Ceamara


Séard is ceamara ann ná gléas chun grianghraif a thógáil. Is iomaí cineál ceamara atá ar fáil sa lá atá inniu ann. Is féidir le gach duine ceann a cheannach ar luach íseal chun grianghraif a thógáil am ar bith nuair is mian leo. Bíonn ceamara ar na gutháin soghluaiste sa lá atá inniu ann. Bíonn ceamaraí den scoth ag grianghrafadóirí ghairmiúla.[1]
Ceamaraí traidisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bosca teirnhneach is ea an ceamara traidisiúnta atá díonach ar sholas a bhfuil lionsa inréinmithe ina aghaidh, ar féidir solas a ligean isteach ann trí chornhla a scaoileadh. Sa bhosca bíonn rolla scannáin fhótaghrafaigh agus cuid de sínte taobh thiar den lionsa is den chomhla. Nuair a osclaítear an chornhla ligtear solas ón radharc taobh amuigh isteach ar an scannán.[2]
Rialaítear an méid soilsithe a ligtear isteach le fad oscailt na cornhla, agus le feileastram, ar féidir a chró a athrú trí oiread f-stopanna. Ciallaíonn f22 cró de thrastomhas 1 /22 d'fhad fócasach an lionsa. Ligeann fI.8 i bhfad níos lú solais isteach ná f22. Feistítear an fad idir Iionsa is scannán chun go dtiteann fíoríornhá shoiléir den radharc ar an scannán. Imoibríonn an patrún soilsithe ar an eibleacht ar an scannán, agus cuirtear íomhá fholaithe ar coimeád inti i bhfoirm patrún cornhdhúl ceimiceach.
Níos déanaí, réalaítear an íomhá fholaithe trí phróiseas ceimiceach chun an grianghraf/íomhá a dhéanamh infheicthe.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1880idí táirgeadh scannán fótagrafach mar stiall leanúnach, agus rinne sé seo réabhlóid ar dhearadh ceamaraí. Tháinig ceamara bosca Kodak amach ar dtús, agus ina dhiaidh sin ceamaraí póca le boilg infhillte arbh fhéidir a chur sa bhosca miotalach nuair nach raibh siad in úsáid.
Chuir comhlacht Leica an chéad mhioncheamara amach le scannán pollta, 35 mm ar leithead, i 1925. Glacadh go forleathan leis an bhfoirm seo, le scannán pacáilte i gcaiséad, le haghaidh scannán le leithid eile.
Le himeacht ama tá feidhmiú an cheamara an-simplí, le córais uathoibríocha chun an fócasú is an nochtadh a rialú go cuí don scannán, splanc leictreonach, sioncrónaithe leis an nochtadh, tiomáint mótair chun an scannán a chur ar aghaidh, agus fiú próiseáil réalta taobh istigh den cheamara (Polaroid).
Ó timpeall 1990 tá ceamaraí leictreonacha tagtha chun cinn in ionad na gceamaraí traidisiúnta.[2]
Fischeamaraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá forbairtí móra déanta ar cheamaraí cineamatagrafaíochta freisin. Ag tosú le cineiteagraf Dickson ó chomhlacht Thomas Edison i 1891, bunaíodh an scannán 35 mm, pollta ar a fhad chun gurbh fhéidir é a ghluaiseacht ar aghaidh le cromán, oibrithe de láirnh ag an gceamaradóir féin. De réir a chéile tugadh isteach mótair leictreacha is oibriú cloig chun minicíocht íornháithe chaighdeánach de 16 íomhá in aghaidh an tsoicind a bhunú.
Nuair a tugadh isteach na fuaimscannáin i 1927 méadaíodh an mhinicíocht íomháithe go dtí 24 in aghaidh an tsoicind, agus bhí gá le córas cúramach fineálta chun an fhuaim a shioncrónú leis na híomhánna.
Níos déanaí fós tháinig an fischeamara chun cinn, chun an íomhá a dhéanamh ar scáileán feadáin gha-chatóidigh a scantar go leictreonach chun fischomhartha leictreonach a chruthú agus imeacht scun scan ó na próisis chasta cheimiceacha. Ar dtús, sna 1940-50idí, bhí na físcheamaraí an-rnhór an-trom. Le teacht na leathsheoltóirí laghdaigh na físcheamaraí de réir a chéile, agus athraíodh ó chóras dubh is geal (monacrómatach) go dtí córas daite.
Faoi na 1980idí bhíothas in ann ceamthaifeadáin dhaite iniompartha le téipchaiséad a tháirgeadh. Ag an am céanna rinneadh na próisis fócasaithe is rialaithe datha uathoibríoch. Tá an claonadh i treo fischeamaraí níos lú uathoibríche ag dul ar aghaidh fós.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026.
- 1 2 3 4 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.