Cineamatagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cur i láthair pictiúr reatha mar shraith íomhánna fótagrafacha, taifeadta is atáirgthe go tapa i ndiaidh a chéile, ionas go dtaibhsíonn sé go bhfuil an ghluaiseacht mín leanúnach. Braitheann sé seo ar sheasmhacht radharc na súl: má thaifeadtar na híomhánna is má atáirgtear iad ag minicíocht rud éigin níos mó ná 25 Hz, braithfear an ghluaiseacht a bheith mín leanúnach. D'úsáid Edison stiallacha leanúnacha scannáin fhótagrafaigh ina cheamara Kinetoscope i 1891, ach ba iad na deartháireacha Lumière, a theilg íomhánna ar scáileán os comhair lucht mór féachana i 1895, a bhunaigh an tionscal taifeadta scannán is a léirithe i bpictiúrlanna (cineamaí). Nochtadh an scannán ag minicíocht 16 Hz is an scannán fosaithe don nochtadh féin, agus ansin, le comhla ag clúdach an lionsa, bogtha chun cinn fráma amháin chun a bheith réidh don chéad nochtadh eile. Réalaíodh an stiall scannáin ansin chun claonchló a dhéanamh, agus rinneadh dearbhchló as sin le haghaidh a theilgthe. Cuireadh fuaim shioncrónaithe le teilgean na n-íomhánna go déanach sna 1920idí, ar dtús le córas scartha dioscaí taifeadta, ach ó 1927 leis an bhfuaimrian ar an scannán féin. Ag an am céanna méadaíodh ráta na bhfrámaí go dtí 24 Hz. Saothraíodh cineamatagrafaíocht dhaite sna 1930idí, ach níor glacadh go ginearálta léi go dtí na 1950idí. Faoi sin bhí córais éagsúla scáileán leathan a dtabhairt isteach freisin.