch agus faoin am a raibh a bhean chéile agus a chara Taylor Hay tagtha ar an láthair bhí trí dhronn agus muineál fada ar bharr an uisce; tá na trí dhronn le feiceáil sa ghrianghraf a ghlac sé. Dúirt fear darbh ainm Richard Frere, áfach, gur admhaigh Stuart dó nach raibh sa phictiúr ach cúpla burla féir thirim a chuir sé san uisce mar chleas.

Grianghraf Peter MacNab, 1955[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa phictiúr seo feictear dhá dhronn sa loch in aice le Caisleán Urquhart, ceann i ndiaidh a chéile, agus meastar go minic gur dhá ollphéist atá ann.

Scannán Tim Dinsdale, 1960[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 23 Aibreán 1960, rinne an taighdeoir Breatnach Tim Dinsdale scannán de dhronn ag bogadh tríd an uisce, agus scannán eile de bhád iascaigh uair an chloig níos déanaí, chun an difríocht eatarthu a léiriú. In ainneoin sin, agus in ainneoin tuairisc ó JARIC (aonad fiosrúcháin an Royal Air Force) inar dúradh go raibh an dronn san fhíseán ina hainmhí beo, maíonn sceiptigh fós gur bád atá ann.

Fiosrúcháin an LNIB, 1962–1972[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Loch Ness Phenomenon Investigation Bureau (LNPIB; Biúró Fiosrúcháin Fheiniméan Loch Nis), a athbhaisteadh níos déanaí mar an Loch Ness Investigation Bureau (LNIB; Biúró Fiosrúcháin Fheiniméan Loch Nis), i 1962 agus rún acu mistéir na hollphéiste a réiteach faoi dheireadh is faoi dheoidh. Níor éirigh leo, ach taifeadadh neart scannán de rudaí ar an loch, agus fiú amháin rud éigin ag teacht amach as an uisce ar talamh, ach níl an mhórchuid acu ar fáil ag an bpobal. Ceaptar nach bhfuil ann i go leor de na scannáin ach éanlaith nó sruthanna stiúrach.

Acadamh na hEolaíochta Feidhmí, 1972, 1975, 2001, 2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shocraigh an t-eolaí Meiriceánach Robert H. Rines ó Acadamh na hEolaíochta Feidhmí cuardaigh don ollphéist, ag tosú sna seachtóidí. Úsáideadh sonóir agus ceamaraí faoi uisce chun fianaise a bhailiú; glacadh cúpla grianghraf faoin uisce ach baineann an-chonspóid leo, go háirithe leis an gceann a maíodh go dtaispeánann sé 'ceann Niseag', ach ar cruthaíodh ina dhiaidh sin go dtaispeánann sé stumpa crainn. In 2008, dúirt Rines go mb’fhéidir go raibh an t-ainmhí díofa, ach bhí teoiric eile aige chomh maith, bunaithe ar fhungais mhara a fuarthas sa loch, go mb’fhéidir go bhfuil tolláin ann idir an loch agus an fharraige, agus go mbogann an ollphéist tríothu.

Operation Deepscan, 1987[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caitheadh milliún punt ar Operation Deepscan (Oibríocht Scanadh Domhain) faoi cheannas Adrian Shine sa bhliain 1987, inar scan 24 bád Loch Nis le sonóir. Rinneadh teagmháil le trí rud mhóra gan mhíniú.

Suirbhé eDNA, 2018[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2018, rinneadh suirbhé eDNA (DNA atá sa timpeallacht) ar Loch Nis faoi cheannas an Ollaimh Neil Gemmell ó Ollscoil Otago. Ní bhfuarthas aon DNA ó ainmhí nárbh eol dúinn roimhe sin, ach ní bhfuarthas aon DNA ó mhadraí uisce ach an oiread, agus tá a fhios againn go bhfuil siadsan ina gcónaí sa loch. Luaigh an tOllamh Gemmell go raibh a lán DNA eascann ann, agus go mb’fhéidir gur eascann ollmhór í an ollphéist.

Turasóireacht agus Margaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is siombail cháiliúil d’Albain í Ollphéist Loch Nis sa lá atá inniu ann. Dar le staidéar ó 2018, tarraingíonn scéal na hollphéiste £40.7 milliún ar a laghad don gheilleagar áitiúil an bhliain.[5] Tá taispeántas darb ainm The Loch Ness Centre and Exhibition lonnaithe i nDruim na Drochaid. Tá neart leabhar ficsin agus neamhfhicsin faoi Niseag foilsithe thar na blianta freisin, agus feictear í i scannáin agus i sraitheanna teilifíse chomh maith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Am Faclair Beag" (1912). 43 Murray Place, Stirling: Eneas MacKay, Bookseller. 
  2. The Oban Times 26 Meán Fómhair 1896
  3. The Inverness Courier, 8 Deireadh Fómhair 1868
  4. The Loch Ness Story, Nicholas Witchell, Penguin, 1975, leathanach 17
  5. https://www.pressandjournal.co.uk/fp/news/highlands-islands/1562103/loch-ness-monster-worth-nearly-41m-a-year-to-scottish-economy/