Sonóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sonóir i mbun oibre

Córas, bunaithe ar thonnta fuaime nó ultrafhuaime, chun ionaid réada is struchtúir a dhéanamh amach. Baineann ialtóga feidhm as córas mar seo chun iad féin a threorú san aer istoíche agus a gcreach a aimsiú. Baineann deilfeanna feidhm as a leithéid faoin bhfarraige.

Sa chóras sonóra tarchuirtear léas aontreoch bíogtha ultrafhuaime, agus frithchaitear cuid bheag den bhíog ag struchtúir ionas go bhfilleann bíogmhacallaí. Déantar fad gach struchtúir a áireamh ón moill-am ó tharchur na bíge go filleadh an mhacalla. Déantar na tomhais seo i dtreonna éagsúla, mar shampla i bplána ceartingearach faoin bhfarraige, is féidir léaráid den ghrinneall is a bhfuil air a tharraingt. Is féidir éisc a aimsiú le córas mar seo, de bhrí go bhfrithchaitheann ráth iasc an ultrafhuaim aontreoch ar ais go dtí an glacadóir. Tugtar sonóir gníomhach ar chóras ina dtarchuirtear is a nglactar na bíoga. Tá sonóir fulangach ann freisin, ina ndéanann an córas glacadh amháin d'aon fhuaimeanna ó innill long is fomhuireáin, ó threonna atá ar eolas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sonóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.