Tonn sheasta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beochan de tonn sheasta ( dearg ) a cruthaíodh trí fhorshuímh tonn reatha ag taistil ar chlé ( gorm ) agus tonn eile ag taistil ar dheis ( glas )

San fhisic, tugtar tonn sheasta, ar a dtugtar tonn chónaitheach freisin, ar tonn a ascalaíonn in am ach nach mbogann próifíl a bhuaicaimplitiúid sa spás. Tá buaic-aimplitiúid ascalaithe na dtonn ag pointe ar bith sa spás seasmhach maidir le ham, agus tá na hascalaithe ag pointí éagsúla ar fud na toinne i gcomhphas. Tugtar nóid ar na suíomhanna ina bhfuil luach absalóideach na haimplitiúide ar íosmhéid, agus tugtar frithnóid ar na láithreacha ina bhfuil luach absalóideach na haimplitiúide ar a uasmhéid.