Cineamatagrafaíocht dhaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cineamatagrafaíocht dhaite

Dathaíodh gnáthscannáin dhubha is bhána (monacrómatach) de láimh nó le próiseas ceimiceach chomh luath leis na 1890idí, ach níorbh fhíorscannáin reatha fhótagrafacha iad sin. Tháinig Kinemacolor amach sna Stáit Aontaithe i 1906, agus d'éirigh leis ar feadh scathaimh mar úrnuacht.

D'fheidhmigh sé trí fhrámaí leanúnacha dubha is bána a theilgean trí scagaire dearg i ndiaidh scagaire ghormghlais, ag brath ar mharthanacht radharc na súl chun an íomhá shuimithe dhé-dhathach a aireachtáil.

Tugadh córais éagsúla dhaite isteach i 1928-1940 (Technicolor, Francita, Opticolor, Dufay) ach níor éirigh ach le Technicolor a bheith éifeachtach chun cóipeanna na scannán a dhéanamh go héasca le dáileadh ar na pictiúrlanna. Shaothraigh Technicolor ceamara trídhathach le 3 spól scannán a rinne 3 íomhá dhubh is bhán de na dathdhealuithe.

Sa phictiúrlann teilgeadh an 3 dhathdhealú trí na scagairí cuí chun gur fhorluigh siad ar a chéile ar an scáileán chun íomhá dhaite a léiriú. Sna 1950idí cheap comhlacht Kodak córas le scannán fótagrafach daite (Eastmancolor), agus faoi 1955 bhí seanchóras Technicolor imithe i léig.

De réir a chéile dhíláithrigh an córas nua daite an chineamatagrafaíocht dhubh is bhán go hiomlán, beagnach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cineamatagrafaíocht dhaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 136.