Jump to content

Claonchló

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá agus gnáthdhathanna uirthi (A) agus roinnt claonchlónna (B, C agus D)

Íomhá is ea claonchló[1] ina bhfuil scála na dton bunoscionn i leith an bhunradhairc, an geal macasamhlaithe ina dhorcha agus an dorcha ina gheal. I gclaonchló daite macasamhlaítear gach dath sa bhunradharc ina dhath comhlántach. Nuair a nochtar scannán i gceamara bíonn íomhá claonchló air tar éis a phróiseála, agus déantar cló dearfach uaidh sin chun pictiúr an bhunradhairc a tháirgeadh.[2]

Cruthaítear claonchló trí úsáid a bhaint as salann airgid solas-íogair, go hiondúil ar stiall nó leathán scannán plaisteach trédhearcach nó páipéar, ionas go mbreathnaíonn an chuid is dorcha den ábhar sa ghrianghraf níos éadroime agus go mbreathnaíonn an chuid is éadroime d’ábhar an ghrianghraif níos dorcha.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): claonchló (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Claonchló". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.
  3. Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "[https://web.archive.org/web/20240809042149/https://www.nationalgallery.ie/sites/default/files/2023-01/mean-abharthacht-draiocht-soc.pdf Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann]". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026-05-28.