Aipindicíteas
Is riocht é an tAipindicíteas arb é is príomhthréith ann ná athlasadh na haipindice. Cóireáiltear mar éigeandáil mhíochaine é.
Bíonn sé riachtanach, sna cásanna go léir, an aipindic athlasta a bhaint amach, trí laparatóime nó laparascópacht nó ceachtar acu a dhéanamh. Neamhchóireáilte, bíonn an bhásmhaireacht ard, ach go háirithe de thoradh ar pheireatóiníteas nó chroitheadh.
B'é Reginald Fitz an chéad duine a rinne cuir síos ar an ghéaraipindicíteas agus ar an t-aipindicíteas ainsealach sa bhliain 1886, agus tá an t-aipindicíteas aitheanta mar cheann de cúiseanna is coitianta le haghaidh géarphéine troime an bhoilg, ar fud an domhain.
Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
De réir fianaise thurgnamhach, is de thoradh ar bhac príomhúil i lúman na haipindice a fhaightear géar-aipindicíteas. Dá thoradh sin, ionsaíonn ionfhabhtú an t-orgán agus éiríonn sé ata.
Méadaíonn an brú istigh sa lúman agus i mballaí na haipindice, agus bíonn trombóis agus oclúid na bhfuileadán beag agus marbhántacht an tsrutha limfeach de thoradh air.